AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Aisling álainn, iontach, aoibhinn
Balor Balor Balor

Nochtadh do Bhalor in aisling cuid de na rudaí a thitfidh amach sa bhliain atá romhainn.

Íomhá

B’in é Balor an Bromaire Bomannach ag meabhrú os cionn na tine istigh ina phluais bhrocach; fuílleach dreoite dhinnéar na Nollag ag lobhadh ina gcairn thart air. Cibé braonta beaga ocsaigine a bhí fágtha sa phluais bhí siad dá sú isteach ina ghaosán le gach aon seordán agus seadán agus srann.

As bréantas agus graostacht agus súlachas na háite sin a tháinig rud a bhí álainn agus iontach agus aoibhinn: aisling a gineadh sa diamhracht agus a rugadh sa niamhracht. Baineadh geit as Balor. Léim sé siar ón tine, tháinig claochlú ar a ghnúis ghránna agus thosaigh sé ag tuar agus ag tairngreacht de réir mar a nochtadh rúin na bliana 2007 dó. Seo mar a dúirt Balor an Fáistineach Fáidhiúil:

“Tarlóidh in earrach na bliana sin go ndéanfar tuar agus tairngreacht faoi thodhchaí na Gaeltachta. A bás a bheas á thuar agus a díothú a bheas á thairngreacht. Éanna na gruaige finne agus na cainte deimheasaí agus na léine goirme a bheas ag tuar agus Caoimhín My Erse ón Indo a bheas ag tairngreacht. Agus cuirfear iontas ar an triúr sa tír nár chuala a leithéid cheana, agus cuirfear leamhthuirse arís agus arís eile ar nócha cúig faoin chéad den daonra agus alltacht ar an leath eile. Agus tarlóidh san am sin go ndéanfar mórán cloigeann a chroitheadh agus mórán gruanna a chuimilt agus mórán tóineanna a thochas mar gheall ar cheist seo dhíothú agus bhás na Gaeltachta. Agus scríobhfar mórán litreacha chuig beagán nuachtán.

“Agus mar fhreagra ar an tuar agus ar an tairngreacht éireoidh na fíréin amach ó gach Gaeltacht sa tír, agus ó Ghaeltacht nó dhó nach bhfuil sa tír, agus déarfaidh siad in athuair agus in athuair arís nach bhfuil ach réiteach amháin ar an fhadhb seo, nó is fadhb mhór í gan dabht gan amhras ar bith: deontais agus deontais agus tuilleadh deontas. Agus éileofar deontas as machnamh a dhéanamh i nGaeilge bhinn na Gaeltachta, agus as taibhreamh i nGaeilge bhinn na Gaeltachta, agus as broimeanna breátha bréana a scaoileadh i nGaeilge bhinn na Gaeltachta.

“Agus tarlóidh i samhradh na bliana sin go ndéanfar olltoghchán a fhógairt agus a ghairm. Ar dtús beidh ráflaí ag dul thart mar gheall ar ráflaí agus ansin mar gheall ar dhóchúlachtaí agus ansin mar gheall ar chinnteachtaí agus ansin fógrófar an t-olltoghchán. Agus san am sin bearrfar mórán gruaige agus caithfear mórán airgid ar mhórán smididh agus ar mhórán grianghraf agus ar mhórán éadaí nua. Agus is iomaí gnúis nach raibh le feiceáil in áiteanna poiblí le fada an lá a fheicfear ar leaca doirse ar fud na tíre agus ar thairseacha tithe pobail agus ar chúil leoraithe agus leantóirí. Agus an guth nár chualathas le fada beidh sé le cloisteáil arís, agus an geall a briseadh go minic roimhe sin beidh sé le briseadh arís, nó is iomaí geall a dhéanfar agus is iomaí geall a chuirfear. Agus go gairid ina dhiaidh sin tosóidh polaiteoirí na tíre ag gabháil do na rudaí seo fosta, leis, chomh maith, agus freisin, agus cuirfear tús in athuair le spórt náisiúnta na hÉireann. Agus bagrófar iompú léine agus bagrófar bascadh agus baiscneadh agus batráil má iompaítear. Agus in ainneoin gach a mbagrófar agus gach a ngeallfar agus gach a gcaithfear, bainfear spórt as an spórt náisiúnta nó ní spórt go dtí é.

“Agus tarlóidh i bhfómhar na bliana sin go bhfeicfear iontais agus amhraí agus míorúiltí móra in Éirinn iathghlas. Agus beidh comhrialtas Fhianna Fáil agus Shinn Féin ina suí go te, agus beidh an tAire úr Dlí agus Cirt Máirtín Míleata Mac Gnéas i mbun fhadhbanna coiriúla an tSaorstáit a réiteach agus a shocrú ina bhealach díreach diúid féin. Agus beidh muintir bhocht fhadaraíonach na hÉireann ar tí Máirtín Míleata a naomhú as siocair go mbeidh sé i ndiaidh an Saorstát a aisceadh agus a ghlanadh agus a sciomradh saor ó choirpigh. Agus seo é an dóigh a mbeidh sé i ndiaidh an t-éacht sin a chur i gcrích: tabharfaidh Máirtín Míleata cuairt bheag chairdiúil ar dhúnfoirt na gcoirpeach, mar atá An Cnoc Theas, An Taobh ó Thuaidh, Iarthar Bhaile Átha Cliath agus Oirthear Ghleann Cholm Cille.

“Agus fógróidh sé cruinniú agus comhthionól agus teacht le chéile. Agus ní bheidh moill ar na coirpigh teacht chun bualadh leis. Agus seasfaidh siad ar fad i líne mór fada díreach amháin nuair a iarrfaidh sé go deas béasach mánla modhúil múinte orthu é sin a dhéanamh. Agus rachaidh Máirtín ó choirpeach go coirpeach agus cuirfidh sé cogar beag bídeach isteach ina gcluas chlé. Ansin tosóidh sé ar cheann eile an líne mhóir fhad dhírigh agus cuirfidh sé cogar beag bídeach eile isteach ina gcluas eile. Agus déarfaidh na coirpigh ar fad d’aon ghuth agus dá ndeoin féin: “Ó sea, a Aire! Ó sea, a Aire!” agus imeoidh siad leo ar cosa in airde agus ní fheicfear iad riamh arís ar fhód an tSaorstáit, ná ar thalamh na hÉireann ach oiread.

“Agus tarlóidh i ngeimhreadh na bliana sin go rachaidh forógra amach ó Chéasar Éamonus Ó Cuívus an domhan Gaeltachta uilig a chlárú. Is é seo an chéad chlárú a dhéanfar nuair a bheidh Máirtín Míleata Mac Gnéas ina Rí ar na hÉireannaigh agus Bertius Ahernius ina Ghobharnóir ar Bhaile Átha Cliath 9. Agus de réir an fhorógra seo ní bheidh an darna suí sa bhuaile ag duine ar bith ach dul ar ais chuig an áit sa domhan Gaeltachta a dtáinig sé as. Agus beidh an M50 plódaithe agus puntáilte agus lán go timpeallán acu siúd ón taobh ó dheas a bheas ag iarraidh teacht aduaidh agus acu siúd ó thuaidh a bheas ag iarraidh teacht aneas, nó tá Gaeltachtaí ó thuaidh agus Gaeltachtaí de shórt ó dheas. Agus fágfaidh muintir Ráth Cairn Glas na Mí talamh méith an chontae sin agus tabharfaidh siad aghaidh arís ar an chlochdhíseart thiar a dtáinig siad siúd as. Agus ní chasfar orthu ag teacht aniar ach Céasar Éamonus féin agus an Rabbi Denvirus agus an Scríobaire Fearghas agus duine nó beirt eile nach dtig leo dul ar ais chuig an áit sa domhan Gaeltachta a dtáinig siad as.

Agus tarlóidh san am sin go bhfágfar iliomad daoine ag siúl na mbóithre agus ag éagaoineadh san fhiántas agus ag éagnach ar na sléibhte nuair nach dtig leo teacht ar an áit a dtáinig siad as nó nach n-aithníonn siad an logainm úr. Ach éireoidh An Rí Máirtín Míleata ina sheasamh agus déanfaidh sé fógairt agus dearbhú agus cuirfear deireadh leis an éagaoineadh agus leis an éagnach agus leis an chrá croí, nó fógróidh sé an tír an fad mar Ghaeltacht mhór amháin. Agus cuirfidh Caoimhín My Erse agus Éanna na Gruaige Finne agus a gcairde go tréan ina éadan, go dtí go gcluinfidh siad faoi na deontais ar fad a bheas ar fáil. Agus triomófar gach súil agus ní bheidh deireadh lena ríocht.”

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.