« » 1 2
tabhair freagratabhair freagra #8 Iriseoir díomuach 9 Márta 2013, 15:05 GMT
13% de Mheiriceánaigh (tuairim is) ag ceannach nuachtáin go seachtainiúil. Abraimís go bhfuil ar a méid 100,000 cainteoirí dúchais, líofa, nó lánlíofa Gaeilge ann. Bímis ag súil le uasmhéid 13,000 ceannaitheoirí nuachtán Gaeilge mar sin, ach amháin gur fearr Béarla léite an chuid is mó de na cainteoirí sin, agus ceannóidh siad nuachtán Béarla dá réir. Dála an scéil: Ciorclaíocht an Farmers Journal: 71,000!
tabhair freagratabhair freagra #9 Sylvia 10 Márta 2013, 09:18 GMT
Is mór an trua go deimhin nach bhfuil Gaelscéal ann níos mó. Ach ní aontaím leat ar chor ar bith agus tú ag gearán faoi leagan "seanaimsearach leadránach" ag Feasta. Is iomaí nuachtán agus iris a thagann sa teach is againne gach mí ach is le Feasta agus an clúdach ealaíonta suimiúil uirthi a bhím ag súil go mór. Nach bhfuil an dotháin iris agus grianghráif scéiniúla is ceannteidil gáifeacha iontu againn?
tabhair freagratabhair freagra #10 April 10 Márta 2013, 17:16 GMT
Is í an cheist chéanna i gcónaí a chuireanns daoine airithe nuair a theipeanns ar Lá nó ar Ghaelscéal nó ar cibé-cén-Air-America- na-Gaeilge-ar-theip-air-an-uair-seo. An bhfuil pobal ann?

Níl mé cinnte gurb 'in í an cheist is ceart a chur.

Féach..Mura mbíonn NBC/​MSNBC nó an NYT é a dhíol as Bearla, ní bheidh sibhse in ann é a dhíol as Gaeilge.
An bhfuil pobal ann d'Air America nó da mhacasáil as Gaeilge? Níl agus ní raibh.

An bhfuil pobal ann atá ag iarraidh seirbhísí de chaighdeán réasúnta as Gaeilge? Sílim go bhfuil. Pobal réasúnta dílis don teanga muid chomh maith. D'ioc mé féin $48 ar an Hobad do dhaoine nach n-aontaím leo, agus cóip den leabhar céana as Bearla ar an tseilf cheana! Tá mé sásta níos mó airgid a íoc ar leabhair Gaeilge chomh fada is a thaitníonn siad liom. Agus níl mé ag rá gur mhaith liom na leabhair céanna atá le fáil as Bearla mar aistriúcháin a léamh i gcónaí. Tá leabhair den chaighdeán céanna atá uaim. Ba mhaith liom an éagsúlacht chéanna.

Agus ach go hairithe, ba mhaith liom daoine a bheith i mbun seirbhísí a bheidís sásta na ceisteanna ceart a chur. Ceard ba mhaith le mo chuid cuistaimearaí/​léitheoirí /​ éisteoirí/​ breathnóirí a léamh agus a fheiceáil? Ceard a bheadh sach luachmhar agus sach úsáideach dóibh go mbeadh siad sásta íoc as? Ba cheart an teannas a spreaganns daoine iarracht níos fearr a dhéanamh a bheith ann.

Agus ní thagann an teannas sin as airgead íocóirí chanach ó lámha polaiteoirí. Tagann sé as airgead a thuilltear agus thú ag déanamh do sheacht ndícheall cuistaimearaí a shásamh...fiú cusitaiméaraí deacra.

DAS Ní mar an gcéanna iad seirbhís as Gaeilge den chéad scoth a chur ar fáil agus seirbhís den chéad scoth a chur ar fáil as Gaeilge.
tabhair freagratabhair freagra #11 Finín 10 Márta 2013, 18:05 GMT
Curtha go maith agat a Aibreáin. Bhí Gaelscél an-lag - Ganscéal a thug go leor Gaeil air. Ní raibh tada ann. Níl go leor airgead ag daoine le bheith ag ceannacht nuachtán ar son na cúise nó ar son na carthanachta. Theip ar Foinse agus ar Lá, dhá pháipéar a bhí deich n-uaire níos fearr ná Gaelscéal. Bhí INniu fhéin níos fearr.
tabhair freagratabhair freagra #12 April 11 Márta 2013, 09:39 GMT
Aontaím leat faoin airgead, a Fhírin. Tá daoine ann nach féidir leo an méid sin a chur amú ar son na cúise ar pháipéar gan mhaith nó ar pháipéar a chuireanns déistin ar dhaoine cneasta. Agus tá an ceart acu an t-airgead a choinneáil iná bpócaí.

Ní bhím fein sásta mo chuid féin a cur amú ar nuachtán a d'fhag mé níos aineolaí ina dhiaidh ná a bhí mé roimh á léamh, is cuma cén teanga ina bhfuil sé foilsithe.

Ar an taobh eile den scéal, bheinn thar a bheith sásta mo chuid airgid a chur amú ar leagan Ghaeilge de gach aon uile séasúr Stargate SG-1 ar DVD. : )
tabhair freagratabhair freagra #13 Fearn 15 Márta 2013, 20:44 GMT
@ Is deacair lucht na Gaeilge a shásamh. Deir siad go mbíonn siad ag iarraidh iris/​nuachtán nach mbíonn ag déileáil le ceist na Gaeilge. Mar sin féin, níl aon spéis ag a bhformhór aon cheo a léamh i nGaeilge mura bhaineann sé le ceist na Gaeilge nó leis an nGaeltacht. Deir siad rud amháin, ach is é a gcleachtadh rud eile.

Is fíor dhuit, a dheartháir!
tabhair freagratabhair freagra #14 Concubhar 19 Márta 2013, 14:58 GMT
Lucht na bpeann dearg amuigh arís gan a gcuid piollaí bheith glactha acu. Ait nach bhfuil siad sásta a n-ainmneacha a thabhairt. Ach sin é an cineál meatacht a bheinn ag súil leis óna leithéid....
tabhair freagratabhair freagra #15 Gerry 21 Márta 2013, 16:41 GMT
Ca mhéad múinteoir sa tír atá ag plé leis an Gaeilge go ríalta? Cá mhéad dlíodóir,breitheamh, sagart,cigire,mac léinn,tuismitheóir srl atá ag úsaid an Gaeilge ina ngnáth shaol? i mo bhaile féin tháinig trí cóip de Gaelscéal achan seachtain, agus mhól mé é do daoine mar a lúaitear thuas ach níor díoladh ach cóip amháin .Éire saor ,mo thóin, Éire gaelach, mo bhrón.
tabhair freagratabhair freagra #16 Colm Mac Séalaigh 30 Márta 2013, 10:09 GMT
Tá go leor bealaí ann le 'nuacht' a fháil chuile lá seachas trí nuachtán seachtainiúil. Sílim go mbeadh iris mhíosúil mhaith níos indéanta agus go mbeadh éileamh níos mó air i measc lucht Gaeilge. Iris ina mbeadh plé agus tuairimí, anailís agus scagadh, ar ábhair éagsúla ag scríbhneoirí cumasacha Gaeilge, ach córas dáileacháin agus feachtas fógraíochta agus bolscaireachta a oibriú amach i dtosach
tabhair freagratabhair freagra #17 Rob MacG 2 Aibreán 2013, 09:33 GMT
Ceapaim féin go raibh Gaelscéal go han-mhaith, bhí scéalta suimiúla ann ar eachtraí na seachtaine. Is mór an trua go bhfuil sé imithe ón bhfód. Bhí ionadh orm áfach nach raibh sé foilsithe ar an Satharn mar "nuachtán seachtainiúil" mar de gnáth bíonn sé sin an t-am is oiriúnaí chun páipéar a léamh agus machnamh a dhéanamh ar rudaí. Chomh maith le sin tá titim uafásach ar an méid nuachtán atá imithe as cló agus tar éis aistrithe go dtí an idirlíon. De réir mo eolais nach bhfuil iris ar nós 'Newsweek' imithe as 'cló crua' go dtí an idirlíon anois? Ar an mbus nó ar an traein is corrduine a mbíonn ag léamh páipéar ach an cuid is mó ag léamh rudaí ón ífón nó ríomhaire. Cuma ar an scéal go bhfuil ré an pháipéir beagnach imithe agus dá bhrí sin caithfidh lucht na Gaeilge déileáil leis an réimse nua sin chomh maith.
« » 1 2
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!