CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
An bhagairt ar phríobháideacht
Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna

Tá daoine sásta eolas príobháideach a roinnt ar líne leis an saol mór na laethanta seo ach d’fhéadfadh míbhuntáistí a bheith ag baint leis seo, dar le Diarmaid Mac Mathúna.

Íomhá
Íomhá
Íomhá

Baineadh geit as go leor daoine le déanaí nuair a d’fhógair Google go raibh siad chun níos mó béime a chur ar sheirbhísí soghluaiste. Go tobann, tá an fhís atá ag Google soiléir: ba mhaith leis an gcomhlacht a bheith lárnach i do shaol agus gach eolas a bheith acu mar gheall ort.

Cén fáth? Chun airgead a dhéanamh, ar ndóigh. Agus conas a dhéanfaidh siad airgead? Trí fhógraí a dhíol ag geallúint d’fhógróirí go mbeidh spéis agat iontu.

Ach tá roinnt daoine buartha faoi chúrsaí príobháideachta toisc go mbeidh an méid sin eolais ag Google mar gheall orthu. Ní hamháin go mbeidh eolas á choimeád ag Google mar gheall ar na rudaí a bhíonn á gcuardach agat ar an idirlíon (faoi mar a dhéanann siad cheana féin) ach beidh a fhios acu go díreach cén áit a bhfuil tú freisin nuair atá do ghuthán leat. Tá a fhios ag 25 milliún duine i Sasana nach féidir a bheith céad faoin gcéad cinnte go mbeidh aon eagraíocht cúramach lena gcuid sonraí pearsanta.

Deir Google go gcabhróidh an t-eolas seo ar fad leo seirbhís níos fearr a sholáthar duit, agus dar le taighde ón bhFionlainn a foilsíodh le déanaí (“Web on the move: Landscapes of Mobile Social Media” le Santtu Toivonen) b’fhéidir go bhfuil an ceart acu. Tá margadh ann, dar leis an taighde seo, do leaganacha soghluaiste de sheirbhísí ar nós MySpace, Facebook, Bebo agus YouTube – is é sin an chéad chéim eile atá ann do na gréasáin shóisialta seo ná go “scaoilfear” iad ó ríomhairí agus go n-éireoidh siad níos sóisialta.

Seans go mbeidh killer applications soghluaiste nua á fhoilsiú go luath freisin. Mar shampla, cad faoi sheirbhís a ligfeadh duit comhairle a fháil ón “gcomhluadar” ar líne ar bhialann dheas a bheadh in aice leis an suíomh ina bhfuil tú i do sheasamh? Ar ndóigh ba mhaith le Google seans a bheith acu bialann a fhógairt leat ag an am céanna. Tá seirbhísí den scoth ar fáil a chabhraíonn le daoine teacht ar óstán bunaithe ar chomhairle ó dhaoine a d’fhan iontu (Venere.com agus TripAdvisor, mar shampla), agus dá bhféadfaí an rud céanna a dhéanamh go soghluaiste i gcás bialann bheadh sé sin an-úsáideach.

seirbhísí teoranta ar fáil cheana féin a dhéanann é seo ach d’fheabhsóidís go mór dá mbeadh nasc tapa idirlín ar fáil. Is crá croí é guthán soghluaiste a úsáid chun brabhsáil ar an idirlíon faoi láthair toisc go bhfuil an tseirbhís iontach mall agus na scáileáin an-bheag – ach tá sé sin ar fad chun athrú leis an chéad ghlúin eile de ghléasanna.

Tá éirithe le Google roinnt den aird a ghoid ó iPhone Apple freisin toisc go bhfuil siad tar éis an bhéim a bhogadh ón ngléas fóin féin go dtí na bogearraí atá air. Ba mhaith leo go mbeadh i bhfad níos mó saoirse ag daoine dul ag brabhsáil ar an idirlíon le gléasanna soghluaiste tapa agus tá siad ag iarraidh teacht timpeall ar na constaicí atá cruthaithe ag leithéidí Vodafone agus O2. Tá siad ag oibriú ar chóras oibriúcháin nua oscailte le 30 comhlacht eile. Android a thugtar ar an gcóras nua seo agus beidh sé taobh thiar de na bogearraí ar fad ar raon ghuthán soghluaiste a bheidh ar an margadh ó lár 2008 – agus tá sé i gceist ag Google brabhsálaí idirlín an-tapa a fhoilsiú mar chuid den phacáiste.

Conspóid nuaBhí an chonspóid seo ar fad ag Google roimhe seo nuair a thosaigh siad an tseirbhís ríomhphoist Gmail le fógraíocht mar chuid defógraíocht a bhí bunaithe ar na heochairfhocail a bhí sna teachtaireachtaí ríomhphoist féin. Agus tá conspóid nua díreach tosaithe toisc go bhfuil an comhlacht anois ag rá go mbeidh siad ag cur seirbhís ar fáil chun gur féidir le daoine gach sórt comhad leictreonach a stóráil ar ríomhairí Google – idir theachtaireachtaí ríomhphoist, dhoiciméid Word agus Excel agus fiú amháin grianghraif agus físeáin. Na buntáistí atá ann dúinne ná go mbeidh muid in ann teacht ar gach rud (leictreonach) a bhaineann linn ó aon ríomhaire a bheidh ar an idirlíon. Agus, ar ndóigh, ba bhreá le Google fógra nó dhó a thaispeáint dúinn agus muid ag obair linn.

Tá an tAontas Eorpach ag cur spéise sna cúrsaí seo freisin – agus i rith an tsamhraidh chur siad brú ar Google teorainn a chur leis an méid ama a choimeádann siad eolas pearsanta mar gheall ar dhaoine (laghdaithe go 18 mí).

Ach b’fhéidir go bhfuil muid sásta eolas a bhí príobháideach roimhe seo a fhoilsiú go poiblí na laethanta seo? Tá a lán rudaí pearsanta á roinnt ag daoine ar ghréasáin shóisialta ar nós MySpace agus tá siad sásta é a dhéanamh toisc go bhfuil buntáistí ann dóibh. Ach tá míbhuntáistí ann freisin agus tá ráflaí ann go mbíonn fostóirí ag breathnú ar na suíomhanna sin nuair a fhaigheann siad CV chun féachaint go díreach cé chomh bríomhar is atá saol sóisialta daoine atá ag lorg poist.

Tá Éire lárnach sna cúrsaí seo ar fad – agus ní hamháin toisc go bhfuil Google lonnaithe anseo. Dar leis an gcomhlacht Zamano (a bunaíodh i mBaile Átha Cliath) is é cosaint sonraí an chéad dúshlán eile do chúrsaí gnó soghluaiste. Agus tá taighde an-suimiúil á dhéanamh sa tír seo a bhaineann leis an chuid den speictream craolacháin (“broadcast spectrum”) atá Google ag iarraidh a cheannach sna Stáit Aontaithe. Faoi mar a luadh ag comhdháil de chuid Fondúireacht Eolaíochta Éireann (FEÉ) a bhí ar siúl le déanaí, is cuid den speictream é seo a chabhródh le leithéidí Google comhlachtaí fóin a sheachaint go hiomlán agus iad ag dul sa tóir ar an margadh soghluaiste, agus tá comhlachtaí Meiriceánacha ag teacht anseo chun an teicneolaíocht nua a thriail.

Ach cén teorainn a bheidh leis an méid sonraí is féidir le heagraíochtaí a bhailiú? Bhí teicneolaíocht nua ó ghrúpa Dermot Diamond in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath á plé ag comhdháil FEÉ freisin – teicneolaíocht iontach úsáideach agus suimiúil a chabhróidh leat do chuid sláinte a mheas go huathoibríoch. Is teicneolaíocht iontach é seo ach dá dtarlódh sé go raibh comhlachtaí árachais sláinte ag iarraidh ort na sonraí sin ar fad a roinnt leo, an mbeifeá sásta é sin a dhéanamh? Tá ceisteanna suimiúla eitice ag teacht chun cinn de bharr na dteicneolaíochtaí nua seo ar fad agus is cinnte nach Google an t-aon dream a bheidh ag baint geite as daoine amach anseo.

Tá GaelSpell 2007, leagan nua den litreoir cáiliúil a oibríonn le Microsoft Office 2007, díreach foilsithe ag Diarmaid Mac Mathúna ag *www.cruinneog.com, i bpáirt le Kevin Scanell. Tá Diarmaid i gceannas ar chúrsaí léiriúcháin sa chomhlacht teilifíse Agtel (www.agtel.ie).*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.