CAINT AN tSRÁIDBHAILE
2002 - Bliain na Teagmhála!

Is féidir linn go léir ár gcion féin a dhéanamh don Ghaeilge i mbliana.

Íomhá
Cuid den lucht éisteachta ag an chlub Gaeilge Sult i mBaile Átha Cliath
Íomhá
Íomhá
An damhsóir proifisiúnta Caimin Collins ag an chlub Gaeilge Sult i mBaile Átha Cliath

San lá atá inniu ann, bíonn gá ag gach eagraíocht nó comhlacht le plean stráitéiseach oibre. Má fhéachann muid ar ghluaiseacht na Gaeilge mar aon dynamic amháin (agus sin mar ba cheart do chúrsaí a bheith), cad iad na rudaí a bhfuil sé réadúil tosaíocht a thabhairt dóibh sa bhliain 2002?

Tá fadhb bhunúsach ag pobail Ghaeltachta agus lucht na Gaeilge i gcoitinne ó bunaíodh an Stát seirbhísí a fháil ó áisínteachtaí i nGaeilge. Níor tugadh an stádas céanna don Ghaeilge riamh agus a tugadh don Bhéarla. An t-aon réiteach atá ar an fhadhb seo ná Bille Cearta Teanga a chur i bhfeidhm sa tslí go mbeidh dualgas reachtúil ann na seirbhísí seo a bheith ar fáil go forleathan gan cheist. Níl aon bhealach le seo a bhaint amach ach tríd an chóras polaitiúil; ba cheart do na heagraíochtaí Gaeilge agus dúinne, an pobal, mar sin, brú a choinneáil go leanúnach agus go héifeachtach le seo a bhaint amach i mbliana. Bígí i dteagmháil le bhur gcairde i ngach páirtí polaitiúil - tá olltoghchán ag teacht!

Tá dul chun cinn déanta le blianta beaga anuas i gcúrsaí oideachais Ghaeilge agus tá an ghluaiseacht Gaelscoileanna le moladh go hard. Tá an deis ag go leor daltaí anois dul ar aghaidh go meánscoil Ghaeilge, cé gur gá an gréasán seo a mhéadú tuilleadh. Fágann sin ceist na hOllscoile Gaeilge. Tá Ollscoil na Gaillimhe ag déanamh ceannródaíochta maidir le seo agus is cóir gach tacaíocht a chur ar fáil dóibh siúd agus d’institiúidí eile tríú leibhéal atá ag forbairt sa treo céanna. Tá súil againn go leagfar an chéad fhód i mbliana san fhorbairt seo.

Gan amhras, ba cheart go mbeadh caomhnú agus láidriú na nGaeltachtaí mar thosaíocht; gan pobal bríomhar Gaeilge, caillfidh go leor againn an fuinneamh agus an misneach leanúint ar aghaidh ag úsáid na Gaeilge mar theanga laethúil. Tá Coimisiún na Gaeltachta ag ullmhú cáipéisí stráitéise don Ghaeltacht ina mbeidh moltaí faoin dóigh ar féidir í a láidriú agus a dhaingniú. Beidh orainn dul i ngleic leis na moltaí seo agus féachaint chuige go gcuirtear i bhfeidhm go hiomlán iad. Tá súil againn go mbeidh pleanáil teanga mar chuid lárnach de seo, mar is cúis díomá le fada é nach bhfuil aon treoir shoiléir á tabhairt maidir leis na bealaí is éifeachtaí le tabhairt faoi fhorbairt na Gaeilge, go háirithe i dteaghlaigh agus i ngluaiseachtaí pobail.

Cad é is féidir leis an duine aonair a dhéanamh i mbliana le gréasán na Gaeilge a láidriú? An rud is dearfaí is féidir a dhéanamh ná bheith i dteagmháil le Gaeilgeoirí eile go rialta. Tá gréasán sóisialta á thógáil de réir a chéile ar fud na tíre seo in áiteanna mar Bhéal Feirste, Doire, Baile Átha Cliath agus Gaillimh, agus thar lear fosta. Tá ócáidí mar An tOireachtas, an club Sult agus deirí seachtaine Dhaltaí na Gaeilge ag dul i líonmhaireacht agus deiseanna ag daoine cineálacha éagsúla saoire a bheith acu sa Ghaeltacht. Is féidir le Gluaiseacht na Gaeilge a bheith ina ghréasán ina bhfuil aithne againn uilig ar a chéile agus muid ag gníomhú taobh le taobh.

Tá dul chun cinn déanta againn; bíodh 2002 mar Bhliain na Teagmhála - bímis i dteagmháil le chéile i nGaeilge, is cuma cá háit sa domhan a bhfuilimid!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.