Aontaím go huile is hiomlán leis an ráiteas go bhfuil sé de dhíth orainn ár gcultúr agus ár dteanga náisiúnta a choimeád beo. Múintear Fraincise sa Fhrainc agus Gearmáinis sa Ghearmáin go rialta, níl an dara rogha agat! Nach bhfuil sé soiléir go bhfuil sé thar a bheith tábhactach dúinne ár dteanga féin a bheith againn. Le úsáid a bhaint as na ríomhairí srl sna seomra ranga anois beidh níos mó spéise á chruthú i measc na daltaí. "Tír gan teanga tír gan anam"
An t-aon dá rud fiúntach a rinne Éamonn Ó Cuív, an fhad is a bhí cúraimí na Gaeilge agus na Gaeltachta air, ná an tAcht Teanga a chur tríd an Oireachtais agus Coimisinéar Teanga den scoth a cheapadh.
Maidir leis an nGaeltacht tá sé th'éis caidhp an bháis a chur air. Chinn sé air rud tábhachtach simplí a dhéanamh, a bhí faoina chumhacht mar Aire Gaeltachta: sé sin moltaí a chur os comhair an Rialtais maidir le teorannacha na Gaeltachta a athshocrú. Ní dhearna sé é sin. Ina áit bhronn sé deontais Ghaeltachta móra ar phobail nach bhfuil aon phioc níos mó Gaeilge iontu ná mar atá i gCo Liatroma nó Ceatharlach. Sampla de sin an deontas mór Gaeltachta a bronnadh le áiseanna caitheamh aimsire a thógáil i Lackagh in Achréidh na Gaillimhe.
Bhí dóchas agamsa as Éamonn Ó Cuív nuair a cheapadh é i gceannas ar chúrsaí Gaeltachta i dtosach. Thuig sé an cás go maith agus ní fhéadfadh aon duine amhras a chaitheamh ar a dhúthracht is a dhílseacht pearsanta don Ghaeilge. Mar a deir sé féin bhí cúraimí na Gaeltachta air le beaganach 13 bhliain anuas. Fuair sé an deis an taoille a chasadh, nuair a bhí neart airgid stáit sna cistí ach níor thapaigh sé an deis sin de bharr easpa misnigh, easpa samhlaíochta agus easpa ionracais polaitíúil.
Maidir leis an Stráitéis Fiche Bliain don Ghaeilge deir sé san alt go bhfuil "plean comhtháite againn leis an nGaeilge a chur chun cinn" don chéad uair. Níl, ná tada dá shórt. Cúíg leathanach faoi chás na Gaeltachta sa Stráitéis céanna. Bheadh spriocanna réadúla ag baint le Stráitéis agus le Plean. Is sprioc áiféiseach é an 250,000 cainteoir laethúil Ghaeilge taobh amuigh den córas oideachais, taobh istigh de 20 bliain. Éamonn Ó Cuív a tháinig aníos leis an bhfigiúr sin, gan aon bhunús eolaíoch leis. Ní féidir stráitéis a chur i bhfeidhm atá bunaithe ar spriocanna míréadúla áiféiseacha.
Theip ar Éamonn Ó Cuív aon cheo fiúntach a dhéanamh ó thaobh an méidín beag den Gaeltacht atá fanta a shábhailt ón díothú atá in ann di. Scrios sé Údarás na Gaeltachta, i dtosach tré ceannas a thabhairt do chomhairleoirí contae air nach bhfuil spéis ar bith acu i gceist na teanga agus má tá coinníonn siad an spéis sin faoi cheilt agus ansin sa deire trén airgead a fhaigheann an tÚdarás a laghdú agus a laghdú chuile bhliain, fiú nuair a bhí airgead fairsing ag an Stát. Ansin ba é a Roinn féin, agus eisean mar Aire air, a mhol do Bhord Snip nua go mba cheart deire a chur le Údarás na Gaeltachta mar áisínteacht forbartha agus fiontraíochta.
Faoi cheann 5 bhliain eile ní bheidh aon chaint ar an Stráitéis Fiche Bliain. Beidh smokescreen eile curtha ina áit ag an Rialtas nua le dallamullóg a chur ar lucht na Gaeilge. Sin mar a bhraithimse faoi méid atá "bainte amach" ag Éamonn Ó Cuív. Bhfuil mé géar air? Tá, mar bhí mé ag súil le go leor uaidh.
Níl le déanamh chun an teanga a shábháilt ach í a labhairt. Cad a deineadh san Iosrael. Fógraíodh go dtosnófaí ar an Eabhrais a labhairt i nDáil na tíre sin tar éis tréimhse gairid. Deineadh. Trí míosa a bhí ann chomh fada is is eol dom. Éiríodh leo. Cathain a labharfar sa Dáil? Muna ndéanfar beidh thiar ar na hiarrachtaí eile go léir. Sin a mheasaim.
Hé tá níos mó gaeilge i Liatroim ná roinnt des na ceantarachtaí Gaeltachta. De réor daon aireamh 2006 tá 43% den phobal anseo ar féidir leo Gaeilge a labhairt, sin 11,500 as daonra 25,000. Mhaígh 800 duine gur labharadar é uair sa tseachtain, ar a laghad, las muig den chóras scoile agus seo sar a osclaíodh dhá Gaelscoil agus 3 naionra sa chontae. amharc ar www.glorchluainin.com
Tá an ceart agat, Rossa. Níl bunoideachas tré Ghaeilge ar fáil i gcuid mhaith de Ghaeltacht na Gaillimhe: Maigh Chuilinn, Bearna, Baile Clár na Gaillimhe mar shampla. Bheadh an scéal céanna fíor i go leor ceantracha Gaeltachta eile. Tá fhios agam go bhfuil bunoideachas tré Ghaeilge le fáil i gCluainín Uí Ruairc, Co Liatroma agus tionchar dá réir ar an gceantar.
Theip ar Éamonn Ó Cuív ina chuid dualgais mar Aire Gaeltachta, nuair nach ndearna deire a chur le scannal na mbréag Gaeltachtaí. Ina áit sin d'usáid sé deontais na Gaeltachta, le áiseanna a chur ar fáil i gceantracha nach bhféadfadh cloí leis na rialacha teanga, fiú amháin dá mbeidís ag iarraidh.
Níos mó Gaeilge i Liatroim ná roinnt Gaeltachtaí, a Rossa? Is maith an rud é sin a léamh, ach cathain a tharla an réabhlóid sin? Nuair a bhí mé fhéin ag fás aníos ann níor chuala mé riamh beirt ag labhairt Gaeilge le chéile ach amháin nuair a thagadh an Cigire scoile ar cuairt ar ár múinteoir - ní go ro-mhinic. ‘Irish won’t put butter on your bread, sonny’ a dúradh liom go minic ag baile! Ach anois, bhuel táim ar mo bhealach ar ais chomh luath agus is féidir!
Sé an rud is tábhachtaí ná an Ghaeilge a labhairt agus gan aon leisce a bheith ort botún a dhéanamh. Coimeád an teanga beo "Beatha teanga í a labhairt".