Beidh Bille Teanga don Ghàidhlig os comhair Pharlaimint na hAlban an bhliain seo chugainn. Labhair Stiofán MacGréill le hAlasdair Mac Caluim, fear óg atá ceaptha ag an Pharlaimint leis an teanga a chur chun cinn, faoin bhille seo agus faoin obair atá ar bun aige féin.
Níl clú ar Lanarkshire in Albain i dtaca le labhairt na Gàidhlig - is í an Albainis teanga an cheantair go huile is go hiomlán. Ar ndóigh, tá bailte móra ann a bhfuil ainmneacha Gàidhlig orthu, ar nós Gartcosh, Airdrie, Kilcadzow is araile; ach is ón seanam iad na hainmneacha sin, agus níl “seanteanga bhinn na nGael” le cloisteáil sa cheantar níos mó.
Mar sin, is díol spéise é gurb as Stepps, Lanarkshire (lámh le Glaschú) do dhuine den fhoireann Gàidhlig i bPàrlamaid na h-Alba, díograiseoir óg darb ainm Alasdair Mac Caluim. Tá post aige mar Oifigear Coimhearsnachd Gàidhlig; ach is cosúil go bhfuil níos mó ná ‘jab’ idir lámha aige. Is gairm bheatha é, agus admhaíonn sé go bhfuil sé ‘gafa’ aige.
“Níl amhras ar bith ann ach go bhfuil,” a deir sé. “Ach, an dtuigeann tú, creidim go daingean go bhfuil dualgas orm an Ghàidhlig a chur chun cinn. Is í ár dteanga náisiúnta féin í, tar éis an tsaoil, chomh maith leis an Bhéarla. Níor cuireadh brú orm riamh í a fhoghlaim - ach d’fhoghlaim mé í, pé scéal é.”
Tá sí ar a thoil aige anois, ach níor chuala sé í á labhairt sa bhaile agus é ag fás aníos. Tá sé den tuairim gurbh as Earraghàidheal dá mhuintir féin fadó fadó (mar gheall ar a shloinne) agus is é sin an nasc is láidre atá aige leis na Gaeil.
“B’fhéidir gurbh é an grá don teanga a bhí ag Deaid faoi deara é [a spéis sa teanga] i dtús báire, cé nach raibh sé ábalta í a labhairt ar chor ar bith aige. Bhí leabhair fúithi agus faoi chultúr na Gaeltachta timpeall na háite i gcónaí sa bhaile, leabhair Dheaid, ar ndóigh. Thosaigh mé á léamh agus mé i mo dhéagóir, rud a spreag mo shuim sa teanga, sílim. (Suim rómánsach, is dócha!) Ach ba ag Ollscoil Ghlaschú a chuala mé an Ghàidhlig á labhairt den chéad uair. Bhí mé ag déanamh staidéir ar an Léann Ceilteach, Stair na hAlban agus an tSocheolaíocht. Mhéadaigh mo spéis sa Ghàidhlig agus chuaigh mé isteach sa chumann Gàidhlig, Comunn Oiseanach Ollthigh Ghlaschu, cé nach raibh agam ach fíorbheagán den teanga. Déanta na fírinne, ba bheag an méid a bhí ag formhór na mball eile ach oiread! Bhí craic mhaith ann, ámh.”
“Agus mo chéim bainte amach agam, d’aithin mé go raibh orm Gàidhlig a fhoghlaim i gceart - mar sin, chun bóthair liom chuig Coláiste Sabhal Mòr Ostaig san Oileán Sgitheanach ar dhianchúrsa lánaimseartha bliana. D’éirigh liom - agus seo mé anois, ag obair go proifisiúnta leis an teanga le ceithre bliana anuas. Agus sin é mo scéal!”
Dualgais
Tá raon leathan dualgas air mar gurb é an t-aon oifigeach amháin Gàidhlig ar fhoireann na Roinne Oideachais, cé go bhfuil leathbhádóir i roinn eile aige, Sarah Gundry. Is Oifigear Fiosrachaidh í siúd i Roinn Fiosrachaidh a’ Phobaill.
“Achan ní atá ag baint leis an teanga, bhuel, tá sé faoinár gcúram a bheag nó a mhór. Go bunúsach, is é mo phríomhfhreagracht ná an Ghàidhlig a chur chun cinn sa chomhphobal thar ceann na Pàrlamaid. Mar shampla, bím ag tabhairt cuairteanna go rialta ar scoileanna ag insint do na daltaí faoina bhfuil ar bun againn sa Phàrlamaid maidir leis an teanga. Nó, nuair a thagann na páistí isteach anseo, faigheann siad ‘an Turas Mór Treoraithe’ uaimse!”
Freagracht eile atá air féin agus ar Sarah fosta ná ábhar Gàidhlig a chur in eagar do shuíomh gréasáin na Pàrlamaid (www.scottish.parliament.uk)
Is gné spéisiúil eile dá chuid oibre é an t-aistriúchán, a deir sé: “Spéisiúil ach doiligh - agus ní miste liom a admháil go bhfuil Sarah i bhfad níos fearr ná mise ina bhun, ach beidh liom, lá éigin!”
“An nua-théarmaíocht an fhadhb is mó atá againn anseo. An dtuigeann tú, níl an Phàrlamaid ar an saol le fada, agus níl taithí fhada againne, i gcomparáid le Dáil Éireann, nuair a bhíonn focail nua de dhíth. Níl Coiste seasta Téarmaíochta againn, níl Caighdeán Oifigiúil ag Gaeil na hAlban, fiú. Tá sé deacair. Ceart go leor, rinne Ailig Ó Hianlaidh, iar-Oifigear Gàidhlig anseo, rinne sé éacht anuraidh nuair a bhí sé ag obair ar Faclair na Pàrlamaid. Bhí an t-uafás oibre ann, in ainneoin cúnamh (airgid, srl) a bheith ar fáil ó Chomunn na Gàidhlig agus ón Fheidhmeannas. Cuireadh amach 5,000 cóip de - tá sé ar líne fosta.
“Ach bíonn abairtí agus focail nua de dhíth i rith an ama, de réir mar a thagann coincheap nó reacht nó polasaí nua ar an saol - caithfidh duine bheith an-chruthaitheach! Tá a fhios agam nach bhfuil mé i m’údar ar chúrsaí den saghas sin, ar aon bhealach. Mar atá an scéal, tá mé ag fhoghlaim Ghaeilge na hÉireann faoi láthair de bhrí go sílim go gcabhródh sí liom focail nua a chruthú dúinne - b’fhéidir go mbeinn in ann téarmaíocht ón Oireachtas a athchóiriú? Dála an scéil, caithfidh mé a rá go bhfuil an Ghaeilge cuid mhaith níos deacra ná an Ghàidhlig. Shíl mé i gcónaí gur beag difear a bhí eatarthu - bhuel, bhí mé mícheart amach is amach.”
Ar an dea-uair, níl Alasdair ná Sarah gan tacaíocht maidir le cúrsaí nuathéarmaíochta: tá meitheal oibre, Tionscnamh um Theangacha Eorpacha, curtha ar bun i bhFeidhmeannas na hAlban chun nuashonrú rialta a dhéanamh ar Faclair na Pàrlamaid.
Ainm do pháirc nua
B’fhéidir go ndéarfadh daoine áirithe gur ceist beagán rundiamhair í an téarmaíocht - ach ní hea ag 375 Àrd-Shràid, Dùn Èideann, cinnte. Mar shampla, i láthair na huaire tá díospóireacht faoi lán seoil faoi ainm cruinn don pháirc nua, Cairngorm National Park. Tá Iain Fearchar Rothach (Feisire Libearalach Dheamocratach do Ros, An t-Eilean Sgitheanach agus Inbhir Nis an Iar, ar cainteoir dúchais é), tá sé buartha faoina hainm oifigiúil nua as Gàidhlig - ‘Pàirc Nàiseanta a’ Mhonaidh Ruaidh’. Luann sé nach bhfuil i gceist anseo ach Páirc an tSléibhe Rua, ach go bhfuil an dara sliabhraon sa limistéar, is é sin Monadh Liath. Mar sin, is dóigh leis gur cheart ‘Pàirc Nàiseanta a’ Chàirn Ghuirm’ a thabhairt ar an pháirc nua seo.
Is mór an trua, áfach, gur beag duine i measc na bhfeisirí eile a bheadh in ann an cheist seo a chíoradh i nGàidhlig. Seachas Iain Fearchar Rothach, níl ach feisire amháin eile ar cainteoir ó dhúchas é, is é sin Alasdair Moireasdan (Làbarach, Na h-Eileanan Siar). Sin ráite, tá feisirí eile a bhfuil roinnt Gàidhlig acu - nó nach bhfuil sí acu ach atá báúil léi mar sin féin. Ina measc, tá roinnt daoine cumhachtacha, mar George Reid, Ceann Comhairle ar an Phàrlamaid. Go ginearálta, tacaíonn na feisirí leis an Ghàidhlig, dar le hAlasdair MacCaluim: “Ag an Phàrlamaid dheireanach, mar shampla, bhí triúr a thug a mionn as Gàidhlig: Coinneach Mac an Tòisich (Làbarach), Rob Gibson (Pàirtaidh Nàiseanta na h-Alba) agus Eleanor Scott (Uaine)”.
Bille na Gàidhlig
Tá saothar áirithe ar na bacáin a mbeidh an-bhaint aige féin agus ag a chomhghleacaí leis, is é sin Bille na Gàidhlig. Tá sé seo ríthábhachtach, mar a dúirt Jack McConnell, Príomh-Mhinistear Phàrlamaid na h-Alba nuair a d’fhógair sé é ag Mòd Nàiseanta Rìoghail i mí Dheireadh Fómhair: “Tá mé anseo chun an chéad bhille Gàidhlig riamh a ndeachaigh rialtas na hAlban in urrús air, a chur faoi bhur mbráid. An bille atáimid a fhógairt inniu, tá sé ríthábhactach do thodhchaí na tíre agus na teanga. Faoin bhille seo, glacfar leis an Ghàidhlig mar theanga oifigiúil in Albain den chéad uair riamh.”
Seo cuid de na nithe is tábhachtaí a bheas i gceist sa bhille:
Beidh an Ghàidhlig ina teanga oifigiúil fud fad na hAlban, i dteannta leis an Bhéarla. Tabharfar aitheantas do Bhord na Gàidhlig (BnG) mar eagras reachtúil sa tír a mbeidh sé mar dhualgas air an teanga a chur chun cinn i measc an phobail go léir. Beidh iallach ar BnG plean náisiúnta don teanga a fhorbairt. Beidh iallach ar eagraíochtaí poiblí (ar nós Historic Scotland, an Scottish Legal Aid Board, etc.) a bpleananna féin a fhorbairt i dtaca le húsáid na teanga.
“Níl sé le plé go mí an Mheithimh,” ar Alasdair, “ach cheana féin, tá an Feidhmeannas á ullmhú. Tá mé ag tnúth go mór leis na díospóireachtaí, go háirithe nuair a bheas an bille ag céim an choiste. Deirtear liom go ndéanfar mórán den phlé as Gàidhlig, le haistriúchán comhuaineach, ar ndóigh. (Beidh daoine in ann an plé a leanúint ar líne, gan amhras.) Measaim féin go spreagfaidh sin Gaeil le cuairt a thabhairt ar an Phàrlamaid - beidh siad ag plódú isteach, tá súil agam, agus beidh mise gnóthach!
“Ardóidh sé stádas na teanga in Albain go ginearálta fosta. Ó, go deimhin, tá mé ag tnúth go mór leis.”
Is féidir dul i dteagmháil le hAlasdair ach scairt a chur ar 0131 348 5395 nó ag Alasdair.MacCaluim@scottish.parliament.uk Is iriseoir agus scríbhneoir é Stiofán Mac Gréill a bhfuil cónaí air i nDunblane na hAlban.