Nuair a chuaigh Pádraig Ó Liatháin go Prág i bPoblacht na Seice chun an Ghaeilge a mhúineadh chuir sé ionadh air chomh tógtha is a bhí go leor de bhunadh na háite leis an nGaeilge, agus leis an gceol agus rince traidisiúnta.
Céard a thug go Poblacht na Seice in aon chor mé? Cinnte tá Prág go hálainn mar chathair, lena hailtireacht chlasaiceach mheánaoiseach, beoir bhlasta agus mná áille, ach canathaobh go dteastódh uait fanacht ann seachas ar do laethanta saoire amháin, mar a dhéanann gach éinne eile? Nó an bhfuil tú as do mheabhair ar fad?
B’in iad na ceisteanna infhoilsithe a cuireadh orm nuair a chuir mé in iúl do mo chairde agus mo ghaolta go rabhas ag glacadh le post ag múineadh Gaeilge san ollscoil ansin. Sula raibh deis acu freagra sásúil a fháil uaim, áfach, bhí mo chosa rugtha liom agam chomh tapaidh agus ab fhéidir liom.
Bhíos díreach ag críochnú iarchéime i gColáiste na Tríonóide nuair a ghabh an wanderlust seo mé. Mar thoradh air sin, chuas i dteagmháil le hOndrej Pilný, stiúrthóir ar Ionad Léann na hÉireann i Karlova Univerzita (atá ainmnithe as Cathal IV, a bhí mar Impire Naofa na Róimhe sa cheathrú haois déag). Bunaíodh an coláiste sa bhliain 1348 agus is í an ollscoil is sine i lár na hEorpa. Bhíos cinnte fé rud amháin, agus b’in é gur theastaigh go géar uaim imeacht ó Éirinn ar feadh tréimhse réasúnta fada, ach níor theastaigh uaim an Ghaeilge a fhágáil i mo dhiaidh.
Ní raibh mórán eolais agam ar an gcathair sular tháiníos, ach amháin an méid a chonaic mé nuair a chaitheas seachtain go leith anseo agus mé ag taisteal trí lár na hEorpa cúpla bliain roimhe sin. Ó, ní beag an difríocht idir súile an taistealaithe agus an núíosaigh!
Tháiníos anseo le hintinn (chuíosach) ghlan úr shoineanta, ach a leithéid de gheit a baineadh asam! Cé go bhfuil Béarla iontach maith ag mic léinn na cathrach agus ag formhór na ndaoine fé bhun 35 bliain d’aois, bíonn sé deacair go leor d’eachtrannach agus é ag iarraidh a bhealach féin a dhéanamh ag falróid thart i gcúlsráideanna na cathrach. Mar shampla, níl focal Béarla (ná aon teanga eile) le cloisint ach Seicis amháin ar na fógraí taistil ar an metro, ar an mbus agus ar an tramvaj, agus muna bhfuil taithí agat ar theanga Shlavach, tógann sé tamall teacht isteach ar léamh agus ar chóras foghraíochta na Seicise. Bíonn an phríomhbhéim i gcónaí ar an gcéad siolla, agus is é an rud is deacra ar fad don eachtrannach ná an diabhal comhartha sin, an hácek (rud a bhunaigh an fear leasaithe creidimh sin, Jan Hus, i scríobh na teanga) agus feictear litreacha mar š sa teanga.
Roinnt Gaeilge
Chuas i dtaithí ar an áit de réir a chéile, áfach. Maidir leis an ollscoil, fuaireas romham ón gcéad lá thart ar 18 mac léinn. Bhí roinnt Gaeilge ag cuid acu cheana féin - is cosúil gur tháinig léachtóir nó beirt romhamsa. Níor fhanadar rófhada, áfach; ní miste a rá nach mbíonn mórán airgid le fáil don obair anseo - níl an roinn féin (Ústav Anglistiky a Amerikanistiky, ach roinn an Bhéarla i bhfocail eile) go rómhaith as. Buíochas leis an *Cultural Relations Committee *in Éirinn, faighimid an maoiniú chun an faolchú a choimeád ó mo dhoras-sa (agus chun íoc as an-chuid ócáidí cultúrtha leis), ach, i ndáiríre, nach fearr uaireanta an Ghaeilge mhilis thaoisleannach i do bhéal seachas bia?
Mar sin, ní raibh ach breaceolas ag formhór na mac léinn ar an nGaeilge, seachas ag beirt nó triúr a chaith seal ag staidéar in Áras Uí Chadhain ar an gCeathrú Rua.
Thosnaíos anseo le trí ghrúpa, dhá cheann do thosnaitheoirí agus ceann amháin don dream a raibh taithí acu ar an teanga cheana féin. D’éirigh maith go leor linn i rith na bliana, is dóigh liom. Chailleas cuid acu don fhalsacht, ar ndóigh, ach chloígh an chuid ba mhó acu leis na ranganna.
Ní féidir a shéanadh go bhfuil an Ghaeilge deacair do na Seicigh (agus do na Slóvacaigh, don Pholannach, don Íoslannach agus don Rúiseach atá agam chomh maith!) mar nach raibh deis acu staidéar a dhéanamh ar theanga Cheilteach riamh roimhe sin. Deirim féin go minic gur beag an trua atá agam féin dóibh toisc a dheacra is atá an tSeicis domsa! Is léir gurb iad na claochluithe tosaigh, na bríonna éagsúla a bhíonn ag “a” agus na forainmneacha réamhfhoclacha is mó a bhíonn ag dó na geirbe acu. Bíonn siad cumasach sna tuisil - tá seacht gcinn acu féin, mar aon le hainmfhocail neodracha, beomhara agus neamhbheomhara, agus na mílte féidearthacht!
Agus céard a spreag iad chun an Ghaeilge a dhéanamh, agus cén cúlra a bhíonn acu? Bhuel, bíonn cuid acu ag déanamh staidéir ar an sean-Bhéarla, cuid eile ag díriú ar an nGaeilge ar bhonn teangeolaíoch chomparáideach, cuid eile ag lorg ábhar neamhghnách spéisiúil, agus cuid eile ar thóir na craice amháin. Níl ach leath de na mic léinn ónár roinn féin - tá an chuid eile ó dhámha eile agus tá roinnt acu nach mic léinn ollscoile iad ar chor ar bith. Ní mór dom a rá, áfach, gur chuir sé ionadh orm a luaithe is a d’éirigh le cuid mhaith acu dul chun cinn suntasach a dhéanamh sa Ghaeilge, agus go háirithe lena gcumas aistrithe.
Rud a chuir ionadh i bhfad níos mó orm ná sin ná an spéis a bhí ag na Seicigh in Éirinn agus sa chultúr Ceilteach i gcoitinne. Ar an gcéad dul síos, tá dorn mór grúpaí a sheinneann ceol Gaelach sa chathair agus ar fud na tíre. *Dún an Doras *an t-ainm atá ar an gceann is fearr ar fad acu; de réir traidisiúin, fuaireadar a n-ainm de bharr fógra a bhí scríofa ar dhoras an leithris i dteach tábhairne! Faraor, ní channann an t-amhránaí i nGaeilge mórán, cé go bhfuil guth binn aoibhinn aici, ach rinne sí “Seoladh na nGamhna” a thaifeadadh le déanaí (thugas cabhair di leis an bhfuaimniú), agus tá súil agam go gcuirfidh sí lena stór amhrán Gaeilge.
Déarfainn go bhfuil thart ar dheich ngrúpa eile san iomlán sa chathair (cé nach bhfuil siad ar fad cloiste agam), ach is eol dom go gcasann cuid acu amhráin as Gaeilge agus as Briotáinis fiú!
Fairis sin, tá cúpla grúpa rince sa chathair a thagann le chéile go minic. Rinceoirí, Coiscéim, agus *Gach le gach *(ná bac leis an ngramadach!) a thugann siad orthu féin. Bíonn siad ar fad chomh dáiríre sin ina thaobh go mbíonn siad ag cleachtadh trí nó ceithre huaire sa tseachtain. Tá suíomh ar an idirlíon agus iris mhíosúil ag grúpa amháin leis.
An rud ba ghreanmhara a tharla domsa ar fad, dar liom, ná an oíche a fuaireas cuireadh dul go céilí a eagraíonn na trí ghrúpa uair sa mhí mar ócáid shóisialta agus a bhíonn oscailte do chách. Ní rabhas sa chathair ach seachtain go leith agus ghlacas leis an gcuireadh chun dul go halla rince *Barácnická rychta *(teach an mhaoir i mbaile beag sa seanam is brí leis) go fonnmhar fiosrach.
Bhuel, ní haon rinceoir mise (seachas ag bainis nó tórramh), ach thugas faoi le fuinneamh agus le croí mór maith. Nach raibh fear an stáitse ansin, áfach, chun muid ar fad a threorú agus a chur ar an eolas mar gheall ar na céimeanna cearta. Ní gá dom a rá nár thuigeas focal den teanga mhistéireach theibí a bhí in úsáid aige, agus nár mhór an náire a bhí ormsa, an t-aon Éireannach sa halla, nuair a bhí orm iarraidh ar an gcailín Seiceach in aice liom mo rince náisiúnta féin a aistriú go Béarla agus a thaispeáint dom sa tslí is go bhféadfainn coinneáil suas leis na rinceoirí cumasacha timpeall orm!
Ar leanúint an mhí seo chugainn
Is as Ciarraí é Pádraig Ó Liatháin. Tá suim mhór aige sa Ghaeilge agus i dteangacha i gcoitinne, i ngach cineál litríochta agus i gcúrsaí caide. Bhain sé céim agus iarchéim (ar litríocht Éamoinn Mhic Giolla Iasachta) amach i gColáiste na Tríonóide. Is féidir dul i dteagmháil leis ag: padraigoliathain@hotmail.com
](..\2004-04\an_ghaeilge.asp)