CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Ag cur aithne ar Eithne
Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin

Tá albam nua dar teideal Eithne díreach eisithe ag an amhránaí agus fidléir Eithne Ní Chatháin as Cill Choca i gContae Chill Dara. Labhair Antaine Ó Faracháin léi faoin dlúthdhiosca nua seo.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
An t-amhránaí Sasanach Sandy Denny - tá amhrán dá cuid ar albam Eithne
Íomhá
An t-amhránaí Luka Bloom as Cill Dara: tá Eithne an-mhór leis

Antaine Ó Faracháin: A Eithne, inis dom rud beag fút féin i dtosach.

Eithne Ní Chatháin: Bhuel, tá cónaí orm faoi láthair i mBaile Átha Cliath. Caithim mo chuid ama ag ceol cuid mhaith, ag cócaireacht, ag iarraidh a bheith ag scríobh amhrán, ag múineadh Gaeilge, ag staidéar, ag rith agus ag siúl. Taitníonn buidéal uisce the go mór liom agus a bheith amuigh sa timpeallacht nádúrtha, uaireanta an dá rud le chéile!

AÓF: Cén bealach a thosaigh tú ag seinm ceoil agus ag amhránaíocht?

ENíC: Tharla sé go nádúrtha. Bhí neart ceoil agus amhránaíochta timpeall orm agus mé ag fás aníos. Is fidléir é mo sheanathair agus bhí mian an cheoil ionam ó bhí mé an-óg.

AÓF: An raibh mórán ceoltóirí thart ort agus tú ag fás aníos?

ENíC: Bhí go leor ceoltóirí thart orm. Chas mé leis na cairde is fearr atá agam tríd an gceol, ag féilte agus ag fleadhanna. Thug mo thuismitheoirí timpeall na tíre muid chuig cóisirí tí, go Sráid na Cathrach chuig Féile Willie Clancy agus chuig na fleadhanna gach samhradh.

AÓF: Céard í an chéad uirlis cheoil a phioc tú suas agus cé a thug duit í?

ENíC: Aisteach go leor, ba í an fhidil an chéad uirlis a phioc mé suas agus gan mé ach i mo chailín beag, ceithre bliana d’aois. Bhí mo chuid deartháireacha agus an deirfiúr is sine ag ceol cheana féin agus bhí mé ar bís leis an rud céanna a dhéanamh. Thug mo sheanathair fidil bheag méid 1/4 dom.

AÓF: Cén chaoi ar thosaigh tú ar an amhránaíocht ansin?

ENíC: Ní cuimhin liom go baileach ach tugadh an-tacaíocht dom sa bhaile agus ar scoil a bheith ag gabháil fhoinn. Chuaigh mé suas ar an altóir lá mo Chéad Chomaoineach agus chan mé “Tar a Íosa”. Ón lá sin amach bhí greim ag an amhránaíocht orm! I ndáiríre, is dóigh liom gur blianta tábhachtacha iad na blianta a chaithimid sa bhunscoil agus bhí an t-ádh liom go raibh múinteoir ann a chonaic an bua a bhí agam agus chabhraigh sé sin go mór. Bhíodh neart amhrán sa bhaile agus sa charr freisin. Chabhraigh mo Mham go mór liom amhráin a fhoghlaim. Bhí blas Thír Chonaill orthu siúd a d’fhoghlaim mé ó Mham.

AÓF: Ach níl cáil mhór ar Chontae Chill Dara maidir le hamhránaíocht sa stíl dhúchasach, go speisialta i nGaeilge. Cén chaoi ar tharla sé, mar sin, nó cé a chabhraigh leat leis na hamhráin?

ENíC: Is dócha go raibh an mian ionam ar bhealach éigin i gcónaí. Mar a deirim, théimis chuig go leor féilte i rith an tsamhraidh agus chuala mé ceol agus amhráin a chuaigh i gcion go mór orm. Ach níos mó ná sin, bhraith mé an spiorad sa cheol agus sna hamhráin. Is cuimhin liom bheith faoi dhraíocht ag Cór Chúil Aodha agus Peadar Ó Riada i Sráid na Cathrach. Thosaigh mé ag dul isteach ar an bhFleadh Cheoil agus chabhraigh Máire Uí Raghallaigh, máthair na clainne ceolmhaire as Contae na Mí, liom tabhairt faoin sean-nós. Théimis gach oíche Déardaoin chuig muintir Uí Raghallaigh le haghaidh ranganna ceoil agus bhí tionchar mór acu orm. Thairis sin, d’éist mé le leithéidí Sheosaimh Uí Éanaigh ar ceirnín agus nuair a bhí mé beagáinín níos sine thosaigh mé ag tabhairt cuairte ar Chonamara.

AÓF: Feicim go bhfuil amhráin de shaghsanna difriúla nó i stíleanna difriúla agat ar an albam. Caithfidh go mbíonn tú ag éisteacht le stíleanna difriúla amhránaíochta? An bhfuil aon stíl ar leith gur fearr leat?

ENíC: Taitníonn go leor stíleanna liom. Éistim féin le meascán mór idir Nina Simone, Joni Mitchell, Peadar Ó Riada, ceol na nGiofóg, The Dixie Chicks, Bjork, Mícheál Ó Raghallaigh, Damien Rice, Liam Ó Maonlaí , Sinéad O’Connor, Ben Harper, ceol na hInde, Sandy Denny, Denis Murphy, Dylan, Melanie, Seosamh Ó hÉanaigh chomh maith le go leor leor eile – aon rud a spreagann mé agus a thagann ón gcroí.

AÓF: Tá cúpla amhrán ar an albam freisin a chum tú féin. Inis dom faoi sin. An bhfuil sé deacair amhrán a chumadhcén chaoi a dtugann tú faoi?

ENíC: Táim fós ag iarraidh freagra na ceiste sin a fháil! Ní fheadar cén chaoi a dtarlaíonn sé. Ní déarfainn go bhfuil sé deacair. An rud a bhíonn deacair ná ligean don phróiseas tarlú agus iontaoibh a bheith agat asat féin, as pé rud a thagann amach. Ar ndóigh is féidir leis an gcriticeoir taobh istigh bheith an-ghlórach! Cabhraíonn sé an pianó nó an giotár a bheith agam mar thacaíocht ach níl foirmle agam.

AÓF: An dtagann an t-amhrán chugat as a stuaim féin in aon gheábh amháin nó an mbíonn ort a bheith ag obair air agus ag sracadh leis?

ENíC: Bíonn sé difriúil chuile uair. Bím ag súgradh le modhanna éagsúla i gcónaí. Uaireanta tógann sé tamall fada teacht ar smaoineamh le haghaidh amhráin, amanntaí eile tagann sé orm i ngan fhios dom. Is gá a bheith ag éisteacht seachas a bheith ag smaoineamh. Thosaigh mé ar amhrán amháin trí bliana shin agus níor bhraith mé go raibh sé réidh go dtí gur athraigh mé beagáinín é cúpla mí ó shin. Go hiondúil, braithim go dtagann smaoineamh d’amhrán éasca go leor ach ní bhíonn sé chomh héasca céanna é a chur i gcrích.

AÓF: Nuair a bhíonn tú ag canadh céard leis a mbíonn tú ag éisteacht, taobh istigh de d’intinn féin?

ENíC: Bím ag iarraidh an t-amhrán a scaoileadh amach. Bím ag iarraidh seasamh siar agus scéal nó mothúcháin an amhráin a ligean amach. Tagann smaointe isteach i m’intinn ach déanaim iarracht gan aird a thabhairt orthu. Dírím m’aird ar an gcroí, ar theachtaireacht na bhfocal agus ar nasc a dhéanamh leis an éisteoir.

AÓF: Tá deich rian ar an albam agus is amhráin iad seacht gcinn acu sin. An gciallaíonn sé sin go mbreathnaíonn tú ort féin mar amhránaí go príomha seachas mar fhidléir?

ENíC: Táim ag casadh ceoil ar an bhfidil agus ag canadh ó bhí mé an-óg chomh maith le babhta ar uirlis eile. Taitníonn an ceol agus an amhránaíocht chomh maith céanna liom. Is dócha go mbreathnaím orm féin mar amhránaí na laethanta seo níos mó.

AÓF: Inis dom faoi do chuid oibre leis an amhránaí cáiliúil Luka Bloom. Cén

chaoi ar tharla sé sin agus céard atá déanta agat leis? Cé eile a bhíonn ag seinm leat?

ENíC: Chas mé le Luka cúpla bliain shin ag Féile Bhríde i gCill Dara agus is cairde muid ó shin. Thosaigh mé ag canadh leis mórthimpeall na tíre. Bhain muid triail as roinnt amhrán a scríobh le chéile agus ba mhór an chabhair agus an spreagadh dom sin. Chan mé agus sheinn mé ar a album Innocence agus tá sé féin ag canadh agus ag casadh an ghiotáir ar m’albamsa ar an amhrán cáiliúil de chuid Sandy Denny “Who knows where the time goes”. Ceoltóir eile a bhíonn ag seinm liom ná Peter McGrane, ar an ngiotár, Ciarán O’Grady ar an gconsairtín agus mo dheirfiúr Nóra a bhíonn ag canadh in éineacht liom uaireanta freisin.

AÓF: Le filleadh ar ais ar do chuid chumadóireachta féin, céard ba chúis leis na liricí seo a chum tú don amhrán “Guí”? An raibh eachtra nó smaoineamh nó cuimhne áirithe a thug inspioráid duit na focail áilne sin a chumadh?

Guí

(Eithne Ní Chatháin)

Go mbeidh ciúnas san intinn chiapaithe chráite,

Síocháin is sólás diaidh ar ndiaidh.

Go dtiocfaidh solas na beatha beo ina ngathanna geala

Le tiubhas an scamaill dhorcha a bhriseadh.

Go gcuirfidh tú tús le turas do fhíor-sholas,

Roghnaigh an bheatha is an bóithrín geal.

D’anam trom - go n-osclófar is go n-ardófar

Mar níl in aon ní ach seal, a ghrá-gheal.

Síocháin, síocháin, síocháin is solas, a ghrá.

ENíC: Is do dhuine atá an-ghar dom a bhí ag fulaingt go mór agus dom féin freisin a chum mé an t-amhrán. Bíonn babhtaí againn ar fad a bhíonn dorcha agus deacair agus is guí nó paidir an t-amhrán seo go mbeadh an mhaitheas agus an grá atá inár gcroí láidir go leor chun an dorchadas a scaipeadh.

AÓF: Céard atá pleanáilte agat anois os rud é go bhfuil an t-albam eisithe agat?

ENíC: A bheith ag ceol agus ag ceol agus ag ceol! “Scaoil amach an bobailín!” mar a dúirt Seán Bán Breathnach tráth. Tá mé ag súil le lainseáil na Gaillimhe Dé Luain seo chugainn sa Crane Bar ag 9.00 p.m. agus tá níos mó gigeanna ag teacht. Tá siad le feiceáil ar mo shuíomh gréasáin (www.eithnemusic.com), áit a bhfuil tuilleadh eolais freisin agus is féidir éisteacht le cúpla rian tríd an naisc chuig mo leathanach myspace ón suíomh céanna. Is féidir dul i dteagmháil liom tríd an suíomh freisin.

AÓF: Tú féin a d’eisigh an t-albam freisin nach ea, go neamhspleách. An raibh sin deacair nó ar thóg sé i bhfad ort é a dhéanamh?

ENíC: Bíonn rudaí maithe mall! An-mhall! D’fhoghlaim mé go leor faoi thaifeadadh a dhéanamh i rith an phróisis agus is leor a rá nár chóir go dtógfadh sé an oiread céanna ama orm an chéad uair eile. Bíonn an-chuid i gceist agus bhí orm a bheith foighdeach agus fanacht leis go dtí go raibh mé sásta leis.

AÓF: Cén áit ar féidir le daoine teacht air mar sin, más tú féin a d’eisigh é?

ENíC: Is féidir teacht air cúpla bealach. Tá sé ar díol ar www.eithnemusic.com, i siopa Cheirníní Cladaigh [Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath], i Celtic Note [Sráid Nassau, Baile Átha Cliath] agus i roinnt siopaí eile mórthimpeall na tíre. Agus, ar ndóigh, ag na gigeanna.

Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.