CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Albam nua seolta ag Líadan
Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin

Bhí banfhile ann sa seachtú haois, Líadan, a thit i ngrá le file darbh ainm Cuirithir mac Dobharchon. Is uaithi sin a fhaigheann an “seisear spéirbhan” atá sa ngrúpa ceoil Líadan a n-ainm. Labhair Antaine Ó Faracháin le ball den ghrúpa, Síle Denvir, faoin dlúthdhiosca nua atá díreach eisithe acu agus faoin gcaoi ar tháinig an banna le chéile.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá

Antaine Ó Faracháin: A Shíle, inis dom i dtosach cé hiad na ceoltóirí ar fad atá sangrúpa Líadan.Síle Denvir:Bhuel, tá seisear againn ann ar fad: mé féin, Valerie Casey, Deirdre Chawke, Sarah-Jane Woods, Elaine Cormican agus Claire Dolan.AÓF: **Céard iad na huirlisí ceoil a sheinneann sibh?**

SD: Casaim féin an chláirseach agus casann Deirdre an cairdín pianó. Bíonn Elaine agus Sarah Jane ar na feadóga – Elaine ar an bhfeadóg bheag agus Sarah Jane ar an bhfeadóg mhór. Tá beirt fhidléirí sa ngrúpa freisin, sin Valerie agus Claire.

AÓF: **Nach as áiteacha éagsúla ar fud na hÉireann sibh ar fad? Cén chaoi ar tháinig sibh ar fad le chéile? **

SD: Is as Gaillimh, Luimneach agus Baile Átha Cliath muid. Chas muid ar a chéile in Ollscoil Luimnigh cúpla bliain ó shin. Bhí muid ar fad ag déanamh iarchéime sa gceol ansin agus bhíodh muid ag casadh ceoil le chéile go sóisialta. Bhí seanaithne ag roinnt againn ar a chéile ach tháinig muid le chéile mar ghrúpa i Luimneach in 2004.AÓF: **Cé a smaoinigh ar an ainm Líadan don ghrúpa?**SD: Thóg sé i bhfad orainn an t-ainm a phiocadh! Theastaigh uainn ainm Gaelach a roghnú agus bhí muid ag iarraidh go mbeadh an t-ainm banúil freisin. Bhí muid ag caint ar na seanscéalta Gaelacha agus bhí muid uilig an-tógtha le scéal Líadan agus Chuirithir. Roghnaigh muid an t-ainm Líadan sa deireadh thiar thall agus ní raibh níos mó cainte ann faoi!

AÓF: An mbíonn sibh ag seinm le chéile go minic? Cén chaoi a mbíonn sibh in ann a bheith ag cleachtadh má tá sibh ar fad in bhur gcónaí in áiteacha éagsúla sa tír?SD: Déanann muid iarracht castáil le chéile chomh minic agus is féidir. Tá ceathrar againn inár gcónaí i Luimneach agus bíonn muid ag seinm sna seisiúin ansin. Tá Deirdre agus Sarah Jane ina gcónaí i mBaile Átha Cliath agus bíonn muid ar fad ag taisteal suas agus anuas go minic nó casann muid le chéile ag féilte ceoil timpeall na tíre. Caitheann muid an t-uafás ama sna carranna!AÓF: **Inis dom beagán faoin gcaoi gur tháinig an t-albam nua ar an bhfód.SD: Bhí muid le chéile mar ghrúpa ar feadh os cionn bliana agus bhíodh daoine síoraí seasta ag fiafraí dínn, “An bhfuil CD agaibh?“ nó “Cá bhfuil an CD ar fáil?”. Dúirt muid ansin go raibh sé thar am againn ceann a thaifeadadh agus thosaigh muid air i mí Iúil 2005.AÓF: Cén áit ar thaifead sibh é?SD: Thaifead muid é i Stiúideo Cuan sa Spidéal. Bhí an-spraoi againn á thaifeadadh mar go raibh an aimsir go breá ag an am agus bhí muid in ann ár scíth a ligint ar an trá tar éis laethanta fada a chaitheamh ag taifeadadh. Tá na háiseanna agus an fhoireann sa stiúideo sin iontach go deo agus tá an radharc ón stiúideo fíorálainn. Chabhraigh sé sin go mór linn.AÓF: Bhí tionchair éagsúla ó thaobh an cheoil ar bhaill an ghrúpa. Ar chruthaigh sin aon fhadhb daoibh agus sibh ag cur albaim le chéile?** SD: Sílim go gcuidíonn sé go bhfuil tionchar ag cineálacha éagsúla ceoil orainn ar fad. Níor chruthaigh sé sin fadhbanna ar chor ar bith. A mhalairt a bhí ann i ndáiríre mar go bhfuil éagsúlacht ar an albam dá bharr. Nuair a bhí muid ag tosú mar ghrúpa phioc muid ar fad píosaí ceoil agus amhráin a thaithnigh linn féin agus chas muid dá chéile iad. Roghnaigh muid ansin céard a bhí feiliúnach don ghrúpa agus chóirigh muid na píosaí agus na hamhráin. Is dócha gur thóg sé tamall orainn “fuaim” Líadan a aimsiú ar dtús ach faoin am a thosaigh muid ag taifeadadh bhí a fhios againn céard a bhí uainn ar an dlúthdhiosca. Cé go dtaitníonn cineálacha éagsúla ceoil linn ar fad tá an seisear againn sách traidisiúnta sa dearcadh atá againn ar an gceol.

AÓF: Tugaim faoi deara go bhfuil sé amhrán ar an albam freisin, agus tá mé ag ceapadh gur chuala mé thú ag caint ar an raidió agus tú ag rá go gcuireann sibh béim ar leith ar an amhránaíocht nuair a dhéanann sibh ceolchoirm, nó go ndéanann sibh cinnte de go mbeidh roinnt amhrán á gcasadh agaibh le linn na hoíche. Cén fáth sin? An bhfuil spéis ar leith agaibh sna hamhráin?SD: Sin ceann de na rudaí speisialta faoin ngrúpa, is é sin go bhfuil muid ar fad in ann amhrán a rá. Is dócha go gcuireann muid an bhéim chéanna ar na hamhráin agus a chuireann muid ar an gceol. Canann muid meascán d’amhráin sean-nóis agus amhráin thraidisiúnta Bhéarla agus taitníonn sé sin go mór le daoine.

*AÓF: *Maidir leis an gceol ar an albam, is léir gur smaoinigh sibh ar an gcóiriú cuid mhaith. Cé a rinne na píosaí a chóiriú nó an raibh baint agaibh ar fad leis?

SD: Muid féin a dhéanann an cóiriú ar fad agus bíonn lámh ag an seisear againn ann. Caitheann muid an-chuid ama ag cóiriú na bpíosaí ach is próiseas an-taitneamhach é.

AÓF: ráfla cloiste agam go mb’fhéidir go mbeidh sibh ag dul ar thuras le grúpa mór cáiliúil. An bhfuil aon fhírinne sa ráfla sin? *SD: An raibh tú ag caint le héinín beag?! Tá fírinne sa ráfla! Tá muid ag dul go Meiriceá ar chamchuairt leis na Chieftains (nó na Taoisigh!) ar feadh sé seachtaine tar éis na Nollag.AÓF: *Caithfidh sé go bhfuil sibh ag tnúth go mór leis sin? Deis iontach í le haitheantas níos forleithne a bhaint amach, nach ea?SD: Críochnóidh an turas i Carnegie Hall ar Lá Fhéile Pádraig agus tá muid ag tnúth go mór leis sin. Níor cheap muid go brách go dtarlódh a leithéid! Deis iontach atá ann gan dabht agus, le cúnamh Dé, cuirfidh sé “ar an mapa” i Meiriceá muid!AÓF: Bhí mé ag féachaint ar na grianghrafanna atá ar an suíomh gréasáin atá agaibh agus chuala mé craoltóir áirithe ag tabhairt “seisear spéirbhan” oraibh le déanaí. An mbreathnaíonn sibh oraibh féin mar sin?!**SD: Ní bhreathnaíonn muid mar a bhreathnaíonn muid sna pictiúirí sin chuile lá! Bhí baint an-mhór ag “Mac Make-Up” leis sin!Tuilleadh eolais:www.liadan.ieRíomhphost:sile@liadan.ie; info@liadan.ie

Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.