« » 1 2 3
tabhair freagratabhair freagra #3 seosamh 5 Bealtaine 2014, 21:30 GMT
'BEATHA TEANGA I A LABHAIRT' agus NI BEATHA TEANGA I A AISTRIU!
tabhair freagratabhair freagra #4 Brian Ó Ruairc 5 Bealtaine 2014, 23:50 GMT
Tá mé cinnte nach beatha teanga gan í a aistriú agus a bheith ag moladh amhlaidh i gCEANNLITREACHA.
tabhair freagratabhair freagra #5 sceolann 6 Bealtaine 2014, 13:51 GMT
Tá sé tábhachtach a Phádraig, go mbeadh ardstádas agus ardghradam ag ár dteanga náisiúnta san Eoraip, go mbeadh sí ar comhchéim leis na mórtheangacha eile agus go dtaispeánfar don saol mór go bhfuil sí inniúil ar shaincheisteanna móra na linne seo i gcúrsaí polaitíochta, airgeadais, eacnamaíochta, cultúir etc a láimhseáil chomh maith céanna le gach teanga eile idir mhór is bheag. A thaispeáint go háirithe go bhfuil meas againn ar ár gcultúr agus ar ár n-oidhreacht féin. Tá ardchaighdeán den chéad scoth bainte amach ag na haistritheoirí a bheidh ina eiseamláir do na glúine atá le teacht. Tugadh muintir na hEireann lántacaíocht don bhfeachtas seo.
tabhair freagratabhair freagra #6 Rob Mac G 6 Bealtaine 2014, 18:21 GMT
Ceist fíor-spéisiúil, ar lámh amháin cinnte is rud maith é go bhfuil postanna maithe ar phá ard le fáil thall sa Bhruiséil a bhaineann leis an nGaeilge agus ag an am céanna aitheantas oifigiúil a thabhairt don teanga i lár na hEorpa. Ach an cur i gcéill é nó obair in aisce? Daoine le sár scileanna sa Ghaeilge ag aistriú ar roinnt dos na cáipéisí is leadránaí is féidir a fháil ar domhain? Cáipéisí nach bhfuil fonn ar éinne iad a léamh fiú i mBéarla gan bac leis an nGaeilge. An rud eile atá ar siúl ná cinnte léiríonn an stádas oifigiúil ag an nGaeilge go bhfuil tacaíocht taobh thiar di ón Eoraip ach cad atá ar siúl in ár dtír féin, easpa tacaíochta ón Rialtas, i gcónaí an teanga ag géilleadh don Bhéarla. B'fhéidir ba chóir dúinn comhrá ionraic a bheith againn mar phobal in Éirinn ar thodhchaí na teanga in Éirinn ar an gcéad dul síos agus ár dtigh féin a chur in ord agus in eagar.
tabhair freagratabhair freagra #7 Traolach Mac Suibhne 7 Bealtaine 2014, 19:03 GMT
Caisleain san aer is ea e sin agus gan aon bhonn ceart faoi na caisleain cheanna ach bonn gainimhe ata ag imeacht le gaoith o la go la. Cathain a thug Fine Gael tacaiocht riamh don teanga ach iad ag baint uaithi go failli fealltach fimineach. Kenny gona bheal ban breagach ag tlaithinteacht leis an bpobal mar 'dheanfadh fear maith agus an sciain a gearu aige chun feannta d'fhonn craos an Troika a shasamh. Meabhraitear dom an t-amhran iontach sin o Luke Kelly 'For what died the sons of Roisin?"
tabhair freagratabhair freagra #8 Domhnall Mac an Bhaird 9 Bealtaine 2014, 11:44 GMT
(i) an dtacóidís leis an smaoineamh go mbeadh aitheantas ag na ceantair ina bhfuil Gaeilge fós á húsáid iontu mar cheantair speisialta chaomhnaithe teanga?
Ceist mhaith. Táthar sásta aitheantas a thabhairt do cheantair ina bhfuil éiceachoras leithleach leochaileach i mbaol ioçntu ceart go leor. Cumá nach ndéanfai amhlaidh do sheoidín chomh luachmhar le teanga atá i mbaol. Cuid bhunusach, eithneach den éiceachoras cultuir is ea teanga na nGael. Tá gleannta, sléibhte, aibhinte, machairí, topaigrafaíocht uile na tíre beo bocht balbh i mBéarla ach labhrann sí agus canann sí in ard a cinn is a gutha trí mheán na Gaeilge. Tá ainmneach rudaí, áiteanna etc fíorthábhachtach; tá sé tábhachtach an chumhacht sin chun nithe a ainmniu agus sinn féin a aimniu a aisghabháil o choncas cultuir na Sasanach chun go mbeidh meas againn athuair ar ár dtimpeallcht agus orainn féin. ('Translatuions' le Brian Friel); An bhfuil toil mhuintir na hEireann leis an teanga agus an bhfuil siad sàsta í a labhairt go hàirithe leis an gcéad ghluin eile?
tabhair freagratabhair freagra #9 Fearn 10 Bealtaine 2014, 13:25 GMT
Is gá le héilimh ChnaG AGUS le héilimh Dhonncha. Ní thagann siad salach ar a chéile, agus ní thagann siad as an pota cuimseach chéanna airgid na talann. Nuair is mó na héilimh ar an airgead agus ar na talannacha, cuirtear leia an airgead agus nochtar na talannacha.
tabhair freagratabhair freagra #10 Eilís Uí Bhriain 14 Bealtaine 2014, 13:55 GMT
Aontaím gur "anseo sa bhaile a theastaíonn na haistritheoirí maithe le scoth na Gaeilge " agus ní sa Bhruiséal agus obair ar siul acu nach bhfuil a gcroíthe inti ach ag dul leis an 'siomblachas' mar tá pá saibhir ag baint leis an bpost seo agus an bonn á bhaint de Theanga na Gaeilge sa bhaile. Tá na mílte á chaitheamh ar na cháipéisí seo nach bhfuil léite ag mórán, ag éinne b'fhédiir.
Táimíd faoi scáth an EU anois maidir le todhchaí na Gaeilge agus níl dóthain airgid ar fáil anseo chun obair a chur ar bun agus tionscnaimh a chothú maidir le caomhnú agus forbairt na teangan i measc cos-mhuintir na Gaeilge- tá ár lámha ceangailte agus caighdeán na Gaeilge an-íseal ag teacht amach as na scoileanna.
tabhair freagratabhair freagra #11 DÓD 14 Bealtaine 2014, 16:50 GMT
ráiméis atá san alt seo. cuireann an obair "sa mBruiséal" go mór le hinfreastruchtúr na Gaeilge, ní bheadh focal.ie, breis.foclóir ná an foclóir nua ann murach an t-éileamh a cruthaíodh thall. tá buiséad aistriúcháin ag an Eoraip, agus tá siad ag dul a chaitheamh ar an aistriúchán - mura gcaitear sciar de ar an nGaeilge caithfear ar theanga eile é, ach bí cinnte nach mbainfear sciar as buiséad aistriúcháin an AE le tionscadail teanga a chur chun cinn sa Ghaeltacht. Amaidí ar fad a leithéid de chaint. Nach bhfuil chuile thír san aontas breac lena mionteangacha féin? Níl an AE ag dul ag drannadh leis an gceist sin. Tapaigh an deis seo atá an AE a chur ar fáil. Na ceisteanna eile faoi shlánú na Gaeltachta - tá siad fíorthábhachtach, ach ceisteanna iad is gá a réiteach in Éirinn, trí bhrú an chur ar rialtas na hÉireann agus trí ghníomhaíocht phobail. Ná tabhair do shonas ar do dhonas a Dhonncha. Rud eile de, dá láidre seasamh na teanga san Eoraip is ea is deacra cearta a dhiúltú do lucht a labhartha abhus.
tabhair freagratabhair freagra #12 Seán Ó Riain 15 Bealtaine 2014, 10:58 GMT
> Is gá le héilimh ChnaG AGUS le héilimh Dhonncha. Ní thagann siad salach ar
> a chéile, agus ní thagann siad as an pota cuimseach chéanna airgid na
> talann. Nuair is mó na héilimh ar an airgead agus ar na talannacha,
> cuirtear leia an airgead agus nochtar na talannacha.
« » 1 2 3
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!