Is mar seo ar cheart don abairt dheireannach thuas a bheith: "Idir an dá linn níor cheart géilleadh don deachtóireacht ón mionlach beag nach dteastaíonn nuachtán clóite uathu, agus a cheilfeadh ar an gcuid eile againn é!"
Léiríonn http://www.goitse.org/ an bóthar chun cinn; tograí áitiúla le buntáistí áitiúla agus gan tacaíocht stáit. Idir sin agus Seachtain, forlíonadh an Indo, is féidir dul chun cinn a dhéanamh,
Níl duine ar bith chomh dall leis an t-é nach bhféachfaidh ar an fhianaise. is ar líne an bealach is fearr chun tosaigh ag an bpointe seo ach ní aithníonn Donncha é sin mar nior mhaith leis é a aithint. Is eisean an mhionlach bheag atá ag iarraidh nuachtán chlóíte a bhrú ar gach éinne eile a thuigeann an deacracht a bhaineann leis an obair sin. Dá mba rud é go raibh spéis aige i bhfirinne i nuachtán chlóite, bheadh sé ag iarraidh 'Goitse' a chur ar bun i gConamara. Sin an bealach chun tosaigh agus is féidir é a dhéanamh.
Is é an fhírinne ná nach dtuigeann Donncha an scéal i gceart. Bheinnse go mór ar shon nuachtán chlóite bheith ann ach tuigim go bhfuil na constaicí roimh aon nuachtán dá leithéid nach mór do sharaithe. Nuair atá tú ag daileadh nuachtáin go náisiúnta ní mór duit cuid mhór airgid a chaitheamh ar chló - ní chreidim go bhfuil an €1 an choip a luann Donncha réalaíoch ach sa mhéid go bhfuil líon mór á chló bhuaileadh - chun a dhothain coipeanna a chló chun scaipeadh ar fuaid na tíre agus ansan cuid mhór airgid ar an daileachán. Níl sé eacnamaíoch níos mó, sin é an méid agus is cuma an méid daoine a fhreagraíonn suirbhé an Fhorais, ní athróidh sin cúrsaí. Ní raibh an suirbhé sin iontaofa, is cuma cé mhéid uair a luann Donncha é agus é ag iarraidh áíteamh ar dhaoine eile dul sa bhearna baoil ar mhaithe le riar a dhéanamh air féin agus, is oth liom a rá, mionlach dhaoine eile. Caithfear tús a chur le h-athtógáil an pobal leitheoireachta nuachta Gaeilge - creidim féin go bhfuil dhá chuid san obair seo - nuachtán/suíomh ar líne nuachta náisiúnta móide nuachtáin áitiúla.
Faraor a Donncha is túisce a cheannaití an "News of the World" agus an "Sunday World" seachas aon nuachtán i nGaeilge le blianta fada sna Gaeltachtaí seachas corr bhaile anseo is ansiúd.De réir cosúlachta tá laghdú damanta tagtha ar lucht léite na Gaeilge le tamall anuas má chuireann an teanga cumarsáide coitianta atá ag lucht leannta Facebook sa nGaeltacht sa áireamh. Bá bhreá liomsa nuachtán nua a bheith ar fáil amach anseo ach tá constaicí le sárú...meastú nár bhfearr nuachtán/suíomh ar líne a thriall i dtús báire chun lucht léite an nuachtáin a thomhais i dtosach sul má fhoilsítear aon leagan crua den nuachtán.
Faraor a Donncha is túisce a cheannaití an "News of the World" agus an "Sunday World" seachas aon nuachtán i nGaeilge le blianta fada sna Gaeltachtaí seachas corr bhaile anseo is ansiúd.De réir cosúlachta tá laghdú damanta tagtha ar lucht léite na Gaeilge le tamall anuas má chuireann an teanga cumarsáide coitianta atá ag lucht leannta Facebook sa nGaeltacht sa áireamh. Bá bhreá liomsa nuachtán nua a bheith ar fáil amach anseo ach tá constaicí le sárú...meastú nár bhfearr nuachtán/suíomh ar líne a thriall i dtús báire chun lucht léite an nuachtáin a thomhais i dtosach sul má fhoilsítear aon leagan crua den nuachtán.
Ní nuachtán seactainiúil ar bith atá ag teastáil ach nuacht laethúil ar líne agus aip. Sin an t-aon bhealach le pobal ceart léitheoireachta a spreagadh!
tabhair freagra
#10
daithi mac eoin12 Eanáir 2014, 21:05 GMT
Más ceadmhach dom a rá, nach mbeadh sé inglactha, mar comhréitheach, nuachtán coiciseáin a chuir i gcló. Beidh na costais níos lú agus seans go mbeadh brabús ann.
Mhaígh Foras na Gaeilge gur chuir siad stad le Gaelscéal cionn is go raibh an díolachán ró-íseal. Sa chonradh nua, ní bheidh díolachán ar bith i gceist mar go mbeidh an nuachtán saor in aisce. Cá fhágann sin an míniú a thug an Foras ar Gaelscéal a chur chun báis? Nach dtiocfadh leis an Fhoras iarraidh ar Gaelscéal leanúint ar aghaidh le hobair s'acu ach an nuachtán a chur ar fáil saor in aisce ar an idirlíon seachas é a chló? Ach in áit sin, chuir siad iriseoirí Gaeilge as post, agus d'fhógair siad comórtas nua (a mbeidh costais ag baint leis) agus tosóidh dream nua go hiomlán ón tús arís. Nach meaner dúinn go bhfuil aleithéid i gceannas ar an teanga?