Ní féidir daoine a ainmniú, mar níl aon locht faoi leith ar aon duine ná ar aon eagras. Tá gach éinne ag saothrú ar a d(h)ícheall. Ach naoi gcinn déag d'eagrais ag baint le gluaiseacht na Gaeilge? An mbaineann san le ciall? Níl an freagra agam. Ach sin eilifint de cheist.
Ach cé mhéid eagraíocht atá ag plé le cúrsaí óige, mar shampla, trí Bhéarla agus atá ag fáil deontais ón stát (na mílte an freagra!)? Cé mhéid stáisiún raidió pobail Béarla atá ag fáil maoiniú ón stát (thart ar 20)? Cé mhéid eagraíocht cultúrtha nó ealaíne Béarla atá ag fáil maoiniú ón stát? Cé mhéid féile? Tá sé i bhfad ró-shimplí a rá go bhfuil barraíocht eagraíochtaí Ghaeilge ann nuair atá gach ceann acu ag plé le réimsí oibre go bhfuil an iliomad eagraíochtaí Bhéarla ag plé lena macasamhail trí Bhéarla. Ní cheistíonn aon duine líon na n-eagras Béarla sin. Nach bhfuilimid ag iarraidh comhionnanais a bhaint amach do phobal na Gaeilge ó thaobh leithne na seirbhísí a gcuirtear ar fáil dúinn?