AR NA SAOLTA SEO/SEAL LE LIZ
Ag dul i mbun fhoghlaim na hIodáilise (Cuid 3)
Liz Curtis Liz Curtis Liz Curtis

Déanann Liz Curtis cur síos an mhí seo ar chuid de na heachtraí eile a bhain di agus í ar a bealach go Lucca san Iodáil le freastal ar chúrsa teanga agus ar an bhaile féin.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Ballaí Lucca
Grianghraf: Liz Curtis
Íomhá
Tithe i bPiazza Anfiteatro, Lucca
Grianghraf: Liz Curtis
Íomhá
Cloigtheach San Frediano, Lucca
Grianghraf: Liz Curtis

](..\2005-01\lizseal.asp) Cuid 1 le fáil anseo ](..\2005-02\lizseal.asp) Cuid 2 le fáil anseo

Chuaigh mé ó Phisa go Lucca ar an traein. Agus mé ag fanacht ar an ardán i bPisa, tháinig bean chugam.

“An é seo an t-ardán do thraein Phrato?” a d’fhiafraigh sí díom.

“Níl a fhios agam,” a d’fhreagair mé. “Tá mise ag dul go Lucca.”

“Go maith. Caithfidh mé aistriú ag Lucca,” ar sise.

Thosaigh muid a dhéanamh comhrá, ansin shuigh muid le chéile ar an traein. Traein mhall a bhí inti, a chuaigh trí chnoic ghleoite na Tuscáine, a bhí glas go fóill cé gur mí na Samhna a bhí ann, agus tithe breátha tógtha go hard orthu.

“Is as an Úcráin mé,” arsa an bhean. “Nina is ainm dom.” Labhair sí in Iodáilis, cé gur dhúirt sí nach raibh sí líofa. “Tá mé ag foghlaim,” a deir sí. Bhí go leor Iodáilise agam féin le hí a thuigbheáil, cé nach raibh mé ábalta mórán a rá léi. Ba chuma sin mar go raibh neart le rá aicise.

Bhí sí tuairim is daichead, í beag agus gleoite.

“Tá mé san Iodáil fá choinne oibre,” ar sise. “Bhí mé sa tír seo roimhe. Tá post agam mar ghlantóir le dochtúir i bPrato. Ní raibh mé sa chathair sin roimhe, agus níl aithne agam ach ar dhuine amháin ansin.

“Níl rogha ar bith agam - tá rudaí chomh holc sin san Úcráin. Tá mé iontach brónach agus bím buartha an t-am ar fad.”

Bhí géarchéim mhór pholaitiúil san Úcráin ag an am, agus bhí an-imní uirthi faoi sin. Dúirt sí freisin: “Tá an tír faoi smacht mafiosi. Tá achan rud i seilbh thart fá sheisear. Tá achan duine ag fagáil na tíre le hobair a fháil in áiteanna eile.”

Maidir lena teaghlach féin, dúirt sí: “Gortaíodh mo nia i dtubaiste Chernobyl. Rinneadh damáiste dá chóras imdhíonta agus faigheann sé achan tinneas atá ag dul thart. Bíonn sé i gcónaí tinn.”

Labhair sí faoina fear céile ansin: “Tá sé seasca bliain d’aois. D’oibríodh sé sna mianaigh ghuail mar leictreoir, agus d’oibrínn féin os cionn na talún, ag déanamh réidh na masc. Tá a scamhóga go holc anois, cionn is go raibh sé ag obair faoin talamh, agus níl ach pinsean an-bheag aige. Níl go leor airgid againn le maireachtáil.

“Tá seisean iontach uaigneach mar go bhfuil mé imithe. Dá bhrí sin, ólann sé vodca an t-am ar fad, agus bíonn mo pháistí ag impí orm arís agus arís eile ar an ghuthán, ‘Tar ar ais, tar ar ais.’”

Dúirt muid slán lena chéile nuair a shroich an traein Lucca. Smaoinigh mé siar go dtí an lá roimhe sin, agus an fear ar bhuail mé leis ar an eitleán as Londain. Duine deas dea-ghléasta a bhí ann, thart fá sheasca bliain d’aois. Dúirt sé liom go raibh cónaí air i gCambridge Shasana, agus go raibh sé ar a bhealach go dtí a theach saoire sa Tuscáin don deireadh seachtaine. Nach mór an difear a bhíonn idir saol daoine éagsúla ar an phláinéad seo?

Ballaí na cathrach

Tá stáisiún Lucca direach taobh amuigh de bhallaí na cathrach. Tá clú agus cáil ar Lucca mar gheall ar na ballaí seo. Tá siad iontach mór, déanta as bríce dearg agus clúdaithe le féar. Téann siad timpeall ar an tseanchathair ar fad, agus tá cosán atá ceithre chiliméadar ar fhad thart orthu, agus aibhinne álainn crann in aice leis.

Tógadh na ballaí seo idir 1544 agus 1650, agus tá deich n-urdhún ollmhóra ag gobadh amach astu, i stíl mhíleata na tréimhse sin. Taobh istigh, tá iarsmaí le fáil de dhá bhalla cathrach atá níos sine; thóg na Rómhánaigh an chéad cheann agus baineann an dara ceann leis na meánaoiseanna.

Chuaigh mé trí gheata ollmhór go dtí an seanlár, an centro storico. An Domhnach a bhí ann, agus bhí an oifig turasóireachta druidte. Mar sin chuaigh mé isteach i siopa beag nuachtán i bPiazza Napoleone, an chearnóg is mó. Bhí freastalaí cineálta ann, agus thaispeáin sí ar léarscáil dom cá raibh mo cheann scríbe.

Bhuail mé an bóthar agus mo chás ar rothaí i mo dhiaidh. Bhí orm siúl suas Via Fillungo, atá mar chroí na cathrach. Tá sé iontach cúng agus tá seanfhoirgnimh arda ar an dá thaobh. Ag leibhéal na sráide, tá mórán siopaí beaga áille dea-mhaisithe, ag díol éadaí costacha, seoid agus seacláide.

Thart fá leath i ndiaidh a cúig trathnóna a bhí ann, agus bhí an passegiata i ndiaidh tosú. Ciallaíonn "passegiata" siúlóid, agus ag an am sin achan lá tagann chóir a bheith achan duine sa chathair amach ar na sráideanna, go háirithe go dtí Via Fillungo agus na sráideanna in aice leis.

Ghluais mé ar aghaidh go han-fhadálach, ag tarraingt an cháis. Ní fhéadfainn bogadh ní ba ghaiste. Bhí an tsráid dubh le daoine, agus iad ag siúl go réchúiseach, mall suas síos, ag stopadh fá choinne comhrá beag, nó ag taispeáint a gcuid leanaí nó madaí beaga do dhaoine eile, nó ag bualadh isteach i gcaife le sólaistí a fháil.

Sa deireadh, shroich mé mo cheann scríbe, árasán Francesca. Tá sé suite i seansráid atá pábháilte le duirleoga, agus *campanile *- nó cloigtheach - shéipéal San Frediano le feiceáil ag a deireadh. (Ba naomh Éireannach é San Frediano, ach inseoidh mé daoibh faoi amach anseo.)

Tá doras ollmhór ar an fhoirgneamh, ansin tá halla dorcha boghtach ann, ina gcoinníonn daoine a gcuid rothar. Tá staighre mór fada cloiche ann ansin, a théann suas go dtí an barr, thart fá cheithre urlár, agus geata atá faoi ghlas ar gach leibhéal.

Sa deireadh, bhí mé ansin. Chuir Francesca fáilte chroíúil romham agus thaispeáin sí a hárasán mór compordach ar fad dom.

An lá dár gcionn, bheinn ag dul go dtí an Centro Koinè do mo chéad rang Iodáilise!

Is scríbhneoir agus grianghrafadóir í Liz Curtis, a bhfuil cónaí uirthi i mBéal Feirste.

](..\2005-04\liz_seal.asp)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.