Molann John-Paul McCarthy saothar drámaíocht scáileáin David Milch, fear a d’fhág lorg a láimhe ar Hill Street Blues agus ar chláir eile nach é in imeacht na mblianta.
Is deacair buanna éagsúla an drámadóir teilifíse Mheiriceánaigh David Milch a achoimriú go ginearálta cé gur éirigh go geal leis an New Yorker cúpla bliain ó shin nuair a d’fhoilsigh siad aiste chumasach air darbh ainm, The Misfit. Agus foinsí máistreachta Milch á scagadh, d’fhéadfaí béim a chur ar thionchar an fhile Robert Penn Warren air, nó na blianta a chaith sé fé scáth Vicadin agus heroin sna 80idí a luadh, nó na hathruithe móra a chuir sé ar scéalta inmheánacha Hill Street Blues nuair a tugadh post scríbhneoireachta dó ar an gclár don chéad uair.
Ach ní furaist an rud é tarraingt agus beocht Milch a bhlaiseadh gan féachaint ar a chuid táirgí drámaíochta críochnaithe. (Féach tionchar Milch ar Deadwood sna naisc de leataobh.) Léirítear sochraid sa ghiota sin, ar an nasc úd, tar éis bhás an gharsúin William Bullock nuair a thit de chapall. Mac an gharda aonaránaigh ab ea William, mac Sherriff Seth Bullock, iarsma uaigneach na slándála ar champa mianadóireachta sna Black Hills in 1877, sléibhte dar goideadh ós na hIndiaigh nuair a thángthas ar ór ann. Ghlac an Ministir Andy Cramed le freagracht na sochraide, iarbhithiúnach ó bháid an Mhississippi sular bhuail taom naofachta é nuair a bhí sé i bhfeighil ar theach áitiúil striapachais sa Bella Union.
Agus cuma gharbh ghiobalach ar an ministir nua, cruinníonn inneachar an champa go cráifeach os a chomhair, tuismitheoirí William, striapaigh stiúgtha i dteannta na mianadóirí ilghnéitheacha atá ag déanamh tóraíochta ar mhian na colainne, agus mian na súl agus mórtas maoine. Ní foláir féachaint ar an ngiota seo cúpla uair i ndiaidh a chéile chun dearadh daonna Milch a thuiscint, agus na híomhánna casta ann a dhíleá.
Is é an Tiarna m’Aoire
Ní léir go dtí buaicphoinnte an ghiota seo, nuair a ritheann máthair dhearóil William isteach sa teach chun féachaint air don uair dheireanach ina chónra adhmaid, gur theastaigh ó Milch Deadwood a cheangal le haitheasc síoraí Abraham Lincoln agus é ag glacadh leis an uachtarántacht don tarna uair in 1865. Léigh Andy Cramed Salmanna 23 agus 121 le linn na sochraide. Do thagair Lincoln do Salmanna 19:9 agus 42:2 ina aitheasc féin agus téamaí na carthanachta, na freagrachta agus na faoistine á míniú aige tar éis Chogadh na gCarad. Dhiúltaigh Lincoln íde speisialta a thabhairt dos na Stáit theas agus é beag beann beagnach ar a gcuid tréas bunreachtúil, agus dhiúltaigh Andy an t-idirdhealú céanna a dhéanamh ina shearmóin. Cé ná féadfaí é a aithint go fóill in 1877, úsáideann Cramed Salm 121, salm na hoilithreachta, chun stádas Deadwood mar chomhphobal a bhéimniú.
Oibríonn gach éinne san áit iargúlta sin sa bhearna bhaoil, ach déanann siad an urnaí cheannann chéanna. “Tógaim mo shúile chun na sléibhte, Cad as do mo chúnamh? Is ón dTiarna féin atá mo chúnamh. Is é an Tiarna do gharda is do dhídean agus é ar do dheis. Ní bhuailfidh an ghrian thú i rith an lae, ná an ré istoíche.” Saoránaigh coimthíocha iad araon ag an tsochraid sin, agus níl acu mar fhuascailt ach comhpháirtíocht.
Ag Coimhthiú
Tagann cumhacht scripteanna Milch as traidisiún fealsúnachta agus stairiúil ar leith, an traidisiún sin a chuireann bearna idir imeachtaí an lae inniu agus imeachtaí ár sinsear. Is léir go ndéanann Milch dianiarracht i gcónaí riocht ait, do-aitheanta fiú, do chur ar a chuid drámaí d’fhonn rúndiamhracht na staire a bhéimniú. Ní gnáthbhainisteoir tábhairne Al Swearengen in Deadwood mar ní úsáideann sé foclóir traidisiúnta na gcowboys ó ré na scannán Wild West i Hollywood sna 30idí. Gineann a fhoclóir suarach ceolmhar (‘as the dimwit nobility now make reticent’; ‘Don’t I yearn for the days when a draw across the throat made fucking resolution?’) fuinneamh ar leith. Thug an drámadóir frith-Naitsíoch Bertholt Brecht Verfremdung (‘making strange’) ar an tseift seo, agus ní foláir nó gur fhoghlaim Milch óna chuid múinteoirí i Yale conas an stair a chur ar an méar fhada.
B’é rúndiamhracht na staire agus na filíochta príomhcheist Cleanth Brooks ina leabhar tábhachtach, The Well Wrought Urn (1947), leabhar a mhaígh ‘poems are structures in their own right’, structúirí neamhspleácha, rúndiamhracha iad ná baineann beag ná mór leis an léitheoir fiú. B’é an tréith rúndiamhrach sin ábhar filíochta an mhúinteora ba thábhachtaí i saol Milch, Penn Warren. Eisean dar scríobh sa dán “Tell Me a Story”, viz., ‘Tell me a story/ In this century, and moment, of mania/Tell me a story/Make it a story of great distances, and starlight.” Tagann salmanna Andy Cramed aniar aduaidh orainn tar éis dóibh na great distances sin a shárú, agus gach aon cheann des na sean-scannáin Westerns a chloí agus iad ar an mbóthar chugainn. Bhaineadar leis an mbás go hoifigiúil, ach is féidir le lucht tacaíochta Milch solas an réaltra iontu a bhrath fós.
- Is scríbhneoir staire ó chathair Chorcaí John-Paul McCarthy.