THALL IS ABHUS
Ag Dreapadh Huayna Potosi sa Bholaiv
Seán Greif Seán Greif Seán Greif

Thug Seán Greif ruaig go mullach sléibhe, 6088 méadar ar airde, sa Bholaiv. Is í a chomhairle feasta gan tada a dhéanamh faoi dhriopás, go háirithe ag 6000m. os cionn farraige, óir níorbh aon ribín réidh an sliabh céanna.

Íomhá
An lucht treorach i mbun comhrá
Íomhá
Ag déanamh bealaigh aníos
Íomhá
Oileáin sna scamaill
Íomhá
An mullach bainte
Íomhá
Sliabhraon na nAindeas

Ní bhíonn na hailteanna contúirteach ach amháin nuair a bhíonn brat sneachta orthu. Bhí siad le feiceáil, ag breathnú beag go leor ar dtús, go dtí gur theannamar leo is go raibh sé in am iad a sheachaint. Bhaineamar ceann leathan fada amach. Deir an treoraí linn go mbeidh orainn léimt go dtí an taobh eile. Shíleas go raibh sé ag magadh, agus go mbeadh bealach eile dúinne, ach d’aithin mé ar a aghaidh go rabhas mícheart agus gur i ndáiríre a bhí sé. Chaith mé súil ar an ailt arís. Níl bun le feiceáil, agus é oscailte cósúil le béal mór dorcha a bhí ocrasach do na gringos. Táim lánamhrasach. Thug an treoraí léim na bearna dorcha, agus tharla mise a bheith ceangailte de abhus, níl an dara rogha agam anois. Le mo chroí i mo bhéal, thug mé an léim thar an dorchadas domhain, agus le hiontas agus le háthas, mhothaigh mé talamh fúm arís.

Mí ina dhiaidh sin, bhíos ag caint le B’leáth Cliathach eile sa Cholóim, ag roinnt scéalta faoinár gcuid taistil agus d’inis sé dom go ndearna sé Potosi chomh maith, ach é ag léimt na bearna céanna, níor bhain sé an taobh eile amach agus thit sé amach sa duibheagán, agus bhí sé ag luascadh ar an téad tarrthála go dtí gur tharraing triúr fear aníos é.

Bhí an cnoc géar as sin suas agus bhí orainn na tuanna oighir a chur ag obair. Ní fada go héirí na gréine anois ach tá sé an-fhuar fós. Tugaim é sin faoi deara go háirithe nuair a bhainim díom leathmhiotóg chun grianghraf a tharraingt agus m’órdóg bailithe in eanglach agus ar beagán gluaisteachta. Tharla sé toisc go raibh mé ag oibriú an tua oighir, rud a mhaolaigh sruth na fola im’ ordóg agus mo sciathán sínte amach uaim. Cuirim m’ordóg icepop isteach i mo bhéal ach glacann sé thart ar cheathrú uair an chloig sula mbíonn sé téite i gceart arís.

An Deacracht

Táimid ag siúl níos tapúla anois, toisc go bhfuil sé níos contúirtí a bheith ar an gcnoc i rith an lae. Bíonn an sneachta ag leá agus ní bhíonn tú ag siúl ar thalamh chrua a thuilleadh. Bíonn níos mó maidhmeanna sneachta leis an aimsir sin chomh maith. Bhí trí mhaidhm cloiste againn sa dorchadas cheana féin, le torann millteanach scanrúil. Tá mé ag tolgadh tinneas cinn tar éis dhá nóiméad den siúl, de bharr easpa ocsaigín agus tá orm stopadh agus analú isteach go deas réidh ar feadh 30 soicind, agus síothlaíonn an diachair. Táimid ag 6000m os cothrom na mara anois agus tá mé ag mothú lag agus tuirseach. Tá níos lú ná leath an gnáthléibhéil d’ocsaigín ann agus mothaím nach bhfuilim in ann mo scámhóga a líonadh. Bhí an méid sin ama caite agam ar an gcloich seo agus tá orm labhairt liom féin chun mé a spreagadh. Táim ag iarraidh éirí as agus filleadh ar an gcampa. Tá orm mo mheáchán iomlán a tharraingt suas anois ag dul chun tosaigh, táimid ag dreapadh ceart ag an bpointe seo, agus táim ag scréadach chun mé féin a spreagadh. Cuirim gach mallacht ar an gcnoc agus úsáidim gach eascaine chun cur síos air. Níl ionam é a chríochnú, agus radharc agam anois fiú amháin ar an mullach sprice.

Mothaím teas breá ar mo dhroim agus casaim timpeall chun an ghrian a feiceáil. Teilgeann sé dath óir ar an gcnoc agus ar an sneachta. Táim ag breathnú ar radharc dochreidte. Níl fúm ach scamaill agus sléibhte géara ag gobadh aníos as cosúil le hoileáin i bhfarraige bán, agus é seo go léir níos mó ná cilimeadair fúm. Músclaíonn sé rud ionam agus líonann le fuinneamh mé. Táim beagnach ag rith ag an bpointe seo agus níl idir mé agus an deireadh ach droim tanaí amháin le trasnú.

Ná Déan Dada Faoi Dhriopás

Ach bhí an iomarca fuinnimh agam, agus leis an luas imníoch sin, bhuail taom fíoreaspa ocsaigín mé. Go tobann, caillim mo chumas cainte. Rinne mé iarracht focail a chur as mo bhéal ach níor éirigh liom. Tá sé cosúil le ga seá gan faoiseamh, nó a bheith ólta. Cailleadh na focail ar mo theanga agus ní raibh ag teacht ach fuaim aisteach éidreorach. Nílim in ann mo leiceann a bhrath ach oiread. Tá sé scanrúil agus gur tharla sé de dheasca corraí rómhear. Cuimsíonn sé dhá chiall an leagain, ‘ar mire’! Ar mo thaobh clé agus mo thaobh dheis, níl ann ach na cilimeadair aeir díreach fúm. Tá aigne shoiléir ag teastáil anois agus déanaim gach gníomh níos moille agus níos meáite. Sroichimid mullach an chnoic agus suím síos agus líonann faoiseamh te mo cholainn. Tá an radharc dochreidte! Ceo na maidine ag glanadh sa teas agus radharc 360˚ timpeall orainn. Soilsí La Paz, Loch Titicaca agus barr sléibhte na nAindeas os ár gcomhair.

Glaoitear ‘an Mullach 6000m is fusa ar domhain’ ar Huayna Potosi, toisc gur féidir tiomáint go 4600m. Tá sé 25 cilimeadar as La Paz, príomhchathair na Bolaive. Tá airde 6088m san iomlán ann, 200m níos airde ná Kilimanjaro, agus tá thart ar airde Chorrán Tuathail faoina sé! Dreaptar Potosi (mar a glaotar ar go háitiúil) i dtrí lá de ghnáth. Caitear an chéad lá ag dul i dtaithí ar an léibhéal íseal ocsaigín agus ag cleachtadh na scileanna a bheidh ag teastáil. An darna lá, rachaidh an bhuíon go dtí an campa deiridh ag bun an oighearshrutha, agus idir meán oíche agus a trí a chlog ar maidin, fágfar an campa chun an cnoc a dhreapadh.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is as BAC an t-údar. Bhain sé céim sa tráchtáil agus sa Ghaeilge amach agus chuaigh ag obair ar mhór-ranna dheisceart an domhain. Tá sé ag cur lena chuid Spáinnise sa Phatagóin faoi láthair.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.