Thar éis rás an-teann, bhí an bua ag Obama.
Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil do na daoine a chaith á gcuid vótaí ar a shon agus ar son á mhacasamhail sa Seanad. Daoine nach raibh a fhios acu cé a bhí sa gComhdháil ariamh nó céard a dhéanann na brainsí éagsúla ag leibhéal ar bith. Vótóirí 'low-info' nach dtuigeann cé chomh dairríre is a bhíonns toghcháin.
Daoine nár léigh LilyLedbetter ná Obamacare ná bille ar bith! Nach deacair iad an léitheoireacht agus an máta daoibh!? Bheadh a fhios agaibh go raibh na Daonlathaithe ag tabhairt éitheach daoibh dá léadh sibh billí. Tuigim, tuigim go raibh 2000 leathanaigh ann agus nach raibh pictiúr ar bith in Obamacare. Agus bhí dhá leagan ar dtús...gan phictiúir.
Gheobhaidh sibh amach céard atá ann nuair a chuirfidh siad i bhfeidhm é i 2013, ar nós Pelosi! Ach neamhchosúil le Pelosí agus cuid de na hUnions, ní thabharfaidh Sebulius waiver ar bith daoibhse agus ní bheidh plean eile ann daoibh ach a oiread.
Ó na bíodh imní oraibhse. Ní bheidh sibh ag fanacht go dtí 2013 le luach bhur mbotúin. Beidh sé romhaibh maidin inniu agus sibh ag ceannacht peitril nó ag dul go dtí an siopa. Thit an dollar chomh luath is a thig daoine go mbeidh ceithre bhliana eile ag Obama chun 'clár oibre na nDaonlathaithe' a chur i bhfeidhm.
Gheobhaidh sibh amach, agus é an lá i ndiaidh an toghcháin é, nach raibh cúrsaí eacnamaíochta agus nach mbíonn cúrsaí eacnamaíochta ná cúrsaí go ginearálta mar a dúirt lucht na heite chlé sa bpreas.
Fan go bhfeicfidh sibh na huimhreacha dífhostaíochta agus 'bhur vótaí cáite agaibh!
Nach bhfuil na laethanta dorcha romhainn tuillte go maith ag vótóirí Obama? Agus mar sin, tá súil agam go mbeidh sibh an-tuisceanach agus mé ag diúltú aon rud a dhéanamh ná déirc ar bith a dhéanamh chun 'bhur bhfulaingt sa ngéarchéim seo a laghdú as an spiorad 'revenge' céanna ar vótáil sibh ar a shon.
Ní bheidh mo lámh féin sínte amach ach chúig daoine neamhchiontach sa bpraiseach seo...agus chúig coileáin agus chúig capaill. Déanaím déirc go minic ar choileáin agus ar chapaill agus ainimal rescues de gach cineál...Beidh níos mó airgid ag teacht dóibhsean anois!

Ara, a Bhrian, cluinim go bhfuil SAM droimscaoilte maidir le cumhachtaí poilitíochta agus an dís boc seo ag crineadh a chéile, gob ar ghob agus cos ar chois ó thaobh lucht maíte. B'fhéidir gur scríobh tú an t-alt roimh an "chéad díospóireacht úd".
Cá bhfios cé aige a bhfuil tús áite?