« » 1 2
tabhair freagratabhair freagra #1 S Ní C 4 Márta 2014, 14:27 GMT
Cuireann tú an cheist seo: "An bhfuil an té a ghlac páirt i Lá Mór na Gaeilge an mhí seo caite chun cearta a éileamh do chainteoirí Gaeilge a dhath níos Éireannaí ná deisceabail Ross O Carroll Kelly a bheas ag tarraingt ar Staid Aviva ar Lá ‘le Pádraig le tacaíocht a thabhairt do Choláiste na Carraige Duibhe nó do Chlongowes Wood i gcluiche ceannais rugbaí scoileanna Chúige Laighean?"

Mar dhuine a bhí ag agóid ar Lá Mór na Gaeilge is féidir liom a rá gan náire go bhfuil mé níos Éireannaí agus níos Gaelaí ná na seoiníní saibhre sin a thacaíonn leis an rugar
tabhair freagratabhair freagra #2 Odhrán Ó C 4 Márta 2014, 14:47 GMT
Ní ghlacaim le d'iarracht a S Ní C daoine a chur i mboscaí. Tá an-suim agam i rugbaí ach ní haon seoinín mé. Allez les verts..
tabhair freagratabhair freagra #3 Concubhar 5 Márta 2014, 13:45 GMT
Is breá liom féin rugair - cé ná raibh mé riamh san Stáid Aviva. Is éireannach mé.
tabhair freagratabhair freagra #4 Liam 5 Márta 2014, 14:53 GMT
Ní féidir liom ghlacadh leis am méid a scríobh S Ní C. Is poblachtánach ó Luimneach mise agus Gaeilge á labhairt agam mar ghnáththeanga labhartha chuile lá ní mar caitheamh aimsire!. Is breá liom an rugair chomh maith le beagnach chuile Gaelgeoir sa taobh seo tíre. Cad faoin CLG cad a rinne siad ar son na Gaeilge nó aontas ár dtíre? Tada ach cur i gcéill agus ní seoinín mise ach an oiread.
tabhair freagratabhair freagra #5 Maoilsheachlainn 5 Márta 2014, 15:22 GMT
Tá ábhar machnaimh ins an alt seo. Ní féidir liom an cheist sin faoin rugair a fhreagairt
« » 1 2
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!