Bheadh sé spéisiúl tabhairt ar na pairtithe cumas Gaeilge a bhrú ar Státsheirbhísigh.
Labhraíonn móramh lucht na Gaeilge Béarla leis an stát. Is beag is fiú dófa an stró Gaeilge a iarraidh a chur orthu fhéin, rud nach ndearna siad fiú nuair a bhí Gaeilge ag Státsheirbhísigh. In ionad coinníoll a leagadh ar Státsheirbhísigh, cad mar gheall ar misneach a chothú i lucht na Gaeilge go n-iarrfadh siad a tá tuillte acu le fada. Cá bhfuil Rosa Parkes na Gaeilge a dhéarfadh "Ní beag sin. Gaeilge as seo amach, cuma an dua a chuirtear ormsa ná oraibhse"?