AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Agallamh eisiach le hIan Mór an Páiseadóir
Balor Balor Balor

Fuair Balor, an tIriseoir calma clúiteach, deis roinnt cruacheisteanna a chur ar cheannaire an DUP, Ian Mór an Páiseadóir.

Íomhá
© Seán Ó Domhnaill
Íomhá

Le teacht na Nollag gach aon bhliain éiríonn Laoch na Litríochta uascánta, maoithneach agus rud beag fealsúnach, fiú. “Seo chugainn arís é,” a deir Balor, “mí na Nollag; an t-am sin den bhliain a mbíonn muid ag smaoineamh ar na nithe sin a ghabhann leis an am seo den bhliain (má thuigeann sibh mé!): an Late Late Toy Show ar RTÉ; an Big Boys’ Toy Show san RDS; an Mine’s Bigger than Yours Toy Show i nDáil Éireann; agus an My Big Toy-Boy’s Bigger than Anybody Else’s Big Toy-Boy Show i ndiaidh na dtoghchán sna Sé Chontae. Tá an Toy-Boy is mó acu uilig anois ina bhoc mór ó thuaidh, an buachaill bréagáin bréige bréagach sin Ian Mór an Páiseadóir, an fear a dúirt riamh anall gur aige féin amháin agus ag a Shlánaitheoir, dar ndóigh, a bhí iomlán na fírinne agus an chirt (seachas nuair a bhíonn a Shlánaitheoir bog ar na Pápaigh, dar ndóigh.)”

Tá Ian Mór an Páiseadóir chomh sásta le muc sa chró anois go bhfuil ceann dá chuid uaillmhianta móra comhlíonta aige. Tá sé chomh mór sin ar a sháimhín só gur thoiligh sé agallamh eisiach a dhéanamh le Balor an Bhéil Bhinn do Beo ar Éigean. “Ní gach lá a mharaíonn daidí fen... oops! fia!” arsa Ian, “Agus b’fhearr liom tusa ag cur agallaimh orm, a Bhalor, ná roinnt de mo chuid cairde mar dhea, ó dheas, ar nós lucht lite tóna sin an Irish Dependent, nó Kevin Myarse ón Irishman’s Dairy sa Times. Ar scor ar bith, is iomaí rud i gcoiteann ag an bheirt againn, a Bhalor,” arsa Ian Mór. “Is agatsa atá an tsúil nimhe agus is agamsa atá an béal nimhe; tá tusa ar leathshúil agus mise ar leath chuile rud eile ...”

Cheistigh Balor Ian Mór go dian agus go díochra agus go domhain faoina chuid pleananna. Shleamhnaigh sé ceist chrua isteach sula raibh seans ag Ian é féin a réiteach fána choinne:

“An bhfuil aon phleananna agat, a Ian?”

“Cionn is go bhfuair páirtí s’agamsa an méid is mó vótaí sa toghchán seo, is muidinne anois an rialtas. Is cuma sa tsioc liomsa cad é a deir Tony Blarge nó Bertie Ó Hernia. Is muidinne an rialtas anois agus sin sin. Sin toil Dé agus ní fiú bheith ag argóint le Dia. Agus ós rud é gur mise ceannaire an pháirtí, is mise anois an tArd-Rí. Sin toil Dé agus mo thoilse fosta agus ní fiú bheith ag troid liomsa ach oiread le Dia. An tUrramach Willie McCrea a dhéanfaidh mé a ungadh agus a chorónú Lá Caille. Anois a thiocfaidh na hathruithe.

“Ar dtús athróidh mé ainm mo pháirtí. Ní an DUP a bheas mar ainm níos mó air, nó tá mé dubh dóite de Adams agus McGuinness agus an scaifte scabhaitéirí sin ag cogarnaíl liom go mioscaiseach, mailíseach, maslach agus iad ag siúl tharam sna dorchlaí: ‘Hé a Ian, do you pee san oíche? Hé a Ian, do you pee ar maidin? Hé a Ian, do you pee go minic?’ Ní bheidh orm glacadh leis níos mó mar tharcaisne, nó is é an t-ainm úr a bheas ar an pháirtí feasta Democratic Unionist Party na hÉireann, nó na DUPEs más fearr libh. Cuirfidh sin deireadh leis an mhagadh!”

Níor lig Balor a chuid maidí le sruth ná níor thug sé caoi d’Ian Mór anáil a tharraingt, ach isteach go beo leis an Iriseoir calma clúiteach agus chuir ceist chliste chrua eile ar an DUPE mór, díreach suas lena bhéal:

“Plean ar bith eile agat, a Ian?”

“Agus mé i m’Ard-Rí beidh mé ar comhchéim le hÍosa Mac Giolla Mháire thíos ansin sa Saor Stát,” a d’fhreagair Ian Mór an Páiseadóir. “Beidh sé i gceist agam cuairt stáit a thabhairt ar Bhaile Átha Cliath go luath agus beidh mé ag súil le go gcaithfidh sí liomsa díreach mar a chaithfeadh sí le ceann stáit ar bith eile, seachas an phóg agus an sonc sa ghualainn. Níl a fhios agam an dtiocfadh liom cur suas leo sin.

“Agus beidh athruithe thart faoin áit againn féin anseo: ní Cúige a bheas ann níos mó ach tír. Cé a chuala trácht riamh ar Ard-Rí Cúige? B’éigean dúinn ainm úr a cheapadh don tír. D’iarr mé ar bhaill shinsearacha an DUPE dul ag obair ar ainm úr. Mhol Niggle Dodds ceann maith, ceann a thaitin go mór leis féin, go háirithe i leagan na gceannlitreacha: Ríocht an Tuaiscirt - RAT! Tá cling dheas leis mar ainm dar le Niggle. Chum Peter Cowboy Robinson ceann a raibh sé féin iontach tógtha leis. Dar leis go ndúirt a chairde leis gur cliste a bhí sé mar ainm nó gur chuir sé é féin i gcuimhne dóibh: Cónaidhm an Chomharbais: CAC! Ach is é an ceann is ansa liom féin agus le mo mhuintir ar fad ná an ceann a cheap mo mhac féin, Ian Beag an Bhéil Mhóir. Tarraingíonn an t-ainm seo an uile dhuine agus an uile chreideamh agus an uile bharúil pholaitíochta sa stát seo le chéile in uaisleacht an ainm agus i gclisteacht an choincheapa: Stát Hibridithe Ilchiníoch Thuaisceart Éireann: SHITE! Tá a fhios agam go bhfuil sé rud beag fada mar theideal, ach tá brí agus boladh leis.

“Beidh Lá Fhéile Pádraig ina lá saoire oifigiúil anseo feasta fosta, nó nach é Pádraig an t-aon naomh amháin ar liosta na Vatacáine ar Protastúnach cruthanta cinnte cruthaithe é. Agus tá sé curtha i measc na ndaol i reilig Phrotastúnach i nDún Pádraig. Cad é an cruthú eile atá de dhíth gur Prod maith amach is amach a bhí ann. Ar scor ar bith, is as Albain a fuadaíodh é mar sclábhaí an chéad lá riamh, áit a raibh a dhaidí ina rúnaí ar chumann tacaíochta áitiúil Glasgow Rangers. Níl dabht ar bith faoina shinsir, ach oiread liom féin, agus is é a bheas mar phátrún agus mar éarlamh oifigiúil ar Stát Hibridithe Ilchiníoch Thuaisceart Éireann - agus mé féin fosta, dar ndóigh, mura mbím ar mo sheanléim arís trí lá i ndiaidh mo bháis!”

Guíonn Ian Mór an Páiseadóir an Bhéil Nimhe, Ard-Rí SHITE, Nollaig mhór mhaith ar léitheoirí Beo ar Éigean. Agus guíonn Balor an bhail chéanna oraibh.

Léaráid: Seán Ó Domhnaill (www.seanod.net)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.