Nuair a chuaigh Pádraig Ó Liatháin go Prág i bPoblacht na Seice chun an Ghaeilge a mhúineadh chuir sé ionadh air chomh tógtha is a bhí go leor de bhunadh na háite leis an nGaeilge, agus leis an gceol agus rince traidisiúnta.
](..\2004-03\an_ghaeilge.asp) Cuid 1 den alt anseo
Is dócha go bhféadfaí an cheist a chur, cén fáth a bhfuil suim chomh mór sin ag na daoine anseo sa Ghaeilge, agus sna Ceiltigh go háirithe? Bhuel, de réir mar a thuigimse, tagann cúinsí stairiúla agus polaitiúla isteach sa scéal. Ar ndóigh, ba ré chrua i stair na tíre í ré an Chumannachais, go háirithe nuair a chuireann tú san áireamh go raibh an tSeicslóvaic rathúil mar thír roimh an dara cogadh domhanda, agus nascanna láidre eacnamaíocha aici ar fud iarthar na hEorpa. Mar sin, ar chúiseanna síceolaíocha chomh maith le cúiseanna stairiúla, ní theastaíonn ó chuid mhaith Seiceach smaoineamh ar an tréimhse sin anois, agus is láidre ar fad a spéis sa chultúr meánaoiseach agus níos faide siar.
Faigheann Bohemia (an cúige is rathúla sa tír agus an cúige a bhfuil Prág ina lár) a ainm ó na Boii, treibh Cheilteach a bhí lonnaithe anseo go dtí an cúigiú haois AD. I ndiaidh na réabhlóide síochánta sa bhliain 1989 (*sametová revoluce *nó an réabhlóid veilbhite), thosaigh daoine ag machnamh ar a bhfréamhacha, fréamhacha a d’imigh siar i bhfad roimh theacht na nGearmánach agus na Slavach, is é sin le rá, go dtí na Ceiltigh féin. Nílim ag rá go n-aontaím go hiomlán leis an ionannú sin a dhéanann cuid de na Seicigh sa lá atá inniu ann, mar uaireanta téann siad thar fóir leis, ach is minic chomh maith atá an argóint cloiste agam go mbraitheann siad iad féin mar Cheiltigh níos mó ná dream ar bith eile, agus gur in aigne agus i gcultúr na gCeilteach a thagann siad ar a bhfíordhúchas.
Ar ndóigh, leathnaíonn an spéis sin amach níos sia ná taobh istigh de chathair ilchiníoch Phrág. Cé go raibh deiseanna taistil iontacha agam le mo chairde Seiceacha ar fud na tíre, tá an Ghaeilge ag tabhairt na deise céanna dom, creid é nó ná creid. Chuas go Ceské Budejovice, an áit ina ndéantar an bheoir cháiliúil sin Budvar - agus ónar ghoid na Meiriceánaigh Budweiser, mar a deir na Seicigh ar fad liom i gcónaí! Bhí breis is daichead mac léinn ag Roinn an Bhéarla ansin le héisteacht liomsa agus le mo chomhghleacaí Ondrej Pilný. Labhraíomar faoi stair na teanga agus faoi ról an Cheilteachais in athbheochan chultúrtha na hÉireann sa chéad chuid den fhichiú haois. Bhí an méid sin suime acu san ábhar go bhfuil cuireadh faighte againn filleadh ar ais an téarma seo chugainn!
Ceardlann in áit iargúlta
Fairis sin, eagraítear ceardlann ar léann na hÉireann gach bliain idir ollscoil Olomouc (in oirthuaisceart na tíre, an tríú hollscoil is mó sa tír) agus an ollscoil seo againne. Faightear penzion cuí chuige sin in áit iargúlta i Moravia (cúige inar fearr leo i bhfad an fíon áitiúil seachas pivo (beoir), eolas a chuireann ionadh ar dhaoine). I lár coille a bhíomar anuraidh, seisear léachtóirí agus fiche mac léinn, agus chaitheamar seachtain ansin ag plé litríocht Bhéarla agus Ghaeilge na hÉireann, ag glacadh páirte i ndráma, ag féachaint ar scannáin, ag siúl, ag gabháil foinn os comhair tine chnámh, agus ar ndóigh, ag blaiseadh braon beorach is fíona anois is arís! Thug foireann ghnó ó Jameson cuairt orainn fiú amháin, agus físeán leo faoin bpróiseas stiléireachta, agus thángadar le cúpla braon saor in aisce dúinn chomh maith!
Toisc gur réitíomar ar fad chomh maith sin le chéile, fuaireas cuireadh caint a thabhairt in Olomouc níos déanaí sa bhliain. Díreach roimh an Nollaig, labhraíos faoi ghnéithe den Dán Díreach, agus ní gá dom a rá gur cuireadh fáilte Uí Cheallaigh romham ansin. Fairis sin ar fad, bead ag dul go Plzen i gceann cúpla seachtain chun labhairt ag ollscoil an bhaile. Ma aithníonn tú an t-ainm, b’fhéidir go bhfuil eolas éigin agat ar Pilsner Urquell, an bheoir is fearr ar domhan, b’fhéidir … ach ná ceap gur leithscéal dom an Ghaeilge le cuairt a thabhairt ar ghrúdlanna iontacha na tíre!
Maidir liom féin anois, bhuel tá bliain go leith thar a bheith sásúil caite agam anseo, buíochas leis an nGaeilge. Toisc na cairde atá agam, tá eolas curtha agam ar chuid de chúinní ceilte na cathrach agus na tíre nach bhfeicfeadh an gnáthchuairteoir. Tá Poblacht na Seice roinnte ina trí chuid, Cechy (Bohemia) Morava, agus Slezsko (Silesia, a bhfuil leath de sa tír seo agus an leath eile sa Pholainn). Is mór an difear atá eatarthu, go háirithe idir Bohemia agus an dá chúige eile, toisc í a bheith riamh mar áit lárnach chultúrtha (agus Prág go háirithe, ar ndóigh).
Tá cathracha agus bailte in áiteanna eile sa tír nach bhfuil go maith as ar chor ar bith, agus atá fós ag iarraidh teacht chucu féin i ndiaidh dheireadh ré an Chumannachais. Tá mé ag smaoineamh go háirithe ar Ostrava, cathair a bhí fíorthionsclaíoch le linn na ré sin, ach atá anois in ísle brí; tá monarchana móra atá anois dúnta scaipthe go flúirseach ar fud an cheantair agus thart ar 20% den daonra dífhostaithe. Ní chiallaíonn sin nach bhfuil spiorad sa chathair, áfach; chaitheas oíche go maidin ansin ar shráid darbh ainm “Stodolni”, ar a bhfuil beagnach seachtó teach tábhairne agus club oíche le chéile!
Agus, ar deireadh, cad faoi scéal na Gaeilge anseo i bPrág? Bhuel, tá an téarma nua díreach tar éis tosnú, agus tá cuid mhaith oibre le déanamh agam. Táim díreach tar éis cúrsa nua do thosnaitheoirí a chur ar bun, agus ciallaíonn sin go bhfuil ceithre chúrsa teangan agam, ó thosnaitheoirí go haistritheoirí. Chomh maith leis sin, tá cúrsa ar litríocht na Gaeilge agam, ina ndéanaim iarracht an cúlra staire a thabhairt agus cur le cumas aistrithe na mac léinn. Níos déanaí sa bhliain, seolfar leabhar le bean darb ainm Daniela Furthnerová a bhfuil Deoraíocht aistrithe go Seicis aici. Tá mac léinn eile ag tabhairt fé *L’Attaque *a aistriú an mhí seo chugainn. Bíonn triúr á múineadh agam go príobháideach agam go rialta freisin, Éireannach mná ón ambasáid ina measc!
Is mór linn a rá go mbeidh an Dr. Louis de Paor, file agus léachtóir, agus an Dr. Micheál Mac Craith ag teacht anseo le léachtaí a thabhairt níos déanaí sa téarma - ár mbuíochas leis an CRC arís! Mar sin, cé nach bhfuilim cinnte go fóill go bhfanfad bliain amháin eile sa chathair álainn seo, is eol dom go bhfuil cúpla mí bhreá Sheiceach agus Ghaelach amach romham!
Is as Ciarraí é Pádraig Ó Liatháin. Tá suim mhór aige sa Ghaeilge agus i dteangacha i gcoitinne, i ngach cineál litríochta agus i gcúrsaí caide. Bhain sé céim agus iarchéim (ar litríocht Éamoinn Mhic Giolla Iasachta) amach i gColáiste na Tríonóide. Is féidir dul i dteagmháil leis ag: padraigoliathain@hotmail.com