Bliain chinniúnach ab ea 2007 i gcúrsaí polaitíochta an tuaiscirt. Ach más fíor sin, cén fáth nach bhfuil an oiread sin rudaí maithe ag tarlú? Pléann Robert McMillen an scéal.
Tá deireadh le 2007 agus nár bhreá a rá "and they all lived happily ever after", ach ba thúisce Bah Humbug i mo bhéal tráth na Nollag atá díreach thart.
Beidh cuimhne ar an bhliain stairiúil seo mar “Bhliain na Chuckle Brothers” – an Céad-Aire, Ian Paisley, agus a dhlúthchara, Martin McGuinness, ag gáire mar a bheadh gealta iontu. Ach ba chúis bhróin é céad mhór-eachtra na bliana nuair a fuair David Ervine, ball den PUP a raibh ardmheas air, bás ar an 8 Eanáir.
Ba é an dílseoir ab ansa le náisiúnaithe agus b’fhearr leis focal fada ná focal gearr, ach ba mhinic a léirigh Ervine an fhirinne lom agus moilleadóireacht ag dul ar aghaidh i measc a chomhghleacaithe sna páirtithe aontachtacha.
Ar ceann de na radhairc ab aistí in 2003, bhí Gerry Adams agus é i measc an tslóigh ag tórramh iar-bhaill den UVF in oirthear Bhéal Feirste. Seans mór go raibh a fhios ag Irvine fán chomhoibriú rúnda a bhí ar siúl idir an RUC agus an UVF – é sin a d’fhág dáréag ar a laghad marbh dar le Nuala O’Loan, an tOmbudsman Póilíneachta ó thuaidh atá éirithe as ó shin. Ach níor chuir an damnú seo bac ar bith ar Shinn Féin tacaíocht a thabhairt do chúrsaí póilíneachta
sé lá níos maille. Chuidigh cinneadh Shinn Féin maidir le tacaíocht a thabhairt do chúrsaí póilíneachta le Tony Blair toghchán tionóil a ghairm ar 7 Márta.
Mar a bhíothas ag tuar, agus na vótaí caite, ba é an Democratic Unionist Party an páirtí ba mhó sa Tionól agus 36 suíochán bainte amach acu. Fuair Sinn Fein 28, an UUP 18, an SDLP 16, agus Alliance 7. Ansin a cuireadh tús le dian-thréimhse bríbhéireachta ón Rúnaí Stáit, Peter Hain, agus é ag iarraidh gach páirtí a fháil ar bhord. Ba é an 26 Márta an spriocdháta a thug sé do na páirtithe le teacht ar shocrú a chuirfeadh ar a chumas an Feidhmeannas in Stormont a athbhunú. Ar an lá sin, shuigh Ian Paisley agus Gerry Adams síos taobh lena chéile le fógairt go mbeadh an Feidhmeannas ar ais ar an 8 Bealtaine. "Not with a bang, but with a whimper”, mar a déarfadh TS Eliot.
Mothaíonn muintir na Sé Chontae ar nós nia a fuair geansaí ildaite a bhfuil réinfhianna air óna aintín don Nollag. Is bronntanas é, cinnte, ach níl sé iontach maith. Leoga, tá sé míofar. Agus sin mar atá an "rialtas" ó thuaidh. Is maith an rud é é a bheith ann, ach tá sé gan úsáid ar chuid mhór bealaí.
TuarascáilTháinig tuarascáil Varney amach an tseachtain seo agus bhí na daill ag dúil go ngearrfadh an tiarna an ráta cháin corparáidí ó thuaidh. Bhí a fhios acu siúd a bhfuil radharc na súile acu nach raibh seans dá laghad ann go ndéanfadh sé amhlaidh. Leoga, measann Varney go gcaithfear na mílte post a scor le geilleagar an tuaiscirt a chur ar a bhonnaibh arís.
Beidh orainn na táillí uisce a dhíol, tá na Shinners *agus an DUP ag iarraidh an UUP agus an SDLP a alpadh, bhí ruaille buaille idir comhghuaillíocht an SF/DUP agus an SDLP/UUP fá dheontas don UDA, tá Fianna Fail ag trasnú na teorann ... *zzzzzz.
Ar a laghad, bhí conspóid éigin ann nuair a fuarthas amach go raibh daimh idir na Paisleys, pere et fils, agus an forbróir réadmhaoine Seymour Sweeney, ball den DUP. Ar ndóigh, dúirt an tAire Comhshaoil, Arlene Foster ón DUP, go raibh sé "ar intinn" aici conradh mórluachach a thabhairt don Seymour céanna le hionad léirithe a thógáil ag Clochán na bhFomhórach. Tá gach líomhain chaimiléireachta séanta ag na Paisleys agus ag Foster. D’fhág dúnmharú Paul Quinn smál ar an dul chun cinn ó thuaidh fosta. Maítear gurbh é an IRA a mharaigh an fear óg agus más fíor é an líomhain sin, b’fhéidir go mbeidh impleachtaí tromchúiseacha ann don roinnt cumhachta ó thuaidh. Ach, iontach go leor, dúirt Peter Robinson - an chéad Chéad-Aire eile? – gur chreid sé nár cheadaigh Chomhairle Airm an IRA an marú, leithscéal nach nglacfadh sé féin leis bliain ó shin.
Do Ghaeil na Sé Chontae, fanfaidh 2007 ina gcuimhne ar dhá chúis. Is éard atá iontu ná dhá mhórshiúil a bhí ar siúl go lár na cathrach i mBéal Feirste agus Gaeilgeoirí ag éile
amh acht Gaeilge. Ba ócáidí gealgháireacha iad na mórshiúlta, a bhí mar cheiliúradh agus mar agóid ag an am amháin. Ar ndóigh, níor chuidigh na mórshiúlta pioc le cás na Gaeilge in Stormont. Níor ceadaíodh an t-acht – rinne na dá pháirtí aontachtacha ionsaithe leanúnacha díchéillí ar an teanga agus is léir gur troid fhada atá roimh Ghaeilgeoirí ó thuaidh.
Chuaigh mé fríd leathanaigh an Irish News ar mo sheacht ndícheall ag iarraidh teacht ar dheá-scéala ón Tuaisceart. Zilch. Is dócha gurb é an t-aon ábhar sásaimh atá againn ná go bhfuil Aer Lingus ag eitilt amach as Béal Feirste agus tá líon na gceann scríbe ar féidir le turasóirí ó na Se Chontae eitilt chucu ag méadú – rud a chiallaíonn gur tig linn an diabhal áit a fhágáil inár ndiaidh ar feadh dheireadh seachtaine fada!Is iriseoir leis an Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.