Nuair a luigh Liz Curtis isteach ar an Iodáilis a fhoghlaim anuraidh, ba bhuntáiste í an taithí a bhí aici mar fhoghlaimeoir Gaeilge.
Go luath in 2004, chinn mé ar iarracht a thabhairt ar an Iodáilis a fhoghlaim. Lena aghaidh sin, shíl mé go mbainfinn úsáid as an taithí a fuair mé agus mé ag foghlaim na Gaeilge. Shíl mé go mbeadh sé suimiúil fáil amach an n-oibreodh na modhanna céanna, agus comparáid a dhéanamh idir an dá thaithí.
Is doras go dtí cultúr nua é teanga a fhoghlaim. Agus mé ag tosú ar an Ghaeilge, dúirt mé go minic gur mhothaigh mé mar charachtar sa leabhar do pháistí, The Lion, The Witch and the Wardrobe. Chuaigh mé isteach i gcófra, ansin chuaigh mé amach tríd an chúl agus d’airíos mé féin i ndomhan a bhí go hiomlán difriúil.
Bhíos sáite i gcultúr Shasana agus gníomhach i bpolaitíocht na heite clé. Saol praiticiúil siosmaideach a bhí ann, agus ní raibh mórán spáis ann don tsamhlaíocht. Ansin, lá amháin, chuaigh mé chuig rang beag Gaeilge sa siopa leabhar Éireannach, Green Ink, a bhíodh suite ag bun tí spéire i dTuaisceart Londan. Bhí múinteoir an-deas, séimh againn. Dúirt muid amhráin sa rang - rud nach ndéanann Sasanaigh go minic - agus léigh muid scéalta draíochtúla ón bhéaloideas.
Ansin bhog mé go Béal Feirste, agus bhí an t-ádh orm mar go raibh saol na Gaeilge an-bhríomhar sa chathair ag an am. Bhí a lán ranganna neamhfhoirmiúla ann, agus múinteoirí a bhí ag obair go deonach ina mbun. Spreag na Gaeilgeoirí na tosaitheoirí go mór. Chomh maith leis sin, thug mé cuairt ar cheantracha Gaeltachta - ar dtús chuaigh mé go Gleann Cholm Cille i nDún na nGall, agus níos moille go Contae Mhaigh Eo, Conamara, agus Contae Chiarraí.
Ag an am chéanna, thosaigh mé a thaiscéaladh stair agus chultúr na teanga. Chuaigh mé ar ais dhá mhíle bliain go dtí teacht na gCeilteach go hÉirinn - agus níos faide siar fiú - ansin tháinig mé ar ais de réir a chéile i dtreo an lae inniu. Ar an bhealach, thit mé i ngrá le dánta gonta, áille na manach ón ré luath-Chríostaí agus ansin leis na hamhráin ón 18ú haois, atá mar chuid den traidisiún amhránaíochta fós.
Ag smaoineamh siar anois, feictear dom gur aisteach an rud é nach raibh fiú blúire den eolas sin agam deich mbliana ó shin. An mbeadh an taithí chéanna agam leis an Iodáilis, dá rachainn ar aghaidh léi?
Cúiseanna éagsúla
I mo chás féin, níorbh ionann foghlaim na Gaeilge agus foghlaim teangacha ar scoil, agus d’éirigh i bhfad níb fhearr liom leis an Ghaeilge. Cén fáth? Is dócha go raibh cúiseanna éagsúla i gceist.
Ba rud an-tábhachtach é, measaim, go raibh turas taiscéalta i gceist leis an Ghaeilge, mar a dúirt mé cheana. Rud eile ná go bhfuair mé amach go bhfoghlaimím teangacha i bhfad níos fearr trí mo chluasa ná trí mo chuid súl. D’éist mé le téipeanna (arís agus arís eile!) agus le Raidió na Gaeltachta, agus d’amharc mé ar TG4.
Tá a fhios agam go bhfuil an ghramadach an-tábhachtach, go háirithe aimsirí na mbriathra, ach nuair a amharcaim ar rialacha gramadaí, tagann mearbhlán i mo cheann. Bhí an t-ádh orm mar go ndeachaigh mé chuig rang ar feadh tamaill inar úsáid an muinteoir druileanna béil leis na briathra a theagasc.
Rud eile, má bhíonn ábhar suimiúil nó úsáideach faoi chaibidil, bíonn sé níos fusa an teanga a fhoghlaim. Má tá suim mhór agat sa rud a bhfuil tú ag éisteacht leis, nó ag léamh faoi, foghlaimeoidh tú gan smaoineamh, i ngan a fhios duit féin.
Cleas beag bídeach eile ná go ndéanaim mo liostaí laethúla sa teanga atá mé ag iarraidh a fhoghlaim. Achan lá, déanaim liosta agus ainm an lae ar barr - Dé Luain, Dé Máirt, nó cibé lá atá ann. Ansin, scríobhaim liosta de na rudaí a chaithfidh mé a dhéanamh, agus liosta siopadóireachta ar a chúl. Sa dóigh sin, faigheann tú focail agus abairtí bunúsacha agus úsáideacha ón tús.
An rud is tábhachtaí, ar ndóigh, ná an cleachteadh cainte. Agus, rud a bhí an-tábhachtach domsa, ná gur thosaigh mé ag scríobh i nGaeilge chóir a bheith ón tús.
Bhuel, le cúpla mí anuas anois tá mé ag iarraidh na rudaí sin uilig a dhéanamh trí mheán na hIodáilise. Éistim leis an raidió Iodáilise ar an idirlíon, agus léim nuachtáin sa dóigh chéanna. Tá roinnt mhaith téipeanna agam, agus déanaim mo chuid liostaí san Iodáilis.
Rinne mé iarracht dul chuig ranganna oíche i mBéal Feirste, ach níor éirigh go maith liom. Ní raibh go leor daoine sa chéad cheann agus, sa dara ceann, labhair an múinteoir Béarla an t-am ar fad. Rud eile, bhí mé róthuirseach, i ndiaidh an lá a chaitheamh ag obair, leis an iarracht cheart a dhéanamh.
Ach ansin fuair mé amach - tríd an idirlíon, ar ndóigh! - faoi scoil san Iodáil a raibh cuma uirthi go raibh sí iontach cosúil le hOideas Gael i nGleann Cholm Cille. Téann daoine fásta ansin ó thíortha éagsúla le staidéar a dhéanamh ar theanga agus ar chultúr na hIodáile. Is é an t-ainm atá ar an scoil ná Centro Koinè *- ba é *Koinè teanga choiteann na Meánmhara in am na Sean-Ghréagach.
Eagraíonn *Centro Koinè *(www.koinecenter.com) cúrsaí i roinnt cathracha agus bailte sa Tuscáin. Chinn mé ar choicís a chaitheamh i Lucca, cathair bheag álainn atá cóngarach do Pisa. Inseoidh mé daoibh sa chéad alt eile cad é mar a d’éirigh liom ansin! Ach déarfaidh mé an méid seo libh anois: tá riarthóir in oifig s’acu atá an-tógtha leis an cheol Gaelach agus is breá leis é a sheinm ar a bhosca ceoil!
Is scríbhneoir agus grianghrafadóir í Liz Curtis, a bhfuil cónaí uirthi i mBéal Feirste.
](..\2005-02\liz_seal.asp)