CÚINNE NA nEALAÍON
Acabella - cúigear ban mhisniúla
Eva Stack Eva Stack Eva Stack

Tá a gcéad albam, After Albany, á eisiúint an mhí seo ag Acabella, cúigear ban a bhíonn ag canadh le chéile. Labhair Eva Stack le duine de bhaill an ghrúpa, Bernardine Nic Giolla Phádraig as Baile Átha Cliath.

Íomhá
Íomhá
Baill Acabella (ó chlé): Eileen McDevitt, Deirdre Harrington, Sarah-Jayne Carey, Bernardine Nic Giolla Phádraig, Yvonne Crotty
Íomhá

Eva Stack: Cathain a bunaíodh Acabella agus cén áit a bhfuair sibh an t-ainm?

Bernardine Nic Giolla Phádraig: Thosaigh muid ag canadh le chéile i ndáiríre i mí Mheán Fómhair anuraidh, 2001. Bhí cuid againn cairdiúil ar aon nós, ach bhuaileamar le chéile mar amhránaithe nuair a bhíomar thall i Nua-Eabhrac, in Upstate New York. Bhíomar páirteach i gceolchoirm bunaithe ar shaol Nano Nagle, bunaitheoir Ord na Toirbhearta, mar tá triúr againn ag múineadh sa scoil chéanna. Cuid ceoil Liam Lawton a bhí i gceist. Bhíomar páirteach sa cheolchoirm seo le seachtó duine san iomlán - rud mór a bhí ann. Tar éis na ceolchoirme, bhí cúpla deoch againn sa tráthnóna agus thosaigh muid ag canadh le chéile go neamhfhoirmeálta. Bhaineamar spraoi as, agus dúirt muid, “Ó, caithfidh muid teacht le chéile am éicint nuair a rachaidh muid abhaile.” D’fhágamar é roinnt míonna agus rinneamar é ansin. Bhaineamar an-taitneamh as an gcúpla cleachtadh a bhí againn agus leanamar ar aghaidh uaidh sin.

Maidir leis an ainm: nuair a thosaíomar ag canadh le chéile, ceol gan tionlacan ar fad a bhí ann, agus an téarma dó sin ná a capella. Bhíomar ag iarraidh smaoineamh ar ainm oiriúnach dúinn féin. Dúirt muid, “Okay, cuirfidh muid an dá fhocal sin le chéile, agus athróimid an p go b de bharr gur mná muid.” Is imeartas focal atá ann.

Ar dtús bhíomar ag cloí le ceol traidisiúnta amháin, mar tá sé níos éasca, b’fhéidir, é sin a chanadh gan tionlacan. Ach tá cúlra ceoil difriúil ag gach duine againn - beirt de na cailíní, tá siad an-tógtha leis an jazz, agus cailín eile tá sí an-tógtha le stuif ó na daichidí - mar sin thosaíomar ag baint triail as rudaí eile. De bharr go bhfuil cúigear againn ann bhí guth breise againn le rud éicint breise a dhéanamh seachas an ceithre nóta sa ghléas, chun líonadh isteach mar uirlis cheoil. Nuair a thosaíomar á dhéanamh sin bhí an-spéis againn cineálacha difriúla amhrán a thriail agus féachaint cad a d’oibreodh.

ES: An féidir focal a chur ar an stíl atá agaibh?

BNGP: Ní féidir, ach sin, is dóigh liom, buntáiste dúinn. Ní dóigh liom gur féidir linn a rá ná gur féidir le héinne a rá go bhfuilimid ag díriú isteach ar *niche *áirithe amhrán mar tá réimse ceoil idir lámha againn, agus ceapaim go dtaitníonn sé sin leis an lucht éisteachta freisin.

ES: Bhí sibh ag seinm sa Cheoláras Náisiúnta i mBaile Átha Cliath i mí na Bealtaine. Conas a thit sé sin amach?

BNGP: Bhuel an t-ainm a bhí ar an gceolchoirm ná “Bealtaine” agus bhí amhráin ann, agus rince chomh maith, bunaithe ar théama na Bealtaine. *So *téama an dúlra agus tús an tsamhraidh agus thógamar amhráin a bhain leis na heilimintí: uisce, aer, cré agus tine. In éindí linn bhí grúpa darb ainm Eala, ina bhfuil Nuala Gill agus Deirdre Ní Chinnéide, agus ceoltóirí agus grúpaí eile a bhfuil ceangal acu ar fad le hÁras Chrónáin i gCluain Dolcáin. Chuireamar ar fad an cheolchoirm le chéile. Ba é Séamas Brett an stiúrthóir ceoil agus Yvonne Crotty a léirigh é. Bhí Mary Kennedy of RTÉ mar bhean an tí.

ES: An mbíonn sibh ag déanamh *gigs *go minic?

BNGP: Bíonn agus beidh. Sa samhradh ní dhearnamar mórán mar bhíomar ag ullmhú don dlúthdhiosca, bhíomar ag obair go dian air sin. Rinneamar *gig *mar ghrúpa tacaíochta le haghaidh grúpa eile sa Cobblestone [Margadh na Feirme, Baile Átha Cliath] agus chanamar i gCaisleán Bhaile Átha Cliath i lár an tsamhraidh.

ES: Chonaic mise sibh ag an gClub Gaeilge Sult.

BNGP: Sea. Táimid ag súil le dul ar ais go Sult [5 Nollaig], tá atmaisféar an-deas ansin. Bhí cúpla ceolchoirm againn, dar ndóigh, in Áras Chrónáin agus tar éis na Nollag táimid ag dul go Siamsa i dTrá Lí, go Halla na Cathrach i nGaillimh, suas go dtí an An Ghrianán i Leitir Ceanainn agus cúpla áit eile.

ES: Agus an mbeidh ceoltóirí libh?

BNGP: Beidh. Beidh cuid de na ceoltóirí a sheinn ar an dlúthdhiosca linn sna ceolchoirmeacha, so oícheanta móra a bheas i gceist mar go mbeidh deichniúr againn ar an stáitse. Bhí gig againn ansin mí ó shin, os cionn mí ó shin anois, sa Sugar Club ar Shráid Líosan. Ní raibh mé féin riamh ann roimhe sin ach bhí chuile dhuine ag rá liom gur cineál *cool venue *a bhí ann. Bhí sé an-deas ansin agus tá cuireadh againn dul ar ais. Is ionad an-deas é mar tá leagan amach amharclainne air.

ES: An bhfuil mórán tionlacain leis na hamhráin ar an albam? Chuala mise *demo *agus ní raibh tionlacan ach le cúpla ceann acu.

BNGP: Ní raibh ann ach an pianó ar an demo, ach tá an t-albam an-difriúil ar fad. Tá 11 traic ann san iomlán; as sin tá trí cinn gan tionlacan agus ansin tá cúpla ceann nach bhfuil ach an pianó le cloisteáil orthu. Ansin, na sé cinn go bhfuil tionlacan mór leo, tá Séamus Brett ar an bpianó, Gerry O’Connor ar an mbainseó le haghaidh traic amháin (rinne sé cineál *guest appearance *linn), James Blennerhassett ar an ollord, Bill Shanley ar an ngiotár, Richie Buckley ar an sacsafón, Máire Breathnach ar an bhfidil agus Danny Byrt ar na drumaí. Tá muid fíorbhuíoch de gach duine de na ceoltóirí as an gcúnamh a thug siad dúinn an dlúthdhiosca a chur le chéile. Beidh Séamus, James, Bill, Richie agus Danny ag seoladh an dlúthdhiosca in Áras Chrónáin ar an seachtú lá de mhí na Nollag.

ES: Agus na hamhráin féin, an sibh féin a scríobh iad?

BNGP: Ní muid, is *cover versions *iad ar fad. Ach is linne an cóiriú. Cumann muid an comhcheol muid féin. Ar an dlúthdhiosca is é Séamus a chóirigh an tionlacan ceoil ach muidne a chóirigh na guthanna.

ES: Cén áit a bhfuair sibh na hamhráin?

BNGP: Bhuel, tá cúpla ceann traidisiúnta ann, ina measc dhá amhrán as Gaeilge, “Molly na gCuach” agus “Tiocfaidh an Samhradh”. Ansin “The May Morning Dew” as Béarla, “Siúil a Rún”, atá dátheangach ar ndóigh - sin iad na hamhráin thraidisiúnta. Ansin, tá amhrán darb ainm “Blessing” a fuaireamar ó amhránaí Meiriceánach, Jonell Mosser, atá lonnaithe i gceantar Nashville; canann sise é mar roc-amhrán ach tá muidne tar éis ár rian féin a fhágáil air. Déanann muid medley *de roinnt de na seanamhráin ar nós “Blue Moon”, “Fly Me To The Moon” agus ceann Van Morrisson, “Moondance”. Ceann go mbeadh eolas ag daoine air ó amhránaíocht Ella Fitzgerald, “God Bless The Child”, amhrán le Tom Waits, “The Briar And The Rose”, agus ceann le Bob Dylan, “Ring Them Bells”. Meascán *eclectic.

ES: Cén áit a ndearna sibh an taifeadadh?

BNGP: Rinneamar an taifeadadh le léiritheoir an dlúthdhiosca, Séamus Brett. Tá a stiúidio ceoil féin aige amuigh i gCo. na Mí. Ansin a rinneamar é.

ES: Bhí go leor ama agaibh chun é a dhéanamh mar sin?

BNGP: Bhí go leor ama againn, yeah. Níor chomhairigh muid na laethanta, ach déarfainn gur thóg sé gar go leor do choicís orainn. Deich lá ar aon nós.

ES: An raibh sibh ag canadh le chéile nó an ndearna sibh gach guth a thaifeadadh ina aonar?

BNGP: Rinneamar é ar bhealaí difriúla. I gcás amhrán áirithe, chanamar iad le chéile, agus le haghaidh amhrán eile rinneamar iad duine i ndiaidh duine. Mar sin bhí mothú difriúil ar na hamhráin. Na cinn gan tionlacan ach go háirithe rinneamar iad inár n-aonar, ionas go seasfadh an comhcheol amach níos mó. É sin ráite, bhí ceann acu, “Sentimental Journey”, agus rinneamar an ceann sin le chéile. So rinneamar cinn dhifriúla ar bhealaí difriúla, ag brath ar céard a bhraitheamar ab fhearr le déanamh leis an amhrán sin ag an am.

ES: Ar bhain sibh taitneamh as bheith ag taifeadadh nó an raibh sibh ag troid le chéile uaireanta?

BNGP (ag gáire): An fáth go bhfuil mé ag gáire ná go raibh laethanta ann go rabhamar ag stróiceadh na gruaige asainn le frustrachas, mar nach raibh sé ag teacht le chéile go héasca, b’fhéidir amhrán a chanamar go breá beo. Ach nuair a bhíonn tú ag taifeadadh caithfidh tú bheith chomh gar d’fhoirfeacht agus is féidir a bheith. D’éirigh muid neirbhíseach uaireanta, aon uair a bhí drochlá againn; ansin an lá dár gcionn d’éireodh linn an t-uafás a dhéanamh agus chuirfeadh muid rudaí síos go han-sciobtha. Bhí laethanta ann ar bhaineamar an-sult agus spraoi astu agus laethanta nár bhain.

ES: Ar íoc sibh as an albam sibh féin, nó an bhfuair sibh urraíocht ó éinne?

BNGP: Ní bhfuair - muid féin atá á fhoilsiú, mar a déarfá. Is infheistíocht é in rud go bhfuil an-suim againn ann agus grá againn dó.

Beidh *After Albany ar fáil ó Claddagh Records i mBaile Átha Cliath agus ón suíomh gréasáin www.acabella.com, áit a mbeidh tuilleadh eolais ar fáil faoi cheolchoirmeacha agus a leithéid.*

Is as Baile Átha Cliath í Eva Stack. Tá sí ag obair le Glór na nGael sa chathair sin agus bíonn clár roc-cheoil as Gaeilge aici ar an stáisiún áitiúil Spin FM (103.8 FM) gach Domhnach idir 5.45 - 6.45 p.m.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.