Thar am freagracht as foilsiú irisí agus nuachtáin a bhaint ó Fhoras na Gaeilge. Praiseach iomlán atá déanta acu. Tá mise buíoch as an deis a thug Beo dom mo thuairimí a chur i láthair an phobail. Leantar leis an obair, más ar bhonn deonach féin é.
Ábhar fiúntach, agus d'ardchaighdeán cinnte, ach is fiú go mór na hailt a phoibliú ar Facebook/ Twitter. B'fhéidir go bhfuil cheana féin? Sílim go ndéanann daoine dearmad faoin suíomh ar an drochuair mura bhfuil sé curtha ós ár gcomhair.
Molaim sibh as cur chuige nua a thriail agus gan bheith ag brath ar mhaoiniú an Fhorais. Bhí moladh freisin ag Rossa Ó Snodaigh nó Tomaí Ó Conghaile go mbunófaí ciste do na meáin chlóite ar fad, agus go ndéanfaí iarracht daoine a mhealladh chun €100 sa bhliain a thabhairt, rud a chlúdódh na hirisí uile.