CAINT AN tSRÁIDBHAILE
An bhfuil meon ‘an ghaimbín’ i réim go fóill sa Ghaeltacht?

Caithfear a admháil go bhfuil borradh níos láidre le feiceáil i ndul chun cinn na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht ná laistigh di na laethanta seo.

Tá líon na nGaelscoileanna agus líon na ndaltaí sna scoileanna sin ag méadú gach bliain; ar an taobh eile den scéal, áfach, bheadh sé deacair teacht ar bhunscoil Ghaeltachta arb í an Ghaeilge teanga chumarsáide fhormhór na bpáistí sa chlós imeartha.

Tá ionaid Ghaeilge ag fás i gcathracha ar fud na tíre, áiteanna a mbíonn an teanga á labhairt go sóisialta ag na céadta duine, ach tá sé ag éirí níos deacra í a chloisteáil á labhairt go poiblí sa Ghaeltacht - nuair a shiúlann tú isteach i dteach tábhairne, cuir i gcás.

Ní fios go cruinn cé mhéad duine atá ag labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht ar bhonn rialta, ach ní dócha go mbeadh sé míchruinn a mhaíomh go bhfuil níos lú ná 30,000 duine as an 80,000 de dhaonra an limistéir oifigiúil ag úsáid na teanga go laethúil.

Ní inniu ná inné a tosaíodh ar an chaint seo faoi mheath na teanga sna ceantair éagsúla ach an rud is tábhachtaí ná go bhfuil neart Gaeilge á labhairt sa Ghaeltacht, go fóill ar aon chuma, rud a chinnteoidh go gcoinneofar í ina pobal sainiúil ar feadh glúin nó dhó eile. Tá athrú meoin ag teastáil i gcás mhuintir na Gaeltachta féin, áfach.

Níl aon easpa acmhainní ag pobal Gaeltachta an lae inniu; tá an státchóras ag infheistiú go trom i seirbhísí éagsúla: leithéidí TG4, Raidió na Gaeltachta, Foinse, Lá, www.Beo.ie agus na coláistí samhraidh. Tá ciste £30m á chaitheamh go bliantúil ag an Údarás agus tá buiséad substaintiúil ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán (EOGO). Tá an Ghaeilge á teagasc sna bunscoileanna agus tá infrastruchtúr meánscolaíochta réasúnta maith ar fáil. Tá líon na gcúrsaí tríú leibhéal i nGaeilge ag méadú, go háirithe de bharr shaothar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Ach fós níl aon fhianaise ann go bhfuil an nós an Béarla a úsáid go minic seachas an Ghaeilge ag athrú.

Fiú tá comharthaí anois ag Údarás na Gaeltachta le cur in iúl do dhaoine go bhfuil siad sa Ghaeltacht. Is bocht an scéal é gur mhothaigh siad go raibh gá lena leithéid a dhéanamh. An raibh eagla orthu nach mbeadh a fhios ag daoine, cuairteoirí ná bunadh na háite, go raibh siad i nGaeltacht gan fógra a bheith á chur seo in iúl!?

Cuirtear suas fógraí agus comharthaí gnó i mBéarla go rialta sa Ghaeltacht; labhraítear Béarla le custaiméirí i siopaí agus i dtithe tábhairne; is iad na staisiúin Bhéarla raidió a bhíonn ar siúl sa chúlra agus is annamh a chloistear ceol traidisiúnta i dtithe tábhairne ná in áiteanna eile poiblí.

An bhfuil sé in am ag Údarás na Gaeltachta agus ag an Roinn EOGO laghdú a dhéanamh ar dheontais do chomhlachtaí agus fiontair nach ndéanann a ngnó i nGaeilge? Má tá comhlacht ag feidhmiú i mBéarla, nár cheart dó a chuid tacaíochta a éileamh ó Enterprise Ireland nó ó fhoinse eile? Ar cheart go mbeadh sé mar pholasaí ag Údarás na Gaeltachta agus ag an Roinn gan ach tacú le gnólachtaí atá i ndáiríre faoi fhostaíocht agus seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge?

feachtas láidir leathan de dhíth le taispeáint do mhuintir na Gaeltachta gur fiú dóibh an Ghaeilge a úsáid. Lena chois sin, is gá díospóireacht cheart a chothú faoi chuid de na ceisteanna atá luaite thuas - is cinnte nár tharla a leithéid go dtí seo.

Tá sé soiléir gur beag fonn a bheidh ar go leor daoine a n-iompar teanga a athrú muna bhfeiceann siad go bhfuil buntáiste ann dá gcuid pócaí. Bhí baint mhór ag cúrsaí airgid le meath na Gaeilge agus, faraor géar, ní féidir í a láidriú mar theanga phobail sa Ghaeltacht gan díriú ar cheist seo an airgid.

Beolitreacha@beo.ie

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.