TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAEILGE I gCÉIN
Ag Gaeilgeoireacht i gceartlár na Gréige
Konstantinos Sakellares Konstantinos Sakellares Konstantinos Sakellares

Is duine de theaghlach seisir a tógadh faoin tuath sa Ghréig é Konstantinos Sakellares. Is é an t-aon Ghaeilgeoir amháin sa teach é agus gach seans, fiú amháin, gurb é an t-aon duine sa réigiún ar fad a bhfuil an teanga aige.

Íomhá
Konstantinos Sakellares
Íomhá
Consaidín (an ceathrú duine ón bharr sa líne taobh amuigh) ag máirseáil lenachomhshaighdiúirí, Teasaloiniceai, An Mhacadóin, Márta 2003
Íomhá

Gach uair a ghlaonn mo chairde “Consaidin” orm (is é “Consaidin” leagan Gaeilge m’ainm baiste, Konstantinos, rud atá úsáideach agus an t-ainm céanna ort is atá ar leath na bhfear sa Ghréig!), samhlaítear dom gur cuid bheag bhídeach mé de phobal atá ag síorfhás ar fud na cruinne, is é sin an dream a labhraíonn nó atá ag foghlaim theanga na nGael. Is fear óg ceithre bliana is fiche d’aois mé agus is Gréagach ó dhúchas mé. Tá cónaí orm i dTeasáil (Thessalia), ceantar dúchais Aicill agus Iasóin i gceartlár na Gréige, agus réigiún ina bhfuiltear ag tógáil capall urrúnta i dtólamh.

Ní cuimhin liom go cruinn cathain a thosaigh mé ag éirí fiosrach faoin Ghaeilge agus faoin náisiún féin. Thaitin na foinn éagsúla i gceol na hÉireann i gcónaí liom féin agus le mo theaghlach agus, ar ndóigh, thaitin áilleacht nádúrtha an Oileáin Iathghlais liom. Ní dhéanfaidh mé dearmad ar mhúinteoir áirithe a bhí againn ar scoil fadó, múinteoir an-fhoghlamtha agus tírghráúil, a raibh dúil as cuimse aici sa mhiotaseolaíocht Heilléanach. Bhí an-eolas aici ar na Ceiltigh freisin, agus bhí sí cinnte dearfa gurbh iad na Danaoi, tuath na Sean-Ghréige, agus Tuatha De Danann na finscéalaíochta an dream ceannann céanna in anallód!

Tuigeadh dom sa deireadh, blianta ina dhiaidh sin, le linn mo chéad chuairte ar Éirinn agus ar an Ghaeltacht (Samhradh 1998) go mb’fhéidir nár de shliocht *Danaoi *na Gréige iad na Gaeil ná na Tuatha Dé Danann; mar sin féin, chonacthas dom gur dream iontach ab ea na Gaeil, a raibh croí misniúil agus uasal acu, agus thuig mé go raibh a ndearcadh féin ar an saol acu. Smaoinigh an t-ionadh a bhí orm nuair a bhuail mé le daoine a bhí ag casaoid faoin mhí-ádh a bhí orthu gur chuir Dia i bhfad rófhada ó thuaidh iad, in ionad iad a lonnú in aice le farraigí teo na Gréige!

Ar feadh dhá mhí, bhain mé taitneamh as an fháilte a chuir teaghlaigh Éireannacha romham agus mé ag dul timpeall na Gaeltachta - i dtigh Johnnie Sheáin Jack san Aird Thiar, Conamara, mar shampla; i dtigh Shéamais Uí Choirbín i gCois Cladaigh, An Bun Beag, Co. Dhún na nGall; agus i dtigh Mháirtin Uí Ríordáin i gCúil Aodha, Co. Chorcaí, gan trácht ach ar bheagán díobh, go gcuire Dia rath orthu go léir. Bhain mé taitneamh chomh maith as teanga bheo na nGael agus as an cheol, agus thit mé i ngrá leis na radharcanna tíre is mara (agus níorbh shin amháin é!) Thógfadh sé leabhar iomlán orm cuntas a thabhairt ar gach aoibhneas agus brón a bhraith mé le linn mo laethanta in Éirinn. Ní miste dom a rá gur dearnadh duine úr díom. Fuair mé amach cuid mhaith fúm féin agus mé in Éirinn agus, mar mhalairt air sin, d’fhág mé píosa de mo chroí féin i mo dhiaidh.

Beatha an tsaighdiúra

Táim sa bheairic anois, i seirbhís an Ghoirm agus an Bháin (bratach na Gréige), i sléibhte na Macadóine. Tá beatha an tsaighdiúra doiligh go leor, agus uaigneach agus garg. Uaireanta, bíonn sé deacair súil a choiméad ar an teorainn, go háirithe faoi ghrian niamhrach na Méanmhara ag an am seo den bhliain, ach ní gearánta dom. Dar liom, is éard atá i gceist le seirbhís airm a dhéanamh, os cionn gach uile ní, ná féachaint chuige nach dtarlóidh cogadh arís agus seanéacht dilghrách a chosaint: an tsaoirse. Saoirse talamh de do chuid féin a bheith agat nó í a fhágáil, saoirse amhráin a ghabháil nó fanacht i do thost, creidiuint nó gan creidiúint, saoirse dóchas a bheith agat nó titim in éadóchas.

Ag Dia atá a fhios an rachaidh mé ar ais go hÉirinn go deo. B’fhéidir go rachaidh go luath, agus níos mó muiníne agam asam féin agus tuiscint níos fearr ar chúrsaí. ("Castar na daoine ar a chéile ach ní chastar na cnoic ná na sléibhte”, mar a deirtear sa Ghréig freisin!) B’fhéidir nach rachaidh mé ar ais, áfach, mar nach bhfuil an t-airgead agam chun siúl trasna na sráide faoi láthair! Ba bhreá liom staidéar ceart a dhéanamh ar an Ghaeilge lá éigin. Ach tá rud amháin fíor go cinnte: tá an t-ádh dearg orm gur chuir mé aithne ar na Gaeil agus ar a nglór iontach. Tá mé an-sásta faoin mhéid sin.

Nuair nach mbím ag traenáil le hairm, caithim roinnt ama ag éisteacht leis an cheol is fearr liom agus ag déanamh iarrachta mo chuid ceoil féin a chumadh. Bím ag léamh shaothar Hóiméir, WB Yeats agus Mháirtín Uí Dhireáin, agus ag ceol amhrán fara mo chomhshaighdiúirí. Is maith liom a bheith ag déanamh staidéir ar bhéaloideas na hÉireann freisin, go háirithe na seanfhocail, na tomhais agus an scéalaíocht, agus mo chóip d’fhoclóir an Duinnínigh in aice láimhe.

Níl an Ghaeilge deacair ar chor ar bith, dar liom, nó b’fhéidir gur maith liom an teanga an iomarca. Go bunúsach, is indéanta gach ní nuair atá grá agat dó. Go minic ní bhíonn fonn ar dhaoine an méid sin a admháil.

Is maith liom an lúthchleasaíocht chomh maith. Tá go leor ruaille buaille ann faoi láthair faoi na Cluichí Oilimpeacha (www.athens2004.com), a bheidh ar siúl san Aithin an bhliain seo chugainn. Beidh fáilte is fíche romhaibh go léir go dtí an Ghréig, ar ndóigh, tír bheag i gcéin atá cairdiúil riamh anall le hÉirinn. Tá claonadh ag na Gréagaigh a bheith chomh mór céanna in aghaidh coinbhinsiúin agus chomh fáilteach is atá na hÉireannaigh, ach b’fhearr daoibh teacht anseo go bhfeice sibh féin na cosúlachtaí sin. Sin cuireadh daoibh!

Nóta ón údar:

Scríobh mé é seo mar bhuíochas ó chroí do Thomás L. Standeven, Jr. (1931-2002), píobaire uilleann den scoth as Philadelphia, agus don Athair Seán Ó Coinn, i bparóiste Ghort Leitreach, Co. Liatroma. Is cainteoirí Gréigise agus Gaeilge araon an bheirt acu. Ba iadsan a chuir ar an eolas mé faoin Ghaeilge agus faoi bhinneas a cuid fuaimeanna. Bhí siad ar a ndícheall i gcónaí ag cuidiú liom, chaith siad airgead orm agus bhí muinín acu asam. Bhí siad mar a bheadh athair agam agus tá súil agam go dtabharfaidh mé ómós mór dóibh lá éigin. Tá ré órga i ndán don Ghaeilge má bhíonn dream deonach den chineál seo ag plé léi.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.