CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Ainmhí Contúirteach ag Salú na Cruinne, An Duine
Íomhá
Crannóg Horizon trí thine i gCuan Mheicsiceo
le SAM ar Vicipéid
Íomhá
Agóid ag WHO sa Gheinéiv Lá Chernobyl 07
le Emanuela Andreoli Independentwho.info, Vicipeid
Íomhá
Fukashima
le Digital Globe Imagry ar Flickr.com

Chreidtí lucht údaráis i ngach réim den saol. Is iomaí uair in imeacht na mblianta a maíodh nach dteipfeadh ar chóras áirithe i réim amháin nó eile de shaol na heolaíochta, cúrsaí airgeadais, i dtaca le sláinte poiblí srl. Is d’ainneoin cinnteacht seo lucht eolais agus údaráis a thiteann timpístí agus tubaistí uafásacha amach i ngach cearn den domhan, i réimsí geilleagair, tionscail, eolaíochta srl. Deirtear nach leithne an t-aer ná an timpíste. Tá roinnt réimsí de ghníomhaíocht an duine níos tromchúisí ná a chéile ar ndóigh agus dá dhonacht agus dá chontúirtí Pléasc Oileán Faoide againn féin, is aicme ar leith tubaiste na stáisiúin eithneacha a scaoil salachar marfach le gaoith le dhá ghlúin anuas agus an roinnt sin acu a phléasc agus a mharaigh na mílte sa timpeall.

Tá an dearcadh seo gur féidir brath ar lucht eolais agus údaráis go forleitheadach trí thíortha an domhain trí chéile. Ní ghlacfar le scéalta scaoill ó lucht an amhrais is minic a scéal báite ag lucht cantail agus dream an uisce faoi thalamh, sna meáin phoiblí nó sna meáin fhéinchraolta ar an idirlíon. Má bhreathnaítear siar seal blianta ar an magadh a rinneadh ar Peter Schiff sna meáin i Meiriceá amhail is go raibh sé ag déanamh cailleach an uafáis de féin i rith an ama, tuigfear gur mhagadh faoin duine a bhí ceart i dtólamh a bhí ar bun. D’imigh lucht an mhagaidh a mbealach féin agus fágadh Schiff ina sheasamh ar an bhfírinne i ndeireadh ama. Fíoraíodh an méid a gheall sé a tharlódh. Cuimhnímis magadh Bertie Ahern ar lucht an amhrais agus an lagchroí, gurbh fhearr dóibh lámh a chur ina mbás agus suaimhneas a thabhairt do gach éinne. Lochtaíodh é ag an am mar gheall ar theaghlaigh na marbh a ghortú. Níor lochtaíodh é san am áfach, go mb’fhéidir an ceart a bheith ag mionlach an amhrais a thuar an tuairt gheilleagair, tuairt a bhí ag tórmach gan stad ag an am.

Ré an Amhrais Linn

B’fhéidir go bhfuil sé tagtha sa saol nach bhfuil an seanfhocal úd, ‘níl poll ar bith chomh domhain le poll an amhrais’, a chaitheamh de leataobh. Ba cheart a bheith in amhras feasta faoi aon eolas a scaoiltear linn. Mar a dúirt an té a dúirt, nuair a thosaíonn siad ag cur suas de ráiteas, is é an chéad chéim é ar an mbealach chun na fírinne. Is féidir teacht ar eolas de leataobh na gceannlínte nó ar an gcorrchlár teilifíse. Is iomaí duine a éiríonn amach ón teilifís anois nuair a bhriseann scéal úr nó iontach le dul ag lorg na fírinne ar an idirlíon. Tá an deis ag duine ar na saolta seo dul ag lorg an scéil a bhfuil téagair ann agus a bhfuil tábhacht ag baint leis. Nuair a mhaítear glaine agus sábháilteacht le tionscal ar leith anois, is féidir an t-eolas a chuardach agus an scéal a mheá anois, ní hionann agus an ghlúin a chuaigh romhainn.

Leagann na deiseanna úra seo, deiseanna an eolais, dualgas as úr orainn thar mar a bhíodh ar an nglúin a chuaigh romhainn. Tá dualgas ar mhuintir na linne seo a bheith ar an eolas faoin saol thart orthu, faoin gcontúirt thart orthu agus ba chóir go ndéanfaimis iarracht ár gcomharsa a chur ar an eolas atá ag dul dósan chomh maith.

Cruthaíonn Windscale, Agent Orange, Cliseadh Wall Street agus an Spealadh Mór, Géarchéim Geillagair 08 an domhain, Chernobyl, Simi Valley, cartadh úráiniam laghdaithe ar Fallujah, pléasc an Betelgeuse ag Oileán Faoide, Deepwater Horizon agus Fukashima nach bhfuil lucht eolaíochta ná lucht údaráis stuama, léirsteanachdíreach leis an bpobal. Ní hamháin sin, ach bíonn an chuid is mó den phobal ar aon tuairim leo agus ní dhéanfar ach bithéamh faoin dream beag a bhéicfeas amach ag fógairt na contúirte roimh ré nó ag tuar na tubaiste. Tharla go mbíonn eolas faoin iliomad ábhar fad do mhéire ó gach éinne againn, is orainn féin an locht má shlogaimid an t-aineolas in áit an eolais.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.