CÚINNE NA nEALAÍON
Aistear Drithleach
Gabriel Rosenstock Gabriel Rosenstock Gabriel Rosenstock

Thug Gabriel Rosenstock taitneamh do leabhar filíochta Pheadair Uallaigh, leabhar a shníomhann aeolas beacht ar lus agus ar luibheanna trí logainmneacha Chorca Dhuibhne mar a dhéanfadhdraoi.

Tír Tairngire Peadar Ó hUallaigh (Coiscéim 2009, 127 leathanach, €7.50)

Baineann cáilíocht mhantrach leis an leabhar seo, lena theideal, lena fhriotal, lena rithimí. Agus é ag caint ar an bhfilíocht a bhí le teacht in The Future Poetry (1953), mheas Sri Aurobindo gur fearr an tuiscint a bhí ann fadó do rithimí na filíochta toisc go raibh an chantaireacht mar chuid lárnach den fhilíocht sa tseanreacht. Teanga ársa í an Ghaeilge agus cuid den chultúr ársa ina dhrithle inti i gcónaí; baineann tréithe le filíocht na Gaeilge nach bhfuil fáil orthu i mórán litríochtaí eile i lár agus in iarthar na hEorpa, cuir i gcás. Dála an scéil, bhí go leor bhfuil laistiar den tráchtas ríthábhachtach sin The Future Poetry faoi thionchar James Cousins (1873 -1956), Éireannach a raibh ainm Gaelach, Mac Oisín, agus ainm Hiondúch, Jayaram, i measc na n-ainmneacha cleite aige.

Is é atá sa rithim, dar le hAurobindo, gluaiseacht na fuaime, í ag gluaiseacht mar thonn, agus gluaiseacht na smaointe á hiompar aici san fhocal. Bua an cheoil sin nithe a bheith á gcur abhaile orainn go tréan, nithe nach bhféadfadh an intleacht amháin a chur in iúl go brách:

Cnónna capaill ar chraobh faoi dhuilliúr donn.
Caora ina dtriopaill rua ar chrann caorthainn.
An garbhán creagach cois bóthair
Faoi bhláth meidhreach bándearg.
Trí rud a insíonn dom
Teacht an fhómhair

(as Corn na Flúirse)

An nach gcloiseann rithimí áille ársa sna línte sin bodhaire Ui Laoire air is bodhar ar fad atá . Agus an saibhreas céanna tríd síos sa chnuasach seo. Faoi mar a fheiceann sna línte thuas, baineann Peadar Ó hUallaigh gaisneas as an eolas beacht atá aige ar an bhflóra is ar an bhfána. Cuir draíocht logainmneacha Chorca Dhuibhne leis sin agus beidh á leat féin nach gnáthfhile é seo againn in aon chor ach mar a bheadh seaman ann ailceimiceoir draoi.

An Éigse

Deir Aurobindo nach é gnó na filíochta é go mbeadh mothú éigin againn smaoineamh éigin againn le linn dúinn tar éis dúinn dán a léamh ach go mbeadh domhan éigin feicthe againn, lenár súile cinn, ar ndóigh, ach le súile an anama istigh. Thuigfeadh seisean go maith an gaol atá idir an focaléigse’ agus an focalfeiscint’. Agus sa leabhar seo Tír Tairngire feicimse a lán:

Labhrann Cruach Mhárthain liom,
fallaing órga uirthi
faoi sholas tráthnóna
i na Féile Bríde.

Labhrann Cnoc Bréanainn liom,
néalta seaca
thar Chom a’ Lochaigh
amach romham.

Labhrann an Triúr Deirféar liom,
na trí binnteacha
go cruthúil ciúin inniu,
gearrtha ag an oighear tráth….

(as Fhéile Vailintín)

labhrann cruacha is cnoic leis an bhfile nach deas mar a labhrann seisean linne. Is mar sin ag an seaman é, an domhan á ainmniú aige faoi mar ba é Ádhamh é agus é ag féachaint ar an domhan den chéad uair, Aimhirghin agus an domhan á ainmniú aige agus go deimhin domhan á chruthú aige féin agus dúinne go léir. Baineann an Searcach an leas céanna as logainmneacha, agus scata eile, Nuala Dhomhaill, Colm Breathnach, Dairene Chinnéide. Níl Biddy Jenkinson dall ar logainmneacha ar luibheolaíocht ach an oiread. Ba thréith an-tábhachtach riamh anall é agus is dualgas beannaithe i gcónaí é urraim a léiriú do ról an dinnseanchais. Sa dán Glór Acastóra leis an Direánach na línte seo:

Carr Aindí Goill ar chapall maith
Bhíodh ag dul in aghaidh aird
Ar a bhealach go hEoghanacht.

Ba dhóigh leat gur tír tairngre ab ea Eoghanacht, Tír na nÓg, Í Bhreasail. Agus is Tír Tairngire atá anseo againn, ar ndóigh, an chéad leabhar filíochta ó Pheadar Ó hUallaigh, leabhar a bhfaighim lón anama ann, is léir.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.