Rugadh agus tógadh mé i SAM. Tá mé imo chónaí i New Jersey. Is as Éire mo mhuintir. Nuair a chaithim ama in Éireann glactar liom gur 'Yank' mé. Tá sé sin aisteach mar go bhfuil Gaeilge agam agus nach bhfuil ag na daoine ón gceantar. Braithim scaití go bhfuil mé níos Éireannaí ná éinne eile ach is yank mé go deo mar nár rugadh mé in Éireann
Na 'hÉireannaigh' gan Ghaeilge sin, caithfidh tú a thuiscint gur bagairt thusa dá bhféiníomhá. Mura bhfuil tú 'chomh hÉireannach' leo is cinnte gur gaelaí thú siocair gur Gael ceart cruthanta thú. 'Sé sin, tá an Ghaeilge agat, rud nach bhfuil acusan.
Séamus: tá Fraincis agam, ach ní fhágann sin gur Francach mé, agus ní fhágfaidh choíche. Tá baol nach beag ann teanga ar bith a úsáid fá choinne cúis ar bith, comhartha féiniúlachta nó eile. Ní gá ach teanga a úsáid le go mbeidh sí beo. Aon am a úsáidtear teanga ar chúis ar bith seachas le cumarsáid a dhéanamh, bím amhrasach faoi.