« » 1 2 3
tabhair freagratabhair freagra #2 m.b 8 Márta 2012, 15:49 GMT
Tá an Ghaeilge ar na déithe deiridh timpeall cheantar Loch na Feothaidhe , Tuar Mhic éadaigh
Dúiche Sheoigheach . Ní chuirim milleán ar na daoine atá fágtha.Le mo linn-se tá scoileanna Fhionn Mhuighe,Páirc an Doire , agus Seannadh Farracháin dúnta.Tá na Gleannta bánaithe ag an imirce agus tá sé níos measa le theacht.Ní mhairfidh an teanga gan an aos óg agus sin cionn tsiocair dul i léíg na teangan
tabhair freagratabhair freagra #3 m.b 8 Márta 2012, 15:49 GMT
Tá an Ghaeilge ar na déithe deiridh timpeall cheantar Loch na Feothaidhe , Tuar Mhic éadaigh
Dúiche Sheoigheach . Ní chuirim milleán ar na daoine atá fágtha.Le mo linn-se tá scoileanna Fhionn Mhuighe,Páirc an Doire , agus Seannadh Farracháin dúnta.Tá na Gleannta bánaithe ag an imirce agus tá sé níos measa le theacht.Ní mhairfidh an teanga gan an aos óg agus sin cionn tsiocair dul i léíg na teangan
tabhair freagratabhair freagra #4 Niall File 8 Márta 2012, 18:10 GMT
Tá an-bhròn orm cloisteáil nach bhfuil an Ghaeilge beo beathaíoch i gCois Fharraige - ní mar sin do bhí agus Calum MacIlleathain ann fadó. Agus sílim go bhfuil cúrsai cineál cosúil le mar atá in Albain faoi láthair - na Gaeil ina gcónaí ins na cathracha móra i ndeisceart na tíre. Mór an trua é seo!
tabhair freagratabhair freagra #5 Ronnach 9 Márta 2012, 04:56 GMT
Faroar tá gach a bhfuil ráite agat a Dhonncha fíor agus goilleann sé go mór orm nach cuma leis an bpobal Gaeltachta go bhfuil sé amhlaidh agus gur cuma leo céard atá i ndán don teanga sa nGaeltacht.Is iomaí cúis atá leis an truailliú:neamhshuim, leisce,droim láimhe tugtha don Ghaeilge ag cuid mhaith maithreacha gur cainteoirí dúchais iad agus iad ag labhairt i mBéarla amháin lena gcuid gasúir sa mbaile.Ina theannta sin ba ghnáthach le lucht an tsiopa Béarla a labhairt agus cuistiméirí a fheagairt i mBéarla agus fios maith agat go raibh Gaeilge acu ó'n gcliabhán. Ní chuidíonn an droch chaighdeán litriú agus gramadaigh i mBéarla agus i nGaeilge atá go forleathan i measc an dream óg ach an oiread agus níl TG4 gan locht cé go bhfuil clárach den scoth dhá sholáthar acu ar bhuiséad teoranta.Is brónach an scéal é a bheith ag féachaint ar Ros na Rún agus cuid mhaith an mísc cainte atá le clos go minic le Béarla agus Gaeilge meascaithe i mullach a chéile le súil go meallfaí lucht féachana le beagán Gaeilge leis an ealaíon sin.
tabhair freagratabhair freagra #6 Ronnach 9 Márta 2012, 05:27 GMT
Faroar tá gach a bhfuil ráite agat a Dhonncha fíor agus goilleann sé go mór orm nach cuma leis an bpobal Gaeltachta go bhfuil sé amhlaidh agus gur cuma leo céard atá i ndán don teanga sa nGaeltacht.Is iomaí cúis atá leis an truailliú:neamhshuim, leisce,droim láimhe tugtha don Ghaeilge ag cuid mhaith maithreacha gur cainteoirí dúchais iad agus iad ag labhairt i mBéarla amháin lena gcuid gasúir sa mbaile.Ina theannta sin ba ghnáthach le lucht an tsiopa Béarla a labhairt agus cuistiméirí a fheagairt i mBéarla agus fios maith agat go raibh Gaeilge acu ó'n gcliabhán. Ní chuidíonn an droch chaighdeán litriú agus gramadaigh i mBéarla agus i nGaeilge atá go forleathan i measc an dream óg ach an oiread agus níl TG4 gan locht cé go bhfuil cláracha den scoth dhá sholáthar acu ar bhuiséad teoranta.Is brónach an scéal é a bheith ag féachaint ar Ros na Rún agus cuid mhaith an mísc cainte atá le clos go minic le Béarla agus Gaeilge meascaithe i mullach a chéile le súil go meallfaí lucht féachana le beagán Gaeilge leis an ealaíon sin.
tabhair freagratabhair freagra #7 Pol Og 9 Márta 2012, 18:18 GMT
Ní aontaím beag ná mór leis an méid atá scríofa ag Donncha. Tá muintir na Gaeltachta go h-iomlán freagrach as an teanga a choinneáil beo. Ba cheart na deontais labhairt na Gaeilge a bhaint díbh agus an t-airgead a chur i dtreo lucht Ghaeilge na Galltachta cosúil le muintir Chluain Doláin. Tá mise i mo chónaí i dTamhlacht is ag labhairt trí Ghaeilge go h-iomlán le mo mhac is nílim ag fáil phingin rua!
tabhair freagratabhair freagra #8 Pol Og 9 Márta 2012, 18:24 GMT
Ní aontaím beag ná mór leis an méid atá scríofa ag Donncha. Tá muintir na Gaeltachta go h-iomlán freagrach as an teanga a choinneáil beo. Ba cheart na deontais labhairt na Gaeilge a bhaint díbh agus an t-airgead a chur i dtreo lucht Ghaeilge na Galltachta cosúil le muintir Chluain Doláin. Tá mise i mo chónaí i dTamhlacht is ag labhairt trí Ghaeilge go h-iomlán le mo mhac is nílim ag fáil phingin rua!
tabhair freagratabhair freagra #9 Concubhar 9 Márta 2012, 20:03 GMT
Tuigim do Dhonncha. Creidim go bhfuil a mhéar ar an gcuisle maidir le sláinte na Gaeilge i gConamara, áit a bhfuil glúinte éagsúla ag diultú an Ghaeilge a labhairt. Tá an ghlúin óg á labhairt ach fán am go mbeidh na 20aí sroichte acu beidh siad á tréigint. Tá gloine Dhonncha nach
mór folamh seachas bheith reidh le líonadh. Má tá tú i ngrá leis an saol mar a bhí sa Ghaeltacht fadó, tá an duairceas intuighte agus inmhaite ach ní féidir le daoine atá ag iarraidh áit a bhaint amach don Ghaeilge sa nua aois an bóthar siar a roghnú. Athraíonn an saol de shíor. Táimíd gafa I réabhlóid cumarsaide ar scála domhanda a fhagann gur féidir linn Comhrá i nGaeilge le fear I Vancouver chomh tapaidh le duine i mBaile Gaeltachta ar bith. Caithfimíd snamh leis an sruth san abhainn ina bhfuilimíd. Báfar sinn go cinnte Má dheinimíd iarracht snámh sa treo eile. An dúshlán romhainn gan na foinsí a chailliúint agus sinn ag snámh uathu. Cad an rud é Gaeltacht sa bliain 2012? Caithfidh sé bheith éagsúil ón nGaeltacht I 1973 - fiú má táimíd ag féachaint le deora inár súile siar ar bhóthar na smaointe.
tabhair freagratabhair freagra #10 Ruadhán Ó Gliasáin 10 Márta 2012, 13:47 GMT
An t-aon réiteach ar an scéal, ná páiste gan Bhéarla a thógáil, leithéidí Elízir Bein Yehúda in Iosrael, a thóg a chuid páistí trí Eabhrais amháin. http:/​/​ga.wikipedia.org/​wiki/​Eliezer_Ben-Yehuda
tabhair freagratabhair freagra #11 Daithi Mac Carthaigh 13 Márta 2012, 23:12 GMT
Ní féidir neamhaird a dhéanamh ar an bhfeachtas leanúnach in aghaidh na Gaeilge sa Ghaeltacht ag an Stát (agus ag an Eaglais) trí bhreithiúna gan Ghaeilge, gardaí ag Ghaeilge, múinteoirí gan Ghaeilge, oifigigh eile gan Ghaeilge, dochtúirí gan Ghaeilge agus cléir gan Ghaeilge a bhrú ar mhuintir na Gaeltachta.
Má dhéantar rud neamhghnáth de theanga, tréigfear í. Is beag duine atá ag iarraidh a bheith ‘difiriúil’.
Brúfar Gaeilge nó brúfar Béarla. Níl aon seasamh neodrach ann.
« » 1 2 3
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!