AR NA SAOLTA SEO
An bhFéadfadh sé go mBeidh Éamonn Gilmore ina Thaoiseach?
Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe

Léirigh pobalbhreith, a foilsíodh le gairid san Irish Times, gur mó tacaíocht Pháirtí an Lucht Oibre i measc an phobail ná mar atá ag aon pháirtí eile faoi láthair. An bhféadfadh níos mó votaí a bheith ag Éamonn Gilmore sa chéad Dáil eile ná ag aon pháirtí eile? Tá Donncha Ó hÉallaithe ag déanamh nach mbeidh, ach go bhféadfadh sé tarlú fós go mbeadh Éamonn Gilmore ina Thaoiseach ar an gcéad Rialtas eile, mura bhfaighidh Fine Gael réidh le Enda Kenny idir an dá linn.

Íomhá
An Dr. James Mac Daid T.D.
le DevelopedMadness ar Vicipéid
Íomhá
An Seanadóir Phil Prendergast
le Páirtí an Lucht Oibre ar Flickr
Íomhá
Éamon Gilmore T.D
le Páirtí an Lucht Oibre ar Flickr
Íomhá
Séamus Ó Conghaile
le Vattkoppa, Vicipéid

Tá an 30ú Dáil i mbun oibre arís, tar éis sos fada an tsamhraidh. Tá an chuma ar an scéal go mairfidh an Dáil go dtí earrach na bliana seo chugainn. Tá 163 Teachta Dála ann faoi láthair agus tá trí shuíochán nach líonfar go dtí an t-earrach, ar a luaithe. Seo mar a sheasann an uimhríocht faoi láthair:

  • tá an Chomhrialtas cinnte de 79 vóta ag tógaint san áireamh an bheirt T.D. de chuid F.F. ó Shligeach-Liatroim, Jimmy Devins agus Éamonn Scanlon, nach dtagann faoi aoireacht Fhianna Fáìl ach a vótáileann leis an rialtas i gcónaí;

  • sa bhfreasúra tá 75 vóta idir FG (51), LO (20) agus SF (4);

  • ochtar neamhspléach ann, triúr acu a mbíodh sé de nós acu vótáil i gcónaí leis an rialtas de bharr socruithe speisialta a bhí déanta leo, ’siad san, Jackie Healy-Rae, Michael Lowry agus Noel Grealish ach tá Grealish, tar éis a thacaíocht a tharraingt siar de bharr na giorruithe atá déanta ag an HSE i réigiún an Iarthair;

  • tá triúr easantóirí eile de chuid Fhianna Fáil atá ag bagairt vótáil in aghaidh an rialtais, ’siad san, Mattie Mc Grath, Joe Behan agus James Mc Daid;

  • Tá beirt neamhspléach eile ar thaobh na heite chlé, Finian Mc Grath agus Maureen O Sullivan, nach mbeidh in ann tacú leis an gcéad Cháinaisnéis eile.

Ar an uimhríocht sin níl ach 81 vóta, a d’fhéadfadh an Rialtas a bheith cinnte fúthu, ach 82 vóta a theastaíonn ón Rialtas le fanacht i gcumhacht. Dá vótálfadh Mc Grath, Behan, Mc Daid agus Grealish in aghaidh an Rialtais ar vóta muiníne, nó ar vóta a bhainfeadh leis an gCáinaisnéis, chaithfí an Dáil a scor.

An Phobalbhreith

Nuair a reáchtálfar na fothoghcháin san earrach seo chugainn, beidh an scéal níos measa don Chomhrialtas. Gach seans go dtógfaidh Alex White (Lucht Oibre) an suíochán a bhí ag George Lee i mBaile Átha Cliath, tá seans maith ann go dtógfaidh Piaras Ó Dochartaigh (Sinn Féin) an suíochán a bhíodh ag Pat the Cope Ó Gallchóír M.E.P. agus níl a fhios agam céard a tharlóidh i bPort Láirge le suíochán Martin Cullen, ach is cinnte nach Fianna Fáil a gheobhfas é.

Creidim go n-éireoidh le rialtas Cowen an chéad Cháinaisnéis eile a chur tríd an Dáil ar dhá chúis: (i) ní bheidh na neamhspléaigh ag iarraidh dul sa seans le toghchán agus staonfaidh cuid acu ó vótáil ar chúiseanna tírghrá agus (ii) ní bheadh an freasúra ag iarraidh tíocht i gcumhacht agus Cáinaisnéis uafásach crua a bheith rompu ina céad rud ar an gclár.

Táim den bharúil go mbeidh olltoghchán ann in earrach na bliana seo chugainn. Ruaigfear Fianna Fáil as oifig. Beidh níos mó suíocháin Dála ag Fine Gael ná a bheas ag Fianna Fáil don chéad uair riamh agus d’fhéadfadh sé tarlú go mbeadh Fianna Fáil taobh thiar den Lucht Oibre, i bhfianaise na bpobalbhreitheanna a tógadh agus a foilsíodh le déanaí.

Deir an phobalbhreith Ipsos/MRBI a foilsíodh san Irish Times ar an 30 Meán Fómhair gur mar seo a thitfeadh na vótaí do na páirtithe éagsúla:

33% don Lucht Oibre,
24% do Fhianna Fáil,
Fine Gael ar 24%,
8% do Shinn Féin,
an Comhaontas Glas ar 2% agus
9% ag vótáil do Neamhspléaigh nó do pháirtithe eile.

Bíonn pobalbhreith Ipsos/MRBI measartha cruinn de ghnáth. Dá roinnfí na suíocháin sa Dáil do réir na gcéatadán sin, bheadh 54 shuíochán ag an Lucht Oibre, 41 ag Fianna Fáil, ag tógaint suíochán an Cheann Comhairimh san áireamh, 40 ag Fine Gael araon, 13 ag Sinn Féin agus 15 ag Neamhspleáigh nó páirtithe eile.

Chomhdhéanamh na chéad Dála eile

Ar ndóigh, ní mar sin a dhéantar na suíocháin a roinnt. Le meastúchán a dhéanamh ar chomhdhéanamh na chéad Dála eile, chaith mé súil ar na 43 Dáilcheantair. I gcás chuile Dháilcheantar, chomh maith le pobalbhreith an Irish Times, thógas san áireamh cúinsí áitiúla, chomh fada agus ab eol dom iad. Bheadh an Lucht Oibre ag súil le suíochán a fháil i dTiobrad Árann Theas, mar shampla, áit a mbeidh an Seanadóir Phil Prendergast ag iarraidh an suíochán traidisiúnta a bhíodh ag an Lucht Oibre a bhaint ar ais de Fhianna Fáil. Ach tá tacaíocht an-láidir ag an sóisialach Séamas Healy sa Dáilcheantar sin, mar a léiríodh sna toghcháin áitiúla a reáchtáladh anuraidh. Ar an gcaoi chéanna i gCiarraí Thuaidh, beidh an Lucht Oibre in iomaíocht le Martin Ferris ó Shinn Féin le suíochán Dick Spring a fháil ar ais. Seans go n-éiroidh leo, ach ní bheidh sé éasca. Is é an fhadhb a bheas ag an Lucht Oibre nach mbeidh siad in ann an vóta ard céad rogha in go leor Dáilcheantair chathrach a aistriú isteach sa tarna suíochán.

Tar éis breathnú ar na Dáilcheantair go léir, seo a leanas mo mheastúchán ar líon na suíochán ag bheas ag na páirtithe éagsúla:

Fianna Fáil 49;
Fine Gael 58;
Lucht Oibre 43;
Sinn Féin 9;
Comhaontas Glas 1;
Neamhspleáigh/Eile 6.

Creidim go gcoinneoidh Trevor Sargent a shuíochán don Chomhaontas Glas, má sheasann sé.

De réir na n-uimhreacha sin, cuirfear Rialtas le chéile go héasca idir Fine Gael agus an Lucht Oibre. Níl aon cheist faoi sin. Ach cé a bheas ina Thaoiseach ar an Rialtas céanna? Faoi láthair tá níos mó muinín ag an bpobal as Gilmore thar Kenny. Má sheasann a thacaíocht i measc an phobail, d’fhéadfadh sé tarlú go mbeadh níos mó vótaí ag páirtí Gilmore ná ag aon pháirtí eile, cé go mbeidís taobh thiar de Fhine Gael ó thaobh líon na suíochán Dála. D’fhéadfadh an Lucht Oibre an cás a dhéanamh ar an mbonn sin, gurb é Éamonn Gilmore rogha an phobail le bheith ina Thaoiseach, in áit Enda Kenny.

Sa bhliain 2012, nuair a dhéanfar bunú Pháirtí an Lucht Oibre sa bhliain 1912 a chomóradh, nach mbeadh sé tráthúil comharba ar James Connolly a bheith ina Thaoiseach ar an stát! B’fhéidir nach bhfuil ar bun agam ach taibhreamh. Neosfaidh an aimsir. Ar ndóigh, idir an dá linn, dá bhféadfadh Fine Gael fáil réidh le Kenny, d’athródh sin an scéal.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.