AR NA SAOLTA SEO/SEAL LE LIZ
Ag caomhnú stór eolais an phobail
Liz Curtis Liz Curtis Liz Curtis

Nuair a bhí Liz Curtis ar saoire i gContae Mhaigh Eo an samhradh seo chas sí, i measc daoine eile, le beirt atá ag déanamh a ndíchill chun a chinntiú nach gcaillfear logainmneacha Gaeilge iarthuaisceart an chontae.

Íomhá
Freada Ní Mháille agus a comharsa bhéal dorais
Grianghraf: Liz Curtis
Íomhá
Siúlóirí ar na hailt ag Port an Chlóidh, Uinsíonn Mac Graith ina measc
Grianghraf: Liz Curtis
Íomhá
Radharc ó Theachaín an Watch ag Port an Chlóidh
Grianghraf: Liz Curtis

I rith an tsamhraidh, chuaigh mé go dtí áit a bhfuil mé an-tógtha léi, Dún Chaocháin in iarthuaisceart Mhaigh Eo. Tá an ceantar seo an-fhiáin, iargúlta agus tá an Ghaeilge á labhairt go forleathan ann. Tá sé ainmnithe as seandún cinntíre inar chónaigh fathach darbh ainm Caochán a bhí ar leathshúil. Tá an dún sin caillte anois mar gheall ar chreimeadh mara.

Agus tú ag tiomáint ansin ó Bhéal an Átha, shílfeá go raibh tú ag tarraingt ar dheireadh an domhain. Níl ach portach ciarbhuí le feiceáil, agus ailt arda ghéara. I lár an fhásaigh sin, tá an fógra “An Ghaeltacht” le feiceáil - ach níl duine ar bith thart leis an teanga a labhairt.

Faoi dheireadh, tagann tú ar chomharthaí eolais a deir “iascaireacht mara” agus “trá”. Ní fhaca mé comhartha ar bith do Phort an Chlóidh, an ceann scríbe a bhí agam féin. Ach bhain mé amach an áit i ndiaidh tamaillín. Chuir sé Gleann Cholm Cille i gcuimhne dom, leis na sléibhte móra donna, na tithe beaga bána scaipthe lena dtaobh agus trá gheal ghalánta i gcruth corráin. Ach seo Gleann Cholm Cille gan forbairt ar bith, más féidir é sin a shamhlú.

Cosúlacht eile idir an dá áit ná blas cainte na ndaoine. Tá baint idir muintir an dá cheantar ó tháinig daoine as Cúige Uladh anseo in aimsir Chromaill, nuair a díshealbhaíodh iad faoin pholasaí ar a tugadh “Go hIfreann nó go Connachta”. Níos déanaí, chas siad ar a chéile agus iad thall in Albain ag toghadh phrátaí, nó nuair a chuaigh muintir Dhún na nGall go Maigh Eo ag iascaireacht.

Radharc galánta

Níl ach lóistín bia agus leaba amháin sa cheantar uilig. Tá sé ar thaobh an chnoic agus tá radharc galánta le feiceáil uaidh. “Stag View” an t-ainm atá air. Ní fia atá i gceist, áfach, ach na Stacaí - grúpa oileán carraigeach amuigh san Aigeán Atlantach.

Is í Freada Ní Mháille bean tí an “Stag View”. Bhí sí an-chineálta cairdiúil liom, fiú agus í an-ghnóthach le grúpa scoláirí a bhí ag stopadh sa teach fosta. Bhí siad ag freastal ar choláiste samhraidh sa chéad sráidbhaile eile, Ceathrú Thaidhg. Ochtar buachaillí a bhí ann, ina luí i leapacha buinc.

Bhí na scoláirí deas dea-mhúinte, ach de réir cosúlachta ní chuirtear mórán de luach ar an obair dhian a bhíonn le déanamh ag na mná tí. Caithfidh siad bricfeasta, lón, tae agus suipéar a dhéanamh do na scoláirí, agus a n-éadaí a ní fosta.

Na turasóirí a thagann anseo, is siúlóirí an chuid is mó acu. Tagann tumadóirí fosta, agus iascairí agus seandálaithe agus geolaithe - duine ar bith atá sásta a rogha féin ruda a dhéanamh amuigh faoin spéir.

Chuaigh mé go trá ghalánta lá amháin, a bhfuil tobar uisce úr ann. Bhí grúpa puball ansin, thart ar roinnt gluaisteán a raibh uimhirchláracha as Tuaisceart Éireann acu. Is cosúil gur teaghlach a bhí ann a d’éalaigh ó na mórshiúlta Oráisteacha, agus a fuair rud beag síochána agus áilleachta anseo.

An-eolach

Sula ndeachaigh mé go Dún Chaocháin, fuair mé roinnt eolais faoi ó Ghaelsaoire. Is cuid d’Údarás na Gaeltachta é an t-eagras seo, a chuireann laethanta saoire Gaeltachta chun cinn. Chuir siad i dteagmháil mé le beirt atá an-eolach ar an cheantar, Uinsíonn Mac Graith agus Treasa Ní Ghearraigh. Tá cúpla leabhrán scríofa acu faoi shiúlóidí san áit, agus chuir siad dlúthdhiosca inléite do-athraithe (nó CD-ROM) le chéile agus 1,500 logainm air, le cois scéalta agus amhráin.”

Labhair mé le hUinsíonn agus le Treasa sa tseanscoil i gCeathrú Thaidhg. Tá seomra san fhoirgneamh sin atá ag feidhmiú mar Chultúrlann anois. Thaispeáin Uinsíonn an dlúthdhiosca dom, agus mhínigh sé cad é atá le fáil air.

Tosnaíonn tú le léarscáil de Dhún Chaocháin. Roghnaíonn tú baile fearainn, ansin déanann tú logainm a chliceáil. Tá na hainmneacha scríofa agus ráite i nGaeilge agus i mBéarla agus nuair a bhíonn scéal bainteach leo, bíonn sin le fáil ar an diosca fosta.

Sa seanam, bhí ainm ag chóir a bheith achan phíosa beag talún agus ailt. Stór eolais an phobail faoina dtaobh tíre féin atá ann, eolas a chuidigh leo saol s’acu a sheasamh.

Deir Uinsíonn: “Tá ainmneacha ar na machaireacha - fields sa Bhéarla - agus ar na carraigeacha thart ar an gcósta uilig. Mar a shampla, tá carraig ann darb ainm An Cléireach. Ansin, tá ainmneacha ar na hoileáin agus ar na huaimheanna.

“Ansin, tá na strapaí san áit, mar shampla Strapa an Tobac. Sin áit ar cuireadh earraí contrabhannacha i bhfolach. Tá strapaí ann a gheibh caoirigh síos. Bíonn siad ag ithe greim glas agus feiceann siad greim glas eile thíos ar charraig. Léimeann siad síos ar an gcarraig sin agus ní bhíonn siad in ann í a fhágáil.”

Lean sé ar aghaidh: “Bhí ainmneacha ar na foithreacha agus achan phíosa trá. Mar shampla, Frapa na gCurach, sin áit a leagadh siad síos na curacha ar na clocha.”

Is rud iontach é go bhfuil na logainmneacha bailithe ar an dlúthdhiosca seo, sula n-imeoidh siad as cuimhne leis an saol as ar fáisceadh iad. Tuilleadh eolais: Gaelsaoire, www.gaelsaoire.ie, info@gaelsaoire.ie Treasa Ní Ghearraigh, 00 353 (0)97 88082 Freada Ní Mháille, Stag View, 00 353 (0)97 88853

Is saoririseoir agus craoltóir í Liz Curtis. Is as Sasana ó dhúchas í.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.