CÚINNE NA nEALAÍON
36 uair an chloig!
Colm Ó Snodaigh Colm Ó Snodaigh

Rith smaoineamh maith le heagarthóir na hirise Hot Press chun poiblíocht a fháil d’albam nua Kíla ach, mar a mhíníonn Colm Ó Snodaigh, bhí an-bhrú agus strus i gceist nuair a chuathas isteach sa stiúideo le tabhairt faoin tionscadal.

Íomhá
Íomhá
Eagarthóir Hot Press, Niall Stokes
Íomhá
Conor Deasy ó The Thrills
Íomhá

Amaidíocht a bhí ann ón gcéad uair a luadh é. Amaidíocht iomlán. An-smaoineamh, b’fhéidir, ach amaidíocht agus thuigeas go gcuirfeadh sé an-stró orainn.

“Níl go leor ama againn,” a dúirt Lance. Bhí sé ar saoire lena chlann agus gafa go hiomlán ó thaobh ama de.

Tháinig an smaoineamh as cruinniú cinn a bhí againn i HQ Kíla. Bhíomar ag lorg seifteanna le poiblíocht a fháil don albam úr, Gamblers’ Ballet, a bhí á eisiúint againn. Clúdach Hot Press, a dúramar a bhí de dhíth orainn – sin agus flúirse rudaí eile. (Daoibhse sna Stáit Aontaithe: is é Hot Press, Rolling Stone na hÉireann.) Labhraíomar le heagarthóir na hirise, Niall Stokes. Dúirt sé linn go raibh angle á lorg aige.

“Cad fúinn féin agus Sharon Shannon?” a dúramar leis. Bhí albam á chur amach aici timpeall an ama chéanna. “Cad faoi fhorlíonadh speisialta faoin gceol traidisiúnta?”

“Cad faoi Kíla vs The Thrills?” ar sé.

“Cad!?” arsa muidne uilig. Thuigeas ansin cén fáth gur eagarthóir é ar cheann de na hirisí is rathúla sa tír.

Bhí albam úr ag The Thrills chomh maith agus theastaigh uaidh cuidiú leosan chomh maith le cuidiú linne, agus bhí téama de dhíth air don eagrán a bhí le teacht. Cén fáth nach bhféadfaimis uilig cuidiú lena chéile? An mbeadh an dá

bhanna toilteanach athmheascadh a dhéanamh ar phíosa ceoil de chuid an bhanna eile? Ansin bheadh Hot Press ábalta é a thabhairt amach saor in aisce leis an gcéad eagrán eile! Trí éan. Cloch amháin.

“Éasca,” a deir sibhse.

“Cinnte,” a deir mise. Ach, ní raibh ach 36 uair an chloig againn leis an obair a chur i gcrích! Mar a dúras cheana, amaidíocht!

Ó dheisceart Bhaile Átha Cliath an dá bhanna. Tógadh sinn uilig cúig mhíle ó spíce Shráid Uí Chonaill, ach ní cheapfá sin ag éisteacht le ceol an dá ghrúpa. Ceol traidisiúnta cathrach é ceol Kíla – ceol craosach, míshocair ar mian leis stíleanna ceoil an domhain a bhlaiseadh. Popcheol iarthar Mheiriceá is ea ceol The Thrills – ceol atá báite i bhfuaimeanna The Beach Boys, Steve Forbert agus The Eagles.

Bhuaileamar leo i lár na cathrach i gcomhair agallaimh don iris. Leads deasa. Leads arda! Ceoltóirí faoi bhrú ag comhlacht ceirníní a bhí ag iarraidh slám mór den albam úr, Teenager, a dhíol. Iad chun oibriú ar an gceol ar feadh na hoíche, taisteal go Manchain an mhaidin dár gcionn, ó sin go Corcaigh agus mar sin don chuid eile den bhliain.

Bhabhtálamar uimhreacha fóin ionas go mbeimis ábalta fanacht i dteagmháil lena chéile ar eagla go mbeadh fadhbanna againn leis na píosaí ceoil.

Tigh Karl, ár ndraoi fuaime. Mé féin agus Rónán. “Beidh seo éadrom,” ar sé. “Ní bheidh aon ní dáiríre ag tarlú i mo stiúideo inniu! Tá mé bloody tuirseach tar éis an t-albam a chríochnú libh.”

“Cinnte,” arsa mise, agus fios agam go mbeadh muid ag iniúchadh gach nóta, leathnóta agus gach aon bhlúire fuaime!

Isteach linn sa phíosa ceoil.

“Smaoinigh ar an ngrúbh ar dtús,” arsa Lance linn ar an nguthán. “Beidh mé libh i gceann sé huaire an chloig!”

Raon de bhodhrán domhain gnéasach ó Rónán ar dtús. Tús maith leath na hoibre, a deirtear; ní mar sin a bhraitheamar – bhí an-chuid le déanamh againn.

Sheolas téacs chuig Conor ó na Thrills: “Seachain an drochshacsafón”. Faitíos orm go mbeidís ag fonóid fúm agus mo dhrochsheinnt!

“Seachain an drochsynth,” an freagra a fuaireas ar ais.

Dord den scoth ó Karl. Ceolmhar, leisciúil. Deacair orainn cruth an amhráin a tharraingt chugainn i gceart, áfach. Athmheascadh. Briseadh. Scoilteadh. Athdhearadh. Athchruthú. Athéisteacht.

“Tá dán agam,” arsa Rónán. Lance agus Eoin á stiúradh tríd go cúramach le rithim an cheoil. Feadóg íseal uaim. Rossa ar an nguthán ag éisteacht liom, ag rá liom fanacht amach ón Titanic!

Dee ar an nguthán. “Fan orm,” ar sí. “Tá Martin ag teacht trasna chugam. Déanfaidh sé mé a thaifeadadh agus seolfaidh muid an traic chugaibh ar an ríomhphost.”

3.00 a.m. – mé féin agus Lance ag argóint faoi liricí an amhráin. Argóint amaideach. Táimid spíonta. Cuireann Karl stop leis an seisiún. Tá seisean

spíonta leis agus meabhraíonn sé dúinn nach raibh muid chun a bheith ródháiríre! Ceithre huaire an chloig codlata romhainn. Iontach!

Cuma scriosta ar Karl nuair a dhúisím ar maidin é ag a hocht! An courier ag teacht ag meán lae leis an dlúthdhiosca a bhailiú. Muid ag achrann leis an gceol go fóill. Kiss! Keep it simple, stupid! Simplí! Simplí.

Isteach linn arís sa cheol. Gearrann muid. Sracann muid. Cruthaíonn muid. Snasann muid. Cúitíonn muid.

Lorgaím uair an chloig breise ó rúnaí Hot Press. Tugtar dom é. Coinním an tiománaí ag an doras ag caint fad is a chuireann Karl an snas deireanach ar an gceol.

Críochnaithe!

Spíonta!

Amaidíocht!

Tá comhad fuaime den amhrán de chuid Kíla, "Cabhraigí léi", a mheasc The Thrills le fáil thíos, os cionn na gluaise.Albam úr Kíla, Gamblers’ Ballet, le ceannach ag www.kila.ie/shop

Cóipeanna le buachan i gComórtas mhí Mheán Fómhair beo chomh maith.

Albam úr The Thrills, Teenager: www.thethrills.com

Bunleagan den amhrán “Nothing changes Around Here” le The Thrills le cloisteáil ag http://www.myspace.com/thethrillsofficial

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.