tabhair freagra
#5
Pádraig Ó Donnchú7 Meitheamh 2012, 16:42 GMT
An mbfearr mar sin a Choncubhair go mbeadh comhlachtaí lonnaithe sa nGaeltacht agus gan aon chinnteacht ann go bhfuil éinne ag labhairt Gaeilge iontu?
tabhair freagra
#6
Daithi Mac Carthaigh10 Meitheamh 2012, 16:29 GMT
Ní foláir béasaí a athrú.
Cén tairbhe cent rua d’airgead na Gaeltachta a chaitheamh i mBéal an Mhuirthid, baile Béarla a bhfuil dhá mheánscoil lánBhéarla ann nó ar an gClochán Liath, baile Béarla eile nach bhfuil ann ach bhunscoileanna agus meánscoil lánBhéarla nó ar an bhFál Carrach, baile Béarla le meánscoil Bhéarla nó an Charraig i nDeisceart Thír Chonail, baile Béarla le meánscoil Bhéarla?
Cad is fiú airgead na Gaeltacht a ídiú ar mhonarchana a fhostaíonn Béarlóirí as baile isteach den chuid is mó?
Mura dteastaíonn ón bpobal in áit ar leith an Ghaeilge a bheith in uachtar agus oibriú sa treo sin laistigh de chreatlach Phlean 20 Bliain don Ghaeilge, ni fiú cent de ‘airgead na Gaeltachta’ a chaitheamh ann. Rinne agus déanann cur i gcéill dochar as cuimhse don Ghaeilge sa Ghaeltacht.
Mura mbíonn fágtha den Ghaelacht ach cúpla leathpharóiste is cuma ach córas oideachais a fhreagraíonn do riachtanais an chainteora dhúchais a bheith i réim inti agus an Ghaeilge mar riachtanas fostaíochta agus teanga oibre do ghardaí, bhreithiúna, oifigigh chomhairle áitiúla, dhochtúirí, lucht siopaí agus chléir, srl.
Má leanntar den síorghéilleadh don Bhéarla agus do Bhéalóirí in ainm a bheith ‘réasúnach’ cuirfear deireadh le gach áisínteacht tacaíochta Gaeltachta pé scéal é toisc nach mbeidh Gaeltacht ar bith fágtha i gceann 10 mbliana. Ní fiú leanacht leis an tseafóid ar mhaithe le bréagleagan amach nach gcreideann éinne ann.
Caithfear diúltú don Bhéarla ar mhaithe leis an nGaeilge. An gá do chúigear a labhraíonn Gaeilge iompú ar an mBéarla mar gheall go dtagann duine nach fiú dó nó di an Ghaeilge (nó teanga ar bith eile seachas Béarla) a fhoghlaim.
Bíodh an Ghaeilge ina haonteanga phoiblí agus oifigiúil i pé ceantar a bhíonn sásta glacadh lena leithéid le fanacht sa Ghaeltacht mar in éagmais a leithéid de chur chuige ní bheidh an Ghaeilge in uachtar i bpobal ar bith i gceann 10 mbliana.
Misneach anois nó aiféala (agus corr-amadán ag fiafraí cad a tharla) ar ball.
Tá tu craceailte a Dhaithi is a Pháid. Ní féidir an teanga a bhrú síos scornaigh daoine. Stadann dualgas an Udarais nuair a osclaionn monarcha an doras i gceantar Gaeltachta. Period. Dála an scéil, tá tacaiocht tuillte ag Beal an Mhuirthead nó an bhfuil tu ag rá gur cheart go mbeadh gach rud i nGaillimh mar is gnách
Bhí mise sa Spidéal le deireannas agus nuair a d'iarr mé 'panini agus chips' ar an bhfreastalaí istigh sa gcafé 'Am tae' níor thuig sí mé. Ní raibh an focal 'agus' aici fiú agus baineadh geit aisti nuair a labhair mé as Gaeilge. Náireach go bhfuil a leithéid a' tarlú in áit mar Spidéal.
tabhair freagra
#9
Pádraig Ó Donnchú14 Meitheamh 2012, 10:25 GMT
Bhuel a Thurasóir welcome to the Gaeltacht. Sin mar atá anois. Tá an Bhéarla chun cinn agus ar a mbealach siar. Cad atá an údarás ag déanamh faoi?
Ach céard eile is féidir leo a dhéanamh? Ní chuirfinn an locht orthu. Tá obair mhaith á déanamh acu leis na monarcha agus rudaí eile a thabhairt go dtí an Ghaeltacht. Cuireann siad a lán deiseanna ar fáil. An rud atá ag teastáil ná fostóirí le meas don teanga agus níl sé sin i gcúpla áit ar a laghad sa Spidéal- an caifé agus an t-óstán. Meas tú an bhfuil Gaeilge fiú ag an úinéir de na comhluchtaí sin? Hm. Beag an baol. An freastalaí a luaigh mé cheana, níorbh as Éirinn í fiú. Ní raibh an Béarla fhéin aici! Ach fós fhéin tá muintir na háite ag dul ann. Ní bheidh mise istigh ann arís.
Alt fad-radharcach i gcomhthéacs a bhfuil san Irish Times faoi Bhille na Gaeltachta. Tá an cuma ar an scéil go bhfuil an Údarás criogtha ar fad ag an Aire Stáit Blondhero
tabhair freagra
#14
Páid Ó Donnchú20 Meitheamh 2012, 12:56 GMT
Níl mise in aghaidh comhlacht ar bith a bheith lonnaithe sa Ghaeltacht. Oibríonn mo chlann féin leis na comhlachtaí céanna. An pointe atá mé ag déanamh ná.. má tá siad ag iarradh airgead ón bpota Gaeltachta, caithfear rialacha cuí maidir leis an Ghaeilge a shásamh.