Amhráin na Séad – Jewels and Pathways an t-ainm atá ar dhlúthdhiosca nua atá díreach eisithe ag an amhránaí dúchasach Pádraig Ó Cearbhaill, le cabhair ó An Béal Binn. Labhair Antaine Ó Faracháin leis faoin mbailiúchán séad seo atá curtha le chéile aige.
Antaine Ó Faracháin: A Phádraig, tá 20 amhrán ar fad ar an diosca seo. Inis dom i dtosach cén chaoi ar roghnaigh tú na hamhráin le cur air?
Pádraig Ó Cearbhaill:Is iad seo na hamhráin is ansa liom, is mó a thugann sásamh dom a rá, a chanadh. Feabhas na filíochta agus na cainte atá iontu, scóp agus íogaireacht na samhailteacha, na braistintí a bhaineann leo, sin é a chorraíonn mé.
AÓF: Tá réimse leathan amhrán ann freisin, cúpla amhrán Béarla ina measc. Cé uaidh a fuair tú na hamhráin seo ar fad?
PÓC: Ó m’athair ar dtús báire. Gura maith an mhaise dó thall é! Eisean a mhúin “Gleanntán Airglinn Aoibhinn” dom, cuir i gcás. Thug Nioclás Tóibín an croí mór amhrán dom. Chuaigh amhránaíocht Labhráis Uí Chadhla go háirithe i bhfeidhm orm. Ar thaifid éagsúla de a d’airigh mé “Pilib Séimh Ó Fathaigh”, cuir i gcás. Séamas Mac Craith ón Rinn a thug “Idir Deighric is Breo dom”. Taobh amuigh de na hamhráin Dhéiseacha, amhrán as Uíbh Ráthach is ea “Do bhéarfainn comhairle d’fhearaibh óga”. Nóirín Ní Riain is túisce a chuala mé ag cur gutha le “Cré Bhaile Mhac Óda”. Tá dhá amhrán Bhéarla taifeadta anseo chomh maith agus baineann siad ar aon le Contae Luimnigh. Luimníoch darb ainm Martin Burke a chum “Plassy’s Pleasant Shore”. Amhrán ó mo cheantar dúchais in iarthar Luimnigh is ea “West Limerick Hills”. Ba é Con Graney a d’airigh mé á rá den chéad uair agus Donie Lyons óm dhúthaigh féineach a thug na focail dom.
AÓF: Fuair tú tacaíocht mhór ón ngrúpa pobail An Béal Binn leis an diosca seo a chur amach. Inis dom beagán faoi sin.
PÓC: I mBré atá An Béal Binn lonnaithe. Reáchtálann Nuala Nic Con Iomaire club amhránaíochta sa Chlub Seoltóireachta ann cois taobh an chuain gach Déardaoin. Bainimse an-sásamh as na seisiúin sin. Braithim ag baile, ar mo chompord ann. Bíonn scoth na n-amhránaithe ag triall ar an gclub, daoine mar Dhiarmuid Breathnach, Liam Mac Con Iomaire, Sean Garvey, Peadar Ó Ceannabháin, Róisín Elsafty, gan ach cúpla duine a lua. Is ann a taifeadadh cuid de na hamhráin atá ar an diosca. Is dóigh liom go bhfuil atmaisféar na háite le blaiseadh ar na traiceanna a taifeadadh beo ann, ar nós, “Dán na hAoine”, “Pilib Séimh Ó Fathaigh”, “Vailintín Brún”, “Sliabh na mBan”.
AÓF: Tá leabhrán breá ag dul leis an diosca a bhfuil cuimse eolais ann faoi na hamhráin. Is mór an píosa taighde ann féin é sin. Ar thóg sé i bhfad ort an leabhrán seo a réiteach?
PÓC: Chaitheas bliain nó mar sin á réiteach. Tá eolas beacht ann i dtaobh na n-amhrán ar fad atá ar an dlúthdhiosca. Ní fuirist a bheith gonta ar uairibh! Ba é Diarmuid Breathnach, scoláire uasal ceart, a scríobh an cur síos fúm féin agus fém mhuintir. D’fhéachamar chuige go mbeadh an leabhrán go hiomlán dátheangach. Chuige sin, tá leagan Béarla curtha ar fáil de na hamhráin go léir. Saothar le filí aitheanta is ea cuid de na haistriúcháin, leaganacha a rinne Mícheál Ó hAirtnéide, Pádraig J. Daly, Thomas Kinsella. Tá aistriúcháin den scoth anseo chomh maith ó Úna Ní Chonchúir agus ó mo sheanchara Liam Mac Con Iomaire, crann taca an tsean-nóis. Thugas-sa faoi chúpla ceann díobh a aistriú. Pat Pidgeon a dhear an leabhrán. Rinne sé jab slachtmhar, caithiseach de.
AÓF: Ós rud é go bhfuil an taighde déanta inis dom beagán faoi na filí a chum na hamhráin atá ar an diosca.
PÓC:Filí a mhair san ochtú haois déag ba ea cuid díobh: Tomás Mac Craith ó cheantar Shliabh gCua (i gCo. Phort Láirge) a chum “Pilib Séimh Ó Fathaigh”, Tadhg Gaelach Ó Súilleabháin as Míntín Eoghain in iarthar Luimnigh a chum an aisling “Ar maidin inné dom is déarach a bhíos-sa”, Aogán Ó Rathaille a chum “Vailintín Brún’” atá ar cheann de na dánta Gaeilge is fearr dá bhfuil againn, Uilliam English a chum “Cois na Bríde” (athmhúnlú ar “An Clár Bog Déil”). Thiar i lár na seachtú haoise déag a chum Dáibhí Ó Bruadair an t-amhrán cráifeach “Adoramus te Christe”. Tá trí amhrán de chuid Phádraig Uí Mhiléadha anseo. File an-chumasach ab ea é a rugadh sa bhliain 1877, i Ré na dTeampán i Sliabh gCua. Ní heol dúinn cé chum a thuilleadh díobh, dar ndóigh.
AÓF: Feicim go bhfuil ceol curtha agat féin le cuid acu. An raibh sin deacair, nó cén chaoi ar tharla sé?
PÓC:Mise a chuir guth le “Vailintín Brún” agus le “Adoramus te Christe”. Toisc go bhfuil an fhilíocht sa dá shaothar sin ar áilleacht na cruinne ní raibh sé chomh deacair sin ceol a chumadh a oirfeadh dóibh. Is minic a bhím ag iarraidh ceol a chur leis an bhfilíocht. Uaireanta bíonn toradh ar mo chuid iarrachtaí! Maidir le “Vailintín Brún”, nuair a dhúisíos maidin áirithe bhí an port sin i mo cheann.
AÓF: Cén t-amhrán is fearr leat, má tá a leithéid ann? Nó céard iad na hamhráin is mó a thaitníonn leat?
PÓC:Is maith liom gach a bhfuil anseo. Dá mbeadh orm roghnú eatarthu, bhuel! ... “Gleanntán Airglinn Aoibhinn”,“Róisín Dubh”, “Comhairle d’Fhearaibh Óga”, “Vailintín Brún” agus“An Binsín Luachra”.
AÓF: Cá bhfuil an dlúthdhiosca ar fáil?
PÓC: Níl le déanamh ach teachtaireacht a chur go dtí anbealbinn@oceanfree.net. Tá sé ar intinn againn é a dháileadh gan mhoill ar na siopaí ina ndíoltar ceirníní traidisiúnta.
AÓF: Go raibh míle maith agat, a Phádraig, agus tréaslaím do shaothar leat!
Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.