AR NA SAOLTA SEO
An andúil fuinnimh: réiteach na Sualainne
Pádraig Mac Éamoinn Pádraig Mac Éamoinn

Tá Pádraig Mac Éamoinn den tuairim go bhfuil go leor le foghlaim ag Éirinn agus ag tíortha eile ón tSualainn maidir leis an fhuinneamh in-athnuaite.

Íomhá
An tUachtarán George Bush
Íomhá
Muilte gaoithe sa tSualainn
Íomhá
Gluaisteán hibrideach

“Tá an tír seo an-tugtha don ola.” Cé a duirt é sin i mí Eanáir? Trevor Sargent? Bertie Ahern? Tony Blair? Mar a tharla, ba é tionónta an Tí Bháin, an tUasal George Bush, a dúirt é. Agus cé go bhfuil baint níos mó ag an dearbhú seo le fadhbanna atá aige maidir lena pholasaithe eile ná le tiontú ar an bhóthar go Damascus, is cúis dheas iontais é a leithéid d’fhocail a chloisteáil ón fhoinse seo.

Ar an drochuair, áfach, níl mórán taobh thiar de. Shocraigh an tUachtarán sprioc a leagan síos: caitheamh ola ón Mheánoirthear a ísliú 75% sna Stáit Aontaithe roimh an bhliain 2025. Tá cuma mhaith air sin, ach toisc nach bhfaigheann Meiriceá ach 20% dá chuid ola on cheantar sin, níl ach ísliú iomlán de 15% i gceist. Agus lá amháin tar éis óráid an Uachtaráin faoin chuspóir seo, bhí a Rúnaí Fuinnimh féin ag rá, “Ní sin an rud a bhí i gceist aige go liteartha.” De réir dealraimh, in áit níos mó airgid a chaitheamh ar thaighde faoin fhuinneamh malartach, tá an rialtas ag gearradh siar ar an chaiteachas sin. Nuair a fógraíodh, tar éis na hóráide seo, go raibh an tUasal Bush chun cuairt a thabhairt ar shaotharlann taighde i gColorado, “d’aimsigh” an Roinn Fuinnimh go leor airgid go tapa chun 32 taighdeoir a athfhostú ann, daoine a briseadh as a bpostanna cúpla seachtain roimhe sin de cheal airgid sa bhuiséad.

Ach cad é mar a bheadh an scéal dá mbeadh Rialtas na Stát Aontaithe – nó na Breataine nó na hÉireann – ag iarraidh i ndáiríre an spleáchas ar ola a ísliú, in ionad dea-chuma a chur ar an scéal? Mar a tharlaíonn sé, tá eiseamláir mhaith in aice láimhe. D’fhógair Rialtas na Sualainne roinnt míonna ó shin go raibh sé mar chuspóir aige deireadh a chur le spleáchas na tíre ar an ola roimh an bhliain 2020. Brionglóid gan chiall, nó polasaí fadradharcach?

Ba mhaith leis an rialtas go nglacfadh fuinneamh malartach áit an bhreosla iontaise sula dtarlaíonn géarchéim éigin: athrú aeráide a scriosfadh an geilleagar, nó ganntanas ola ag dul in olcas (agus praghas na hola gainne céanna ag méadú). Agus tá dóchas acu gur féidir leo é seo a dhéanamh gan stáisiúin nua chumhachta núicléacha a thógáil. Tá sárchoiste d’ollúna, ionadaithe an lucht gnó, feirmeoirí agus mar sin de chun an t-athrú seo a phleanáil.

Buntáistí

Is fíor go bhfuil cúpla buntáiste ag an tSualainn. Sa bhliain 2003, ar an meán, ní bhfuarthas ach 6% d’fhuinneamh an Aontais Eorpaigh ó fhoinsí malartacha (an ghaoth, na tonnta, an hidrileictreachas, agus mar sin de), i gcomparáid le 26% sa tSualainn ag an am céanna. (Tá sé mar chuspóir ag an Aontas an céatadán a ardú go 12% faoin bhliain 2010.)

Sa tSualainn, sa bhliain 1970, tháinig 77% den fhuinneamh ón ola; in 2003, níor tháinig ach 32% uaithi. Sa lá atá inniu ann, is i gcúrsaí iompair a chaitear formhór na hola sa tSualainn. Chun na tithe a choimeád te (agus caitear cuid mhór fuinnimh ar a leithéid), úsáidtear scéimeanna láraithe chun tithe a sholáthar, trí phíopaí, le huisce te nó gal a dhéantar i lárionad áitiúil (rud a bhíonn níos éifeachtaí ná cúpla míle gaileadán tí) agus a úsáideann de ghnáth foinse in-athnuaite fuinnimh). Is fíor go bhfuil acmhainn mhór fuinnimh in-athnuaite ag an tSualainn: aibhneacha don hidrileictreachas, agus limistéar mór (agus cósta fada) inar féidir muilinn ghaoithe a chur, nó teacht i dtír ar fhuinneamh na dtonnta. Ach i gcúrsaí gaoithe agus tonnta, is dócha go bhfuil Éire, leis an Aigéan Atlantach gaofar agus suaite, mórán níos fearr as, ó thaobh acmhainní de, ná an tSualainn.

Bhuel, cad atá ar siúl sa tSualainn a d’fhéadfadh muidne a dhéanamh anseo?

Rud fíorthábhachtach ar dtús: tuigeann na Sualannaigh go mbeidh buntáiste mór iomaíoch acu, agus ag a gcomhlachtaí, sa bhliain 2020 agus an breosla mórán níos daoire, má éiríonn siad níos saoire ón ola anois. Mar sin, in ionad bheith i gcoinne an athraithe mar gheall ar éifeacht éigin diúltach ar an saol gnó (mar dhea), tá siad ag cur fáilte roimhe de bharr go gcuideoidh sé lena n-iomaíocht as seo amach.

Tá an rialtas ansin ag tabhairt tacaíocht airgeadais chun soláthar leictreachais ó fhoinsí in-athnuaite a spreagadh. Is tacaíocht fhadtéarmach í, chun go mbeidh an lucht gnó sásta a gcuid airgid féin a chur isteach freisin. Anseo in Éirinn, bhí an deimhneacht chéanna ar lár le fada, ach – agus is céim mhaith í seo – d’fhoilsigh Noel Dempsey, an tAire atá freagrach as – i measc go leor rudaí eile – acmhainní nádúrtha, scéim nua fhadtéarmach anseo chun tacaíocht a thabhairt don fhuinneamh in-athnuaite, na muilinn ghaoithe go príomha, ach an hidrileictreachas agus an fuinneamh ó dhramhaíl freisin.

(Dála an scéil, tá aire i Rialtas na Sualainne nach bhfuil aon fhreagracht uirthi ach amháin an Fhorbairt Inbhuanaithe An-smaoineamh, nach ea?)

Eatánól sa pheitreal

Tá Rialtas na Sualainne ag spreagadh taighde faoin iompar (go háirithe na gluaisteáin) a dhéanfadh níos lú damáiste don chomhshaol. Tá sé ag iarraidh níos mó eatánóil (ó phlandaí) a chur sa pheitreal, rud a d’ísleodh láithreach caitheamh na hola. Agus tá sé ag spreagadh na ndaoine le gluaisteáin níos tíosaí a cheannach, mar shampla trí ghluaisteáin hibrideacha a shaoradh ó cháin agus ó tháillí plódaithe tráchta. Samhlaímis: dá mbeadh cead ag gluaisteáin hibrideacha gan dola a íoc ar na droichid agus ar na mótarbhealaí, nach spreagfadh sin breis éilimh orthu?

Dála an scéil, ní í an tSualainn an t-aon tír amháin atá ag leagan síos cuspóirí fuinnimh ardaidhmeannacha. Roimh an bhliain 2050, tá i gceist ag an Íoslainn a cuid feithiclí agus long go léir a thiomáint le hidrigin déanta le fuinneamh geoiteirmeach agus tá plean ag an Bhrasaíl eatánól ón chána siúcra a úsáid in áit an pheitril.

Agus cad atá ar siúl anseo in Éirinn?

Bhuel, is cuma le roinnt mhaith d’ár n-ionadaithe polaitíochta faoin scéal. Dar leo (agus léiríonn a gcinntí gearr-radharcacha, go háirithe i gcúrsaí pleanála, é seo), beidh tréan fuinnimh shaoir againn go deo. Ach tá cúpla comhartha dóchais ann. Luaigh mé cheana féin an scéim nua tacaíochta don fhuinneamh in-athnuaite. Agus, i mí na Nollag, chur Comhairle Contae Fhine Gall rialacha nua tógála i bhfeidhm. Anois, i roinnt ceantar i mBaile Átha Cliath Thuaidh (mar sampla Baile Brigín, Baile Munna Thuaidh agus Ceapach), má tá tú ag tógáil teach nua ní foláir don fhoirgneamh fuinneamh a úsáid go fíorspárálach, agus ní foláir do 30% den fhuinneamh, ar a laghad, teacht ó fhoinsí in-athnuaite. Ba iad comhairleoirí an Chomhaontais Ghlais a mhol an scéim seo; ar dtús, bhí roinnt amhrais ar dhaoine faoin smaoineamh, ach tá an caighdeán nua seo glactha ag forbróir maoine amháin cheana féin, rud a chruthaíonn go bhfuil sé réasúnta.

An bhfuiltear ag dul sa treo ceart leis na céimeanna seo? Tá, go deimhin. An leor iad, nó an luath go leor iad? Is cinnte nach leor agus nach luath. Ach bí san airdeall sna míonna atá romhainn: beidh cúrsaí fuinnimh agus an fhorbairt inbhuanaithe ag éirí níos tábhachtaí i measc an phobail – anseo in Éirinn (agus olltoghchán ag druidim linn), san Eoraip go léir, agus fiú amháin i gcás an andúiligh fuinnimh is mó ar domhan, na Stáit Aontaithe.

Oibríonn Pádraig Mac Éamoinn in earnáil na heitlíochta. Tá sé ar ais ina chónaí i mBaile Átha Cliath anois tar éis tréimhsí fada a chaitheamh ag obair sa Fhrainc agus i Sasana.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.