Cérbh í an bhean a raibh a pictiúr ar shlabhra faoi mhuinéal an Choileánaigh 22 Lúnasa 1922? Bhí Ciara Nic Gabhann ag amharc ar shaothar a fhir, Sir John Lavery.
Ag siúl thart ar Dhánlann Náisiúnta na hÉireann, tá sé deacair gan a bheith meallta ag pictiúr áirithe amháin a léiríonn bean uasal ina suí i stúideó scáthach ard in éineacht le hógbhean agus páiste. Tá cuma aonarach scartha orthu agus, ainneoin go bhfuil blas den bhoithéimeachas ag baint leis an radharc, amharcann an triúr acu rud beag dúdóite. Lasann splanc solais aghaidh na mná agus tarraingíonn sé ár n-aird ar a craiceann síodúil lonrach. Déanann a cuid éadaí galánta coimhthíoch codarsnacht le héadaí bána uirísle na beirte eile agus tarraingíonn sé ár n-aird arís ar shaibhreas an éadaigh.
Is pictiúr é seo a rinne an t-ealaíontóir Éireannach John Lavery don dara bean chéile a bhí aige, Hazel Lavery agus clann s’acu. Tá Hazel agus Alice, iníon óg s’aici féin, le feiceáil ina suí ar tholg agus Eileen, iníon Lavery, ina seasamh crom ar phianó in aice leo. Sa chúlra feictear a ngiolla Maracach Aida agus mias torthaí ina lámha aici chomh maith le treiteall an tí, Rodney Stone, cú atá ina shuí ag cosa a mháistreása. Tá macallaí sa phictiúr seo de na mórphictiúir Stúideó an Ealaíontóra le Gustav Courbet (1855) agus Las Meninas (1656) le Velázquez maidir le láimhseáil solais agus mionsonraí agus is cinnte go raibh i gceist ag Lavery ómós a thabhairt do na máistirí seo nuair a bhí a phictiúr féin á dhéanamh aige.
Ba mhór an tóir a bhí ar shaothar John Lavery, arbh as Béal Feirste ó dhúchas dó (1856), nuair a rinne sé an pictiúr seo agus i measc a chuid cliant bhí rítheaghlach na Breataine, polaiteoirí móra agus na huaisle. Bhí áilleacht a mhná chéile ina fhoinse mhór tinfidh aige i rith a shaoil agus rinne sé breis is ceithre chéad pictiúr dí, rud a spreag lucht magaidh le rá gur geall le feathal tráchtála ag Lavery aon teideal a thosaigh le ‘Hazel…..’.
Iníon Tionsclaí as Siceagó
Cérbh í Hazel Lavery, a chuir a fear chéile chomh mór sin faoi dhraíocht gur pheinteáil sé gan stad í agus gur úsáid a híomhá mar phearsantú ar Éirinn le cur ar bhancnótaí an tSaorstáit nua a tháinig mar thoradh ar an Chonradh Angla-Éireannach i 1922? Rugadh Hazel Martyn i Siceagó í 1880 agus b’iníon leis an tionsclaí saibhir de bhunadh Angla-Éireannach Edward Jenner Martyn í. Ba den uasalaicme í agus, de réir dealraimh, ba í ‘an cailín ab áille sa Mheán-Iarthar í’. Phós sí dochtúir darb ainm Edward Livingston Trudeau Jr., a fuair bás ceithre mhí i ndiaidh dóibh pósadh agus thosaigh a caidreamh le Lavery go luath ina dhiaidh sin.
Bhí an bheirt acu báúil le gluaiseacht Rialtas Dúchais na hÉireann agus phéinteáil Lavery go leor de na daoine a bhí lárnach sa ghluaiseacht sin ar nós Éamon de Valera agus Mhícheal Uí Choileáin ar thug siad a dteach maorga i South Kensington ar iasacht dó agus dá chomhghleacaithe, nuair a bhí an Conradh Angla-Eireannach á phlé i 1921. Bhí ráflaí ann, a mhaireann go dtí an lá inniu, go raibh scéal idir í féin agus Mícheál Ó Coileáin agus cé gur shéan seisean i gcónaí go raibh rud ar bith eatarthu, fuarthas pictiúr beag di ar shlabhra thart faoina mhuineál ar an lá a maraíodh é i 22 Lunasa 1922.
Fuair John Lavery a chuid oiliúna mar ealaíontóir i nGlascú, Londain, Páras agus sa choilíneacht ealaíontóirí i Grez-sur Loing sa Fhrainc. Rinneadh ridire de i 1914 agus ceapadh mar ealaíontóir oifigiúil an Chogaidh Mhóir i 1917 é. Cé gur fhág Lavery saothar mór suntasach ina dhiaidh, is é an saothar sin a d’eascair as an ghrá a bhí aige dá bhean Hazel is mó a bhuanaíonn a chlú.