CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Áis foghlama agus teagaisc don cheol Gaelach
Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin

D’fhoilsigh Craobh Naithí de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann pacáiste ina bhfuil trí dhlúthdhiosca le déanaí ar áis iontach foghlama agus teagaisc iad don cheol Gaelach. Labhair Antaine Ó Faracháin le Tomás Mac Uileagóid faoin bpacáiste is déanaí seo uathu.

Íomhá
Leabhar teagaisc Chraobh Naithí ar ar bunaíodh an pacáiste dlúthdhioscaí
Íomhá
Michael Tubridy, ceoltóir cailiúil a chuir dhá eagrán den leabhar Irish Traditonal Music le chéile i gcomhpháirt le Méabh Ní Lochlainn
Íomhá
Beidh na dlúthdhioscaí ar fáil i rith Scoil Samhraidh Willie Clancy

*Antaine Ó Faracháin: *Cad as ar tháinig an bunsmaoineamh

don phacáiste seo?Tomás Mac Uileagóid: Bhí sé i gceist againn le tamall tabhairt faoi mar shíl muid go raibh lena leithéid. Ag an Scoil Fhómhair anuraidh luaigh Alan Corsini, duine den choiste, é agus chinn mé ar é a dhéanamh chomh luath agus a d’fhéadfainn.

AÓF: Cé a bhí ina bhun?

TMU: Mé féin a bhí ina bhun is dóigh. Bhí roinnt mhaith smaointe bailithe agam na míonna roimhe sin ó cheoltóirí ó chuile réimse agus bhí Sarah-Jane Woods mar phearsa thagartha agam nuair a bhí ceisteanna ann.

AÓF: Cé mhéad leabhar atá ann agus cathain a tháinig siad sin amach?

TMU: Tá na dlúthdhioscaí bunaithe ar an gcéad leabhar de cheol Chraobh Naithí a chuir Michael Tubridy agus Méabh Ní Lochlainn le chéile agus a foilsíodh i 1995. Tá leabhar eile ann a tháinig amach i 1998 agus beidh sé sin curtha ar dlúthdhiosca amach anseo.

AÓF: Mar sin, ba rud nádúrtha é, is dóigh, an pacáiste seo de dhioscaí a chur amach am éigin le cur leis na leabhair, ach an raibh mórán trioblóide ag baint leis seo a eagrú? Cén chaoi ar thug sibh faoin tionscadal?

TMU: Bhí cuid mhaith i gceist leis an tionscadal a chur i gcrích. Ar dtús roinn mé an leabhar idir cúig uirlis: an fheadóg mhór, an fheadóg stáin, an fhidil, an bosca ceoil agus an consairtín. Bhí sé i gceist agam go mbeadh uirlis dhifriúil le cloisteáil ar chuile rian! Uaireanta mhalartaigh mé an uirlis le cur in oiriúint don phíosa ceoil, abair dá mbeadh nótaí níos ísle ná an D ar an bhfeadóg. Ansin bheartaigh mé ar na foinn don chláirseach a bheith seinnte ar an gcláirseach. D’fhág sé sin dhá amhrán agus d’iarr mé ar Emma Woods iad sin a chasadh, rud a rinne sí le fonn.

AÓF: Cé hiad na ceoltóirí atá ag seinm air ar na dlúthdhioscaí?

TMU: Ar an bhfeadóg mhór tá Sarah-Jane Woods, ar an bhfeadóg stáin tá Oisín Chambers, ar an bhfidil tá Michael Harrison, Janine Redmond ar an mbosca agus Aoife Johnston ar an gconsairtín. Ar an gcláirseach d’iarr mé ar Niamh Denmead na foinn sin a sheinm.

AOF: Cén cineál leagain amach atá ar an bpacáiste?

TMU: Go bunúsach leanann

na dlúthdhioscaí leagan amach an leabhair. Seinntear chuile phíosa go mall, ar luas atá feiliúnach don bhfoghlaimeoir agus ansin seinntear arís iad ar ghnáthluas seisiúin.

AOF: Tugaim faoi deara go bhfuil céimeanna éagsúla deacrachta i gceist i gcás na ndlúthdhioscaí. Is dóigh go gcabhraíonn seo le foghlaimeoirí?

TMU: Is áis é seo leis an gceol gaelach a fhoghlaim. B’in an bunsmaoineamh. Bhí an leabhar leagtha amach ar an dóigh sin agus chloígh muid go daingean leis an leagan amach sin. Dá bharr sin tá na dlúthdhioscaí grádaithe in ord deacrachta.

AÓF: Tá an-éagsúlacht ó thaobh na saghsanna tiúineanna agus uirlisí atá ar na dioscaí. Is dóigh go raibh sibh ag iarraidh stór ceoil a sholáthar do cheoltóirí óga ionas go mbeadh siad in ann seinm le chéile. An bhfuil an ceart agam?

TMU: Tá, ach ba iad Méabh Ní Lochlainn agus Michael Tubridy a rinne an obair sin dom. Ní raibh le déanamh agamsa ach an leagan amach a cheap siadsan sin a leanúint.

AÓF: Cén saghas éilimh a bhí ar na leabhair agus atá anois ar na dlúthdhioscaí? An bhfuil sibh sásta leis an éileamh atá orthu? Is dóigh gur áiseanna iontacha iad do mhúinteoirí ceoil freisin?

TMU: Toisc iad a bheith ar ardchaighdeán, tá éileamh ar na leabhair, agus úsáid á baint astu, ar fud an domhain mhóir anois. Tá na dlúthdhioscaí ar díol anois agus tá mé ag súil go mbeidh an-tóir orthu nuair a scaipfear scéala fúthu.

AÓF: Baineann an pacáiste seo de thrí dhlúthdhiosca le leabhar a haon. Luaigh tú cheana féin go gcuirfí dlúthdhioscaí bunaithe ar leabhar a dó le chéile. Inis dúinn mar gheall air sin.

TMU: Chomh luath is a bheas cuid mhór dlúthdhioscaí ó phacáiste a haon díolta againn, beidh go leor airgid againn chun dlúthdhioscaí atá bunaithe ar leabhar a dó a chur le chéile.

AÓF: Cén praghas atá ar na leabhair agus ar na dlúthdhioscaí?

TMU: Tá costas €12 ar dhlúthdhiosca amháin agus €20 ar an bpacáiste iomlán (trí dhlúthdhiosca). Tá costas €30 ar an leabhar agus na dlúthdhioscaí go léir. Margadh maith déarfainn!

AÓF: Cén áit ar féidir iad a fháil?

TMU: Tá siad ar fáil ag www.craobhnaithi.com agus beidh siad ar díol i siopa na bPíobairí Uilleann i Sráid na Cathrach le linn Sheachtain Willie Clancy.

Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.