Alt macánta ionraic mar is gnách. Táimse ag tógáil páistí le Gaeilge i mBAC. Tá gréasán beag daoine anseo a bhfuil dúil againn sa teanga. Muid ar chumais éagsúla. Áirím gur mionlach beag scaipthe muid, cosúil le Polannaigh cuirim i gcás, ach amháin gur lú i bhfad é pobal labhartha na Gaeilge, agus (is dócha) go bhfuil ard-chaighdeán polainnise ach gach polannach. Mar sin, níl ionainn i mBAC ach pobal mionteanga ag snámh in aghaidh an tsrutha. Is gearr go mbeidh an Ghaeltacht uilig amhlaidh.
tabhair freagra
#3
Éamonn Mac Niallais2 Bealtaine 2013, 16:06 GMT
Sin mar ata rudaí sa Ghaeltacht ó Thuaidh faoi láthair chomh maith.