AR NA SAOLTA SEO
An ann don Phlean Náisiúnta Éigeandála?
Uinsionn Mac Dubhghaill Uinsionn Mac Dubhghaill Uinsionn Mac Dubhghaill

Cén plean atá ag an rialtas chun dul i ngleic le tubaiste mhór núicléach? Fiosraíonn Uinsionn Mac Dubhghaill an scéal.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Agóid i Londain i gcoinne BNFL

Maidin Dé Luain, 8.00 r.n. Éiríonn eitleán 747 den talamh ag Aerfort Mhanchain ar a bhealach go Nua-Eabhrac. Nóiméad ina dhiaidh sin fuadaíonn buíon bheag sceimhlitheoirí an t-eitleán agus dhá nóiméad níos deireanaí tiomáintear an 747 - atá lán de bhreosla don turas tras-Atlantach - isteach i dtanca mór plútóiniam ag Sellafield. Pléascann tine an uafáis amach agus líontar an spéir le scamall nimhe.

8.15 r.n. Fógraíonn British Nuclear Fuels Limited gur tharla “eachtra áirithe” i Sellafield ach go bhfuil na fórsaí slándála agus lucht múchta tine i mbun oibre cheana féin. “Níl aon chúis imní ann,” a deir urlabhraí.

8.30 r.n. Tá tú sáinnithe sa trácht ar an M50, ar do bhealach chun na hoibre, ag brionglóideach ar an saol socair faoin tuath a d’fhág tú i do dhiaidh nuair a bhog tú go Baile Átha Cliath. Tugann tú faoi deara go bhfuil rud éigin aisteach ag tarlú ar Morning Ireland. Cuireann tú cluas le héisteacht ort féin. Ná habair go bhfuil Áine Lawlor ag caoineadh?

8.45 r.n. Tá tú sáinnithe sa trácht i gcónaí, ach anois tá tú ag iarraidh an carr a chasadh agus malairt treo a thabhairt ort féin. Tá an smaoineamh céanna ag chuile dhuine eile ar an mbóthar, áfach, agus tá carranna ag bualadh in aghaidh a chéile agus tiománaithe feargacha ag béicíl ar a chéile. Ar an taobh eile den bhóthar tá otharcharr sáinnithe sa tranglam tráchta, a chuid soilse ag casadh go mí-éifeachtach. Níl duine ar bith ag tabhairt aon aird air.

Fantasaíocht? Cinnte dearfa, agus tá súil le Dia agam gur fantasaíocht a bheas ann go brách. Ach caithfear an cheist a chur na laethanta duairce faiteacha seo: céard a tharlódh in Éirinn dá dtarlódh tubaiste mhór ag Sellafield?

Ceist í seo a chuir an tArd-Aighne, Ruairí Ó Brádaigh, nuair a sheas sé suas sa gcúirt idirnáisiúnta sa Háig an mhí seo caite. Tá an dlí á cur ag Éirinn ar an mBreatain faoi Choinbhinsiún OSPAR toisc nach bhfuil rialtas na Breataine sásta dhá thuarascáil speisialta faoin monarcha MOX ag Sellafield a nochtadh ina n-iomláine dúinn. Baineann tuarascáil amháin leis an tionchar a bheas ag MOX ar an timpeallacht, agus sa dara ceann déantar costas iomlán an fhiontair a scagadh go mion. Deir Rialtas na Breataine nach féidir na tuarascálacha seo a fhoilsiú ina n-iomláine toisc go mbaineann siad le “rúndacht tráchtála”. I bhfocail eile, deir siad go ndéanfar dochar don ghnó próiseála a bhíonn ar siúl ag MOX má fhoilsítear iad.

De réir OSPAR caithfidh tír amháin a chomharsana a chur ar an eolas faoin mbaol truaillithe atá ann, nuair a chuirtear mórionad tionsclaíoch ar nós MOX i mbun feidhme. Síleann Rialtas na hÉireann go bhfuil cás láidir acu chun radharc a fháil ar an gcéad tuarascáil, ar an ábhar go gcuireann MOX leis an dramhaíl núicléach a sceitheann Sellafield isteach i Muir Éireann. Ach is ar an dara tuarascáil - an ceann eacnamaíoch - is mó a bhfuil aird na ndlíodóirí dírithe.

Tairbhe chinnte eacnamúil

Faoi dhlíthe idirnáisiúnta a bhaineann le cúrsaí núicléacha níl cead ag tír ar bith stáisiún núicléach a chur i mbun oibre más féidir a léiriú nach dtiocfaidh aon tairbhe chinnte eacnamúil as. Seo an áit ar féidir MOX a chriogadh. Sa tuarascáil eacnamúil a thug an “solas glas” don mhonarcha nua bhí rud beag amháin fágtha ar lár: an costas tógála. Cé mhéid a bhí i gceist? Breis is £300 milliún punt Sasanach.

Síleann Rialtas na hÉireann gur féidir a léiriú nach brabach ach caillteanas airgid atá i gceist ag MOX do chiste stáit na Breataine, nuair a chuirtear na costais iomlána san áireamh. Más féidir leo é sin a chruthú sa gcúirt ní bheidh an dara rogha ag Rialtas na Breataine ach an mhonarcha seo a dhúnadh. Céim mhór chun cinn a bheadh ann, gan aon amhras. Ach ní leor é chun an baol ó Sellafield a mhaolú: tá monarchana eile ar an láthair chéanna atá chuile phioc chomh contúirteach léi, nó níos measa.

Fillfidh mé ar an gceist a chuir mé níos luaithe, mar sin: cé chomh réitithe is atá an tír seo chun dul i ngleic le tubaiste mhór núicléach ag Sellafield? Chuir Joe Jacobs scanradh ar a lán nuair a labhair sé ar chlár Mharion Finucane anuraidh faoin bPlean Náisiúnta Éigeandála. Cén plean? a d’fhiafraigh Marion go soineanta. Ní raibh sé in ann an cheist a fhreagairt, agus rinne an polaiteoir ceap magaidh dó féin.

Bliain i ndiaidh an chláir cháiliúil sin, céard atá athraithe? Bhuel, chuir an Rialtas taibléidí íodaíne chuig chuile theaghlach sa stát. Foilsíodh bileog eolais nach dtugann aon eolas cruinn cinnte ach amháin comhairle ghinearálta: fan istigh agus éist leis an raidió. Déanadh an Plean Náisiúnta Éigeandála a thástáil ar an 10 Samhain 2001 nuair a tugadh le fios gur tharla timpiste bhréagach ag Wylfa, an stáisiún núicléach is gaire do chósta thoir na hÉireann. (Ceap magaidh a bhí sa gcleachtadh seo chomh maith; chuir Joe Jacob a chos ann arís agus é ag caint le hiriseoirí ar an lá. Ní raibh sé sásta a rá cén chomhairle a chuirfeadh sé ar an bpobal, cé gur eagraíodh an lá díreach ar mhaithe le muinín an phobail a thógáil arís.)

Tá comharthaí sóirt ann a chuireann imní mhór orm, áfach. Orthu sin tá na pointí seo leanas:

Tá suas le *hocht *roinn stáit freagrach as an bpleanáil chun dul i ngleic le héigeandáil núicléach. Is ionann sin is a rá, sula dtosaíonn tú ar chor ar bith, go mbeidh mí-éifeacht, moilleadóireacht agus easpa cinnireachta go mór i gceist má thagann lá an uafáis. Níl aon mhascaí gáis ar fáil d’fhórsaí na Cosainte Sibhialta. Tá roinnt ag an Arm, ach coinnítear ar leataobh iad le haghaidh na dturasanna thar lear. Níl an seomra cruinnithe atá ag an bhForas Éireannach um Chosaint Raidghníomhaíochta (RPII) sách mór ná sách cóirithe le feidhmiú mar lárionad feidhme don Phlean Náisiúnta Éigeandála - ach sin an áit atá roghnaithe sa bplean mar lárionad. Níl aon “ghuthán dearg” ann chun an Taoiseach a choinneáil ar an eolas, fiú. Níl an Plean Náisiúnta Éigeandála in ann déileáil le hionsaí sceimhlitheoireachta gan choinne ar an tír seo. Is é sin le rá, má phléasctar buama núicléach áit ar bith sa tír, níl aon phlean againn chun déileáil leis sin. Gheall an Rialtas anuraidh go bhfoilseofaí leagan nua den Phlean Náisiúnta Éigeandála faoi dheireadh na bliana sin. Níor foilsíodh fós é.

Is é fírinne an scéil, ar ndóigh, ná gur beag is féidir linne a dhéanamh má tharlaíonn tubaiste mhór ag Sellafield. Breathnaigh ar bhóithre Bhaile Átha Cliath agus samhlaigh milliún duine ar a dteitheadh siar ag an am céanna agus tuigfidh tú céard tá i gceist agam. Tá a fhios ag an Rialtas é sin, ach ní mian leis é a admháil.

Sa gcomhthéacs sin, beidh súil againn uilig go n-éireoidh le Ruairí Ó Brádaigh agus a fhoireann sa Háig. Beidh a fhios againn sa bhliain úr cén toradh a bheas ar an gcás.

*Is as Baile Átha Cliath é Uinsionn Mac Dubhghaill ach tá sé ina chónaí i gConamara anois agus ag obair mar shaoririseoir. Chaith sé seal ag obair mar eagarthóir Gaeilge an *Irish Times.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.