« » 1 2
tabhair freagratabhair freagra #1 Mí-shona 3 Deireadh Fómhair 2012, 15:45 GMT
Tír gan daonlathas ina mbeadh saorchead ag éinne ginmhilleadh a fháil. Go raibh maith agat as do fhís ifreannda a Bhreandáin ach níl sé uaimse ná formhór léitheoirí na hirise seo. Coinnigh chugat fhéin dod smaointí gan dealramh an chéad uair eile.
tabhair freagratabhair freagra #2 Aodh Ó Coileáin 4 Deireadh Fómhair 2012, 10:15 GMT
Ní féidir mar sin, a 3ú Deireadh Fómhair thuas, ach smaointe a n-aontaíonn tusa leo agus "formhór léitheoirí na hirise seo" a chur i gcló? Ach féach go raibh cead agatsa d'easaontú a scríobh thuas. Buíochas le Dia go bhfuil daonlathas agus saoirse chainte againn....
tabhair freagratabhair freagra #3 Mí-shona 4 Deireadh Fómhair 2012, 10:57 GMT
Creidim fhéin go mór sa daonlathas agus tá lán cead áltanna a scríobh nach n-aontaíom leo. In ainm chroim, cén cineál iriseoir agus eagarthóir a chuirfeadh a leithéid seo i gcló: "Ní raibh aon ghá an chéad lá ariamh leis an leasú a deineadh chun cosaint Bunreachtúil a thabhairt do chearta an linbh sa bhroinn." Tá seirbhís níos fearr tuillte ag léitheoirí na hirise seo.
tabhair freagratabhair freagra #4 harpic 4 Deireadh Fómhair 2012, 11:13 GMT
An ceart ar fad 'ad a mhí-shona. Tá an scríbhneoir seo ag iarraidh an t-alt a chuireann cosc ar ghinmhilleadh agus a bhótáil tromlach mór muintir na hÉireann ar a son (agus léitheoiri na hirise seo geallaim duit) a bhaint ón mbunracht gan reifrean. Cén iontas nó níl sé ag iarraidh deis a thabhairt dúinn bhóta a chaitheamh ar chonarthaí conspóideacha na hEoraipe ar eagla go mbeadh an toradh mí-cheart air. Go bhfóire Dia orainn. Is cuma faoin dua a tharraing an cosc ar ghinmhilleadh ar an tír seo, beidh sé le rá ag staraithe gur sheas tírín beag amháin an fod in éadan an uafáis. Más ceart is cóir.
tabhair freagratabhair freagra #5 Smithwick 4 Deireadh Fómhair 2012, 12:53 GMT
B'fhearr le Smithwick pórtar ná Harpic
tabhair freagratabhair freagra #6 S Ní C 10 Deireadh Fómhair 2012, 10:03 GMT
Tá Éire lán leis an gcleas liobrálach nach bhfuil aon mheas acu ar an mbeatha ach geallaimse duit a léitheoir nach bhfuil aon rud liobrálach faoi dhuine a mharú - an gin sa mbroinn san áireamh.
tabhair freagratabhair freagra #7 Cáit 10 Deireadh Fómhair 2012, 14:04 GMT
Bhal, a Harpic, ní bac ar bith turas caoga euro do bhean a bheadh ag iarraidh ginmhilleadh a fháil. Ach an bhfuil sé ceart go mbeadh ar bhean sa chás sin imeacht thar sáile? Ní dóigh liom é. Is léir nach raibh ort cinneadh mar sin a dhéanamh tú fhéin gidh go bhfuil tú lánsásta oráid a thabhairt.
tabhair freagratabhair freagra #8 An Cainteoir Dóchais 10 Deireadh Fómhair 2012, 14:38 GMT
Ná lig do lucht do cháinte lagmhisneach a chur ort, a Bhreandáin. Ciallmhar agus réasúnta atá do chuid moltaí, dar liomsa.
« » 1 2
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!