Admhaíonn an t-ealaíontóir Steve Mc Queen nach bhfuil sé furasta é a chur ag caoineadh, ach tharla rud dó agus é i mbun radhairc ina scannán Hunger, a chur ag rith ón séit é.
Tá muid istigh i gCarchair na Ceise Fada i 1981. Tá príosúnaigh phoblachtacha ina seasamh go
tostach ina gcillíní, na ballaí smeartha le cac agus bia, ag éisteacht go míshuaimhneach leis an racán taobh amuigh - áit a bhfuil dhá line eochróirí príosúin, gléasta ó bhun go barr in éadaí círéibe, ag bualadh sciath go fíochmhar le smachtíní. Ní tharlaíonn rud ar bith ar feadh bomaite uafásach go dtí go n-éiríonn cineál de gháir chatha agus tarraingítear na príosúnaigh nochta amach duine ar dhuine le smísteáil fhíochmhar a fháil agus iad ar na ceithre boinn ag dul suas an dorchla.
An Mothú
‘Léim mé suas agus thosaigh mé ag screadaíl: “Caithfidh muid stopadh. Gearr é! Gearr! Stop anois é!”, a deir Mc Queen agus é ag labhairt faoin radharc. ‘Thosaigh na mothúcháin seo ar fad ag teacht aniar aduaidh orm ......ba léargas é ar shaol brúidiúil uafásach na mBlocanna H. Bhí sé cosúil le dul thar líne éigin agus go tobann bhí muid ag damhsa le taibhsí....Chuaigh sé i bhfeidhm go mór orm...Is fear mór mé. Níor chaoin mé fiú ag sochraid m’athar. Ach, go tobann, bhi mé ag caoineadh mar a bheadh leanbh ann’.
Stailc an tsalachair
Is scannán neamhghéilliúil dorcha é Hunger ina bhfuil saol truamhéileach na bpríosúnach atá ar an ‘Dirty Protest’ mar chúlra do scéal stailc ocrais Bobby Sands (Michael Fassbender) agus a idé-eolaíocht. Ní dhéantar tagairt do stair nó do chúlra na dTrioblóidí, ach éiríonn le McQueen léargas lom gonta a thabhairt ar an saol garbh foréigin taobh amuigh sa chuntas a léiríonn sé den saol chéasta taobh istigh den phríosún.
Tosaíonn an scannán leis an bhairdéir dúrúnta Raymond Lohan (Stuart Graham) ag ní a lámha agus a dhorn brúite fuilteach. Tuigfimid ar ball an chúis le seo agus tuigfimid an fáth a bhfuil gráin ag na priosúnaigh air.
Gluaiseann an scannán go mall, rud a chuireann le teannas agus le fearg an atmasféir agus a ligeann do Mc Queen cur go healaíonta coscrach leis an atmasféar sin le radharcanna osréalaíocha mar mún ag sileadh go sioncróineach amach faoi dhoras gach cillín sa phasáiste..... nó guairneán caca, a chuirfeadh siombalachas ceilteach i gcuimhne duit, ar bhalla cillín agus fear gléasta in éadaí cosanta ag déanamh a dhichill iad a ghlanadh le píobán uisce.
Bás Bobby Sands
Tá Bobby Sands agus an bás pianmhar atá á shaothrú aige sa stailc ocrais ag croílár an scannáin. Bhí a stailc ocrais (agus na cinn a tháinig ina dhiaidh) mar chuid d’fheachtas poblachtach a bhí ag lorg stádais speisialta mar phríosúnaigh chogaidh ó rialtas na Breataine do na cimí. Lean ‘fir na pluide’ polasaí easumhlaíocht shíochanta chun na nithe a bhí uathu – éadaí sibhíaltacha, gan obair phríosúin a dhéanamh, saoirse teagmhála lena chéile – a bhaint amach. Ní dhéanann Mc Queen tagairt don chúlra seo, rud a chuirfeadh iontas ort, ach cuidíonn sé leis an scannán a choinneáil dírithe ar an phríomábhar.
Cá bhfuil an ceart?
I gceann de na radharcanna is cumhachtaí, feictear Sands ag dul i mbun comhrá 22 bomaite leis an Sagart Dominic Moran (Liam Cunningham) ina ndéantar plé ar mhoráltacht na stailce ocrais agus ar an chinneadh atá déanta aige.
‘God’s going to punish me?’ deir Sands go fonóideach leis an sagart nuair a cheistíonn sé é faoin chinneadh atá déanta aige.‘Putting my life on the line is not just the only thing I can do; it’s the right thing. I am clear on all the actions; I am clear on all the repercussions’.
Leanann muid Sands tríd na laethanta léanmhara seo agus feiceann muid a chorp ag meath go dtí nach bhfuil fágtha de ach cnámha agus craiceann, craiceann atá beagnach tréshoilseach agus clúdaithe le cneánna
Shníomh Fassbender é féin go domhain isteach sa ról agus tá sé deacair do shúile a bhaint de agus é ag dul fríd an mheath mharfach seo. Rinne sé céalacan faoi stiúir dochtúra a mhair 10 seachtaine san iomlán agus d’admhaigh sé go ndeachaigh an taithí seo i bhfeidhm go mór air. Nuair a bhain an scannán an Camera d’Or don chéad scannán is fearr, dúírt Fassbender faoina ról: ‘Cibé rud a shíleann tú faoina ndearcadh polaitiúil agus faoi na rudaí a rinne siad le go gcuirfí i bpríosún iad – dúnmharuithe agus uafáis eile, bhí an rud a rinne na fir seo sa phríosún suaithní. Lámh a chur i do bhás féin trí chéalacan? Ní thiocfadh liomsa a dhéanamh.’.