Tá Ellen van Vossen agus Oliver Wagemann as an Ollainn an-tógtha le hÉirinn agus, mar sin, chinn siad ar mhí a chaitheamh ag rothaíocht timpeall iarthuaisceart na tíre sa samhradh i mbliana. Tá cur síos anseo acu ar chuid de na nithe a chonaic siad.
Inár suí ar an bhalcóin bheag atá mar chuid d’ár n-árasán in Amsterdam, ní raibh sé deacair cinneadh a dhéanamh faoi dhul go hÉirinn ar saoire rothaíochta. De bharr go bhfuil muid inár gcónaí in árasán i dtír a bhfuil dlús daonra an-ard inti, is breá linn beirt an timpeallacht gan mhilleadh agus an tírdhreach garbh, cnocach atá in Éirinn. Bhí muid sa tír cheana agus thaitin sí go mór linn. Seo an chéad saoire rothaíochta a bheadh againn le chéile.
Taobh istigh de cheithre seachtaine thaistil muid timpeall 650 míle ó Chathair na Mart go Béal Feirste. Ní dhearna muid é seo le pionós a ghearradh orainn féin: is é an mana atá againn ná “rogha de dheoin atá i gceist le saoire”.
Is éard is mian linn a dhéanamh san alt seo (agus i gceann na míosa seo chugainn) ná cur síos a thabhairt ar an taithí a bhí againn in Éirinn agus leis na hÉireannaigh. Dála go leor cuairteoirí ón choigríoch, chaith muid an chuid is mó den am ag tabhairt cuairte ar cheantair ar an chósta, fráma an phictiúir ar a dtugtar Éire.
Do rothar féin
Ar an 6 Iúil d’fhág muid Aerfort Schiphol in aice le hAmsterdam. Is é do rothar féin an ceann is fearr le húsáid agus tú ar saoire má tá ceann maith agat. Cuireadh rothair s’againne i mboscaí speisialta agus bhain siad aerfort Bhaile Átha Cliath amach agus gan damáiste ar bith déanta dóibh. Bhí muid breá réidh don aistear trí charrmhothar uirbeach Bhaile Átha Cliath. Bhraith muid go raibh ár mbeatha i mbaol. Thóg muid traein ó Stáisiún Heuston go Cathair na Mart. Chaith muid ceithre huaire ag taisteal ar an traein sin agus ansin chuir muid deireadh leis an chéad lá le deoch taobh amuigh d’ár bpuball. Deoch an dorais!
Agus muid ag taisteal idir Cathair na Mart agus Acaill, bhí Cuan Mó le feiceáil os ár gcomhair amach. Deirtear go bhfuil 365 oileán sa chuan sin, ceann do gach lá den bhliain. Is iad na hoighearshruthanna san oighearaois a chruthaigh iad. Ba le John Lennon ceann de na hoileáin sin. I ndiaidh a bháis, rinne hippies oilithreachtaí go dtí an áit. Ní raibh sé deacair a shamhlú chomh gaofar is a bheadh sé anseo i rith doininne mar gur beag nár séideadh an bheirt againn ar shiúl. Tá an áit breac le caoirigh agus iad ar nós cuma liom faoin chineál aimsire a bhíonn ann.
Cuireann na huaigheanna sa reilig atá in aice láimhe i gcuimhne dúinn gur bádh neart daoine sa taobh seo tíre. Sa reilig chéanna, tá siad siúd a fuair bás le linn an Ghorta Mhóir curtha. Tá na hÉireannaigh an-tógtha leis an am a chuaigh thart. Dúinne, tá an chuma ar an scéal go bhfuil an saol atá imithe fós beo i gcroí shochaí chomhaimseartha na hÉireann. Sa chomhthéacs seo, níl muid ag caint ar íospartaigh an Ghorta amháin ach ar na reiligí go léir agus iad lán d’uaigheanna atá coinnithe go maith.
In aice leis an Chaol i Maigh Eo, thug muid cuairt ar shráidbhaile bánaithe. Bhí na ballóga suite ag bun an tSléibhe Mhóir. B’fhéidir go raibh leibhéal na farraige níb airde fadó agus nach raibh daoine ábalta cónaí a dhéanamh sa ghleann dá bharr.
Thug muid faoi deara go bhfuil an nós nua seo tagtha chun cinn an dara teach a thógáil. Léigh muid ailt sna nuachtáin faoi phraghas na dtithe a bheith ag méadú agus an cinneadh a bhí déanta ag an rialtas faoiseamh cánach a thabhairt do dhaoine a thógfadh tithe samhraidh. Is mór an trua go bhfuil go leor de na tithe seo nach luíonn leis an timpeallacht ar chor ar bith. Tá an obair thógála atá ar siúl ar an chósta thiar an-suntasach anois i gcomparáid le deich mbliana ó shin. Is léir go bhfuil an borradh atá faoi gheilleagar na hÉireann ag dul i bhfeidhm ar an taobh seo den tír chomh maith.
Tá sé deacair dúinne atá inár gcónaí i gcathair mhór a chreidiúint go bhfuil teaghlaigh ann a bhfuil radharc acu ar an fharraige agus ar na sléibhte óna seomra suí. An rud atá greannmhar ná go suíonn an chuid is mó acu ar an tolg agus a ndroim leis an taobh amuigh! Ón áit áirithe seo, bíonn an radharc is fearr agat ar fhuinneog an tsaoil mhóir, an teilifís.
Corrdheoir fhearthainne
Nuair a bhíonn tú ag brath ar an rothar agus ar an phuball, bíonn ort cur suas le corrdheoir fhearthainne. Ar an dea-uair, bíonn teach tábhairne i gcónaí in aice láimhe áit ar féidir leat suí go deas tirim - tá sé níos fearr a bheith fliuch taobh istigh ná taobh amuigh a dúradh linn - agus féachaint ar theilifís na hÉireann. Chonaic muid cluiche iománaíochta den chéad uair. D’fhéach muid ar a chéile agus gan muid cinnte an raibh muid ag amharc ar chluiche rugbaí, haca nó peile. Bhí cuma air go raibh na trí chluiche sin á n-imirt le chéile. Tá muid cinnte go bhfágfadh cluiche iománaíochta duine níos traochta ná an rothaíocht ar fad a rinne muidne.
Tá na hÉireannaigh an-tógtha leis an iománaíocht agus chuir muid suntas sa mhéid tithe i Maigh Eo a raibh bratacha agus dathanna foirne éagsúla ar crochadh uathu.
Bíonn oiread féilte ar siúl in Éirinn i rith an tsamhraidh. I mBéal an Átha, Contae Mhaigh Eo, chaith muid tréimhse ghairid ag an Fhéile Ealaíne Sráide. Ag Iascaigh ar chósta Shligigh chaith muid roinnt ama ag féachaint ar mharcaithe toinne ar an fharraige agus ar iascairí slaite ar a sáimhín só san abhainn.
I ndiaidh Sligeach a fhágáil, chuaigh muid trí cheantar an-álainn thart fá Loch Gile agus tríd an ghleann idir dhá shliabh, Trosc Mór agus Cloch Corrach. I ndiaidh 265 míle rothaíochta, d’fhág muid Sligeach, Maigh Eo agus Liatroim inár ndiaidh agus isteach linn i gContae Dhún na nGall ag an phointe is cúinge i bPoblacht na hÉireann.
Ar leanúint an mhí seo chugainn.