TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAEILGE I gCÉIN
Ag spalpadh Gaeilge ‘i bpríomhchathair na hEorpa’
Rachel Mac Gowan Rachel Mac Gowan

an lámh in uachtar ag an mBéarla sa Bhruiséil ach tá Rachel Mac Gowan agus roinnt cairde léi ar a ndícheall ag iarraidh a bheith ag cur na Gaeilge chun cinn.

Íomhá
Íomhá
Íomhá

An té a cheapfadh nach bhfuil a lán Gaeilgeoirí anseo i bpríomhchathair na hEorpa, an Bhruiséil, ní bheadh an ceart aige in aon chor! Ní thógann sé ach duine amháin chun labhairt na Gaeilge a spreagadh agus is iontach an rud é an “domino effect” a fheiceáil. Bhí mé féin agus cara liom sa ghiomnáisiam an lá eile, agus thosaíomar ag déanamh comparáide idir na múinteoirí ansin trí Ghaeilge. Bhí craic iontach againn go dtí gur thug an bhean in aice linn a tuairim féin dúinn as Gaeilge! Ansin, rinne duine éigin gearán i gceann de na tithe tábhairne Éireannacha anseo de bharr go raibh “Go raibh maith agat” scríofa i dtrí theanga ar na hadmhálacha a bhí á dtabhairt do na custaiméirí, ach nach raibh an Ghaeilge i measc na dteangacha sin. Rinneadh an gearán as Gaeilge agus d’fhreagair an bainisteoir i nGaeilge líofa!

Go minic, mar sin, nuair a labhraíonn duine amháin as Gaeilge faightear amach go bhfuil an teanga ag daoine eile. Is mar sin a thosaigh an ciorcal comhrá a bhfuil roinnt againn páirteach ann. Bhuail Tomás, ar Beilgeach é, le Valerie, ar cainteoir dúchais as Árainn í, i dteach tábhairne, agus bhí an-suim aige cúpla focal a rá trí Ghaeilge. Mhúin Valerie cúpla abairt do Thomás. An ceann ar chuimhnigh sé uirthi ná “Cén t-am é?” agus bhí sé chomh sásta sin leis féin gur thosaigh sé ar cur na ceiste ar na daoine ar an tsráid agus é ar a shlí abhaile. Tháinig sé trasna ar Eoin, agus d’fhreagair seisean an cheist; bhí ionadh an domhain ar an mbeirt acu, agus is mar sin a tharla an chéad teagmháil.

Tá an ciorcal comhrá ar siúl anois le bliain anuas. Tá ceathrar ag freastal ar an gciorcal seo agus cúlra difriúil ag gach duine againn. Tá Valerie, an duine a chuir tús leis, ina cónaí sa Bhruiséil le dhá bhliain anuas. Bhuail sí lena buachaill ar Árainn nuair a bhí sé ar a laethanta saoire ansin, agus anois tá sí ina cónaí sa Bheilg. Is póilín eisean agus tá Valerie ag obair leis an Kurdish Representative Office. Is as Cill Dara é Eoin. D’fhreastail sé ar Choláiste Chillian, an Ghaelscoil i gCluain Dolcáin i mBaile Átha Claith. Tá seisean ina chónaí sa Bheilg le beagnach bliain anuas agus is dearthóir eitleán é. Bhuail sé lena chailín in Ollscoil Luimnigh, áit a raibh an bheirt acu ag staidéar. Is as Baile Átha Cliath do Rachel, agus tá suim aici i gcónaí sa Ghaeilge. D’fhoghlaim sí an teanga labhartha ar chúrsaí samhraidh sa Ghaeltacht agus í ina déagóir. Anois tá sí ina bainisteoir tionscadal sa Choimisiún Eorpach, agus tá sí ag plé leis na tíortha in iar-Aontacht na bPoblacht Sóivéideach Sóisialta. Is Beilgeach é Tomás ach is Gaeilgeoir é ina chroí, mar tá sé lántoilteanach an teanga a fhoghlaim. Buailimid le chéile uair sa tseachtain.

Traidisiún

Ní féidir linn a rá go bhfuilimid ar an gcéad chiorcal comhrá sa Bhruiséil, óir tá traidisiún na gciorcal comhrá anseo leis na blianta fada. Tá roinnt seanfhondúirí mar Laraí Mac Ardghail, na Ruarcaigh, Éaman agus Maolmhaodhóg, agus Cormac Mac Mathúna ag bualadh le chéile le fada. Bhí an-bhorradh faoi chúrsaí Gaeilge sa Bhruiséil nuair a bhí Gearóid Ó Cléirigh, file, mar Ambasadóir na hÉireann sa Bheilg i lár na nóchaidí. Chuir sé tús le Léachtaí Uí Chléirigh, a bhíodh ann uair sa bhliain. Bhí ag eagraíocht Deoraíocht ann an uair sin freisin, faoi stiúir Frank Patterson, agus imeachtaí de gach saghas, idir cheol agus chaint agus ranganna Gaeilge, ar siúl.

Ba bhréa linn ciorcal níos mó a bheith againn, ach níl sé i gcónaí éasca fáil amach cé hiad na hÉireannaigh a bhfuil Gaeilge acu. Go ginearálta, ní chuireann na daoine as Éirinn an Ghaeilge as a gceann. Ag an am céanna, bíonn faitíos orthu í a labhairt agus is é an leithscéal a bhíonn acu ná “Tá an teanga caillte agam”. De ghnáth, áfach, tagann sí ar ais agus cuireann sé ionadh orthu chomh tapa is a tharlaíonn sé sin, agus an chraic a bhaineann leis an teanga.

Na hÉireannach atá ag cleachtadh na Gaeilge sa Bhruiséil sa lá atá inniu ann, tá an-ghrá againn don teanga ach níl aidhmeanna polaitiúla againn ó thaobh na teanga de. Theip ar na polaiteoirí an beart a dhéanamh nuair a bhí an deis ann teanga oifigiúil a dhéanamh den Ghaeilge san Eoraip. Bhí deis amháin againn, i 1973, ach tá sí sin imithe anois le fada.

I gcomhthéacs an Aontais Eorpaigh, tá an Béarla *de facto *mar an dara teanga ag an gcuid is mó de na ballstáit atá ann faoi láthair agus ag na ballstáit nua. Tá an Béarla á labhairt agus le feiceáil i ngach áit anseo, idir áiteanna sóisialta agus áiteanna oibre. I ndomhan seo an Bhéarla, is gá dúinn ceist a chur orainn féin cén fáth nach bhfuil na hÉireannaigh ag lorg “spáis” chun an Ghaeilge a labhairt eatarthu féin. Nuair a fhágaimid an scoil, bíonn an stór focal againn agus an ghramadach - níl le déanamh ach na píosaí go léir a chur le cheile! Is mór an trua nach bhfuil níos mó daoine toilteanach é sin a dhéanamh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.