« » 1 2
tabhair freagratabhair freagra #4 Liam_McGonagle 15 Meán Fómhair 2012, 17:46 GMT
Caithfidh gur ag magadh ata tu. Nil diofraiocht ar bith idir an da iarrathoir. Biodh Mittard no Barry an chead uachtaran eile, gheofar an rud ceanann ceanna as:

#1. Gearradh canach do lucht an tsaibhris.

#2. Cogadh sa Mheanoirthear ar son na hIosrael.

#3. Conradh "saor" traedala nach bhfuil de thairbhe ag einne seachas na gnolachtai ollmhora idirnaisiunta.

#4. Laghdu caighdeain saoil do shaothraithe.

O thaobh diofraiochtai idir an da phairti, nil ann ach seo: 1. Ainmhithe amaideacha macanta iad na Poblachtanaigh; 2. Bithiunaigh bhreagacha beaguchtacha iad na Daonlathanaigh.

Is cuma sa tsioca liom faoi "dhiofraiochtai" mar sin. Taid uilig gan mhaithe ar bith iontu.
tabhair freagratabhair freagra #5 April 16 Meán Fómhair 2012, 07:47 GMT
1..Laghdaigh na Poblachtánaigh cánacha do 'chuile dhuine, ach go hairithe don aicme oibre agus don mhéanaicme. Sin é an fáth nach raibh na Daonlaithe sásta fáil réidh leis na Bush Tax Cuts nuair a bhí seans acu. Mar nuair a dhúirt siad gurbh iad ''Laghdú Cánacha do na daoine is saibhre'' iad..bhuel, bhí siad ag insint bréag.

2 Bíonn laghdú saoil do shaothraithe faoi Shóisialachas 'chuile áit a bhfuil sé ann..is cuma cén sórt a bhfuil ann. Ó Shóisialachas Fhabian go DianShóisialachas, ní bhionn agus ní bheidh ach méadú fulaingtthe.

3 Conradh é cinnte. Ach ní '' conradh saor trádála'' é an conradh saor trádála.

I dtaobh na difraíochta atá eadrainn féin, tá tusa chomh amádeach sin atá tú iarraidh níos mó cumhacht a thabhairt do na bithiúnaigh agus tá mé féin ag iarraidh cuid is mó de a bhaint díobh. Ba mhaith liom an rialtas a bheith chomh beag nach mbeidh aon rogha eile ag na polaiteoirí lofa ach éirí as ár gcearta a sharú chun níos mó cumhacht a bhaint doibh féin.

Is é an ról is ceart don rialtas ná muide a chosaint ó drochiompar ionsaitheach nó foghlach ó shaoranaigh eile nó tíreacha iasachta. Sin é.

Ní Poblachtánach mé. Ach dhá olcas is atá na RINOS agus na Poblachtánaigh atá ag damhsa ar chlé an láir sa bpairtí sin, is iad na Daonlathaithe is measa fós.
tabhair freagratabhair freagra #6 Liam_McGonagle 16 Meán Fómhair 2012, 20:19 GMT
Cac tairbh ar fad. Iarr ort fhein,

"Ma fhaigheann Mitt Romney na milliuin dollars as gnolachtai a chuir se a gcuid monarchai thar lear, agus gan le deanamh aige ach a ainmn a scriobh ar "chonradh", cad tuige go gcaithfidh fir thine agus banaltrai a ioc rata faoi dho nios airde canach? Agus iad ag saothru a gcuid as allas a malai?"

An te nach dtuigeann go bhfuil tioncar ag easpa polasaithe chomh maith le polasaithe, caithfidh se a bheith in a amadan ceart. An gcreideann tu gurb e an Tooth Fair a chuireas coinniollacha conarthai i bhfeidhm? Tar eis do dhuine a bheith bochtaithe ag gadai mimhacanta, an sileann tu gur feidir leis "vote with his dollars"?

Cacamas amach is amach. Ainmithe i bhad nios measa na an beirt eile is iad na "Libertarians".
tabhair freagratabhair freagra #7 April 17 Meán Fómhair 2012, 12:01 GMT
Cé nach raibh mé ro-cheanúil ar Mhitt Romney.....I dtaobh an bhotúin faoin 'outsourcing', tá sé ceartaithe ag daoine eile cheana féinach is cuma cibé ar bith. Thuilleadh Mitt Romney na milliúin milliúin dollar as comhlachtaí a bhí ar tí dúnadh a shabháil le Bain Capital. Comhlachtaí a bhí bancbriste roimh Bhain ag teacht isteach. Rinne sé maitheas do dhaoine eile agus é féin ag iarraiadh sprioc a bhaint amach dó féin. Má bhíonn sé ag iarraidh déileáil le daoine eile i dtíreacha eile lena airgead féin, ní bhaineann sé leat. Níl an ceart agat ar mhaoin ná ar acmhainn daoine eile. Ní raibh sí agat ariamh, agus mar nár thuilleadh tú féin í, níl aon dochar dhuitse á caitheamh.

Ar an taobh eile, mar dhuine atá ag íoc cánacha, níl mé roshásta leis na comhlachta a bhfuair cuid denár gcánacha thar lear nó ar chaith siad airgead ar tháinig as íocóirí cánacha thar lear. Ní raibh mé ro-shásta le Chrysler a bhfuair airgead as ár gcánacha agus ár thóg siad foirgneamh i Venezuela ar an bpointe ná lenár gcánacha atá anois i bpócaí Fhisker. Agus nuair atá muid ag caint faoi m'airgead féin, baineann sé liom.

Agus céard atá tú ag caint faoi? Ní raibh Libertarians ná conservatives ar Mhain Street ar son TARP ná scéameanna stimuluis. Ní bheadh éinne ag íoc ráta níos airde ar son ''Wealth Redistribution'' na Sóisialach, dá mbeadh Libertarians i mbun na tíre.
Fiú, tá scéim nó dhó leagtha amach ag Libertarian-anna eagsúlacht chun íoc as an t-arm agus na póilíní agus rudaí eile mar sin go príobháideach gan ghadaíocht ar bith déanta againn.

Ar aon chaoi, tá an ceart agat a bheith 'ag vótáil le d'airgead agus d'acmhainn féin'. Níl sé ceart ná cóir a bheith ag iarraidh 'vótáil le hairgead daoine eile' nó ar son an airgid sin a bheith i do phóca féin.

Rud amháin eile. Ar thug tú faoi déara níl ag 'bhur leithéid ach argóint straw men agus ad hominem? Mura bhfuil sibh in ann ach aimhithe nó antoiscigh a thabhairt orainn mar fhreagra, is dóigh nach bhfuil argóint ceart agat inár naghaidh.
tabhair freagratabhair freagra #8 April 17 Meán Fómhair 2012, 12:17 GMT
Ó ...agus muid ag caint faoi argóintí fabhtacha....Shílfeá, agus thú ag léamh cuid de na haltanna eile atá scríofa ag Brian Ó Broin, go mbeadh tagairt nó dhó déanta aige ar chuid de na scannal is déanaí agus é ag cconvention an pháirtí atá taobh thiar dibh. Nach bhfuil níos mó scannail faoi Obama ná a bhí ariamh faoi riarachán ar bith eile ? Ní raibh na Clintons chomh lofa leis. Níl tagairt déanta aige ar Fhast agus Furious nó ar an gconradh mídhleathach ar son na gcomhlachtaí carranna nó tada. Níl sé ag géarán faoi chogadh ar bith, ná ag cáineadh an ráta dhífhostaíochta.

An é go bhfuil ráta 4.6 faoi Phoblachtanaí go huafásach ach níl i rátaí níos airde ná 8 faoin gcéad faoi Dhaonlathaithe ach 'Funemployment'? {Thug lucht na heite chlé sna meáin 'Funemployment' ar unemployment nuair a bhi ár ráta dífhostaíochta oifigiúil ag 10% faoi Obama. I ndairríre.}

Nach ngoileann sé go mór ar Bhriain bocht nuair a bhíonns ball an Tea Party ag tabhairt amach dá bpolaiteoirí in ard a gcinn agus ar chúis mhaith freisin? Ach níl tasc ná tuairisc de na círéibeanna agus fóréigean atá Occupy taobh thiar de nó fiú, tagairt ar bith de na cúigear ball Occupy atá os comhair cúirte faoi láthair mar go ndearna siad iarracht droichead a bhuamáil. Ar a laghad, shílfeá go mbeadh tagairt déanta ar an truailliú a d'fhag siad ina ndiaidh nó an riachtanas a bhí acu 'rape free zones'' a chur ar bun.

Agus go tobann, níl aon ghearán faoin méid airgid.,,,atá ag lucht na heite chlé ar aon chaoi. Níl Obama ná Soros ná lucht Hollywood bocht.

Bíonn an fhimínteacht atá aige agus ag a leithéide dochreidte. Bíonn chuile rud togha chomh fada is atá polaiteoirí i réim a bhíonns sásta á gcuid pócaí a líonadh le airgead dhaoine eile, is cuma cé chomh holc is a bhíonns á gníomhartha taobh amuigh de sin.

I ndáirríre, cé againn atá ina h/​antoisceach? Mise atá ag gríosú ar son ceartacha daoine eile agus saoirse? Nó an Broinneach agus a idé-eolaíocht 'tá taobh thiar básanna díreacha 260,000,000 duine agus fulaingt níos mó ná é sin?
tabhair freagratabhair freagra #9 Fearn 22 Meán Fómhair 2012, 00:44 GMT
> In ainm Chroim, ní shílim go bhfuil páirtí ar domhain níos mó ar dheis ná
> Páirtí Poblachtach SAM!>>>>
> An Libertarian Party agus An Constitutional Party. Tá na Poblachtánaigh i
> lár an líne.
> Mór an trua í go bhfuil cuid is mó den domhan sásta leis an taobh den líne
> polataíochta Hitler agus Mhao agus Stalin agus an Taliban.

Cíbé "lár an líne" is ábhar duitse, a April, ní deis clé a ritheann sé. Suas síos, b'fhéidir, nó deiseal tuathal, ná fiarlán. Dála an scéil, an bhfuil aon fhianaise agat air a bhunaigh tú do thuairim, nó ar thóg tú on ghaoth é?
tabhair freagratabhair freagra #10 April 26 Meán Fómhair 2012, 20:56 GMT
Tá an spectrum an-simplí a Fhearn. B'fhéidir go mbeifeá in ann úsáid a bhaint as an líne dhuit féin in áit talking points na heite chlé a spalpadh amach.

Is uirlis iontach í. Baineann muid úsáid aisti chun idé-eolaíocht, páirtithe polatíochta agus corais pholaitíochta a thomhais.

Gheobhaidh tú saoirse iomlán ag deireadh na líne ar an eite dheis. Gan ord ar bith, a Fhearn.

Gheobhaidh tú smacht iomlán ag deireadh na líne ar an eite chlé. An lamh laidir atá ar an taobh sin.

Bain triall aisti, a Fhearn. Cá bhfios? B'fhéidir go bhfoghlaimeoidh tú rud éigean.
tabhair freagratabhair freagra #11 Fearn 27 Meán Fómhair 2012, 15:51 GMT
> Tá an spectrum an-simplí a Fhearn. B'fhéidir go mbeifeá in ann úsáid a
> bhaint as an líne dhuit féin in áit talking points na heite chlé a
> spalpadh amach.
> Is uirlis iontach í. Baineann muid úsáid aisti chun idé-eolaíocht,
> páirtithe polatíochta agus corais pholaitíochta a thomhais.
> Gheobhaidh tú saoirse iomlán ag deireadh na líne ar an eite dheis. Gan ord
> ar bith, a Fhearn.
> Gheobhaidh tú smacht iomlán ag deireadh na líne ar an eite chlé. An lamh
> laidir atá ar an taobh sin.
> Bain triall aisti, a Fhearn. Cá bhfios? B'fhéidir go bhfoghlaimeoidh tú
> rud éigean.

A April, is iontach a dheireann tú, gan rud a rá. Cuireann tú an Poncán Meidhreach in iúl dom.

>B'fhéidir go bhfoghlaimeoidh tú rud éigean.

Bhal, is beag a mhúinfeá, a agóid!
tabhair freagratabhair freagra #12 April 1 Deireadh Fómhair 2012, 07:29 GMT
Níl an locht ormsa mura mbíonn tusa in ann rudaí simplí a thuiscint, a Fhearn. Tá daoine ann, agus beidh i gcónaí, atá i bhfad ro-lagintinneach chun tada a mhúineadh dóibh.
tabhair freagratabhair freagra #13 Fearn 1 Deireadh Fómhair 2012, 13:41 GMT
> Tá daoine ann, agus beidh i gcónaí, atá i bhfad ro-lagintinneach
> chun tada a mhúineadh dóibh.

Bheadh fhios agat, creidim!
« » 1 2
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!