Beo!
Eagrán 5, Meán Fómhair 2001
 
Futa Fata
 
Oileán Cléire: Inis Dáimh Léith ar an Naoú Toinn

Tugann Beo! cuairt ar Ghaeltacht faoi leith gach mí. In alt na míosa seo, tá cur síos ag Górdan Ó Ceadagáin ar Oileán Cléire, amach ó chósta Chorcaí.

Cumar
Cumar
Tá Oileán Cléire suite naoi míle amach ó chósta Chairbre in iarthar Chorcaí, agus is é an t-oileán is mó de Chéad Oileán Chairbre é. Is é an talamh is sia thiar ó dheas in Éirinn go bhfuil cónaí ann, agus tá trí mhíle ar faid agus dhá mhíle ar leithead de mhéid ann. Is oileán sléibhtiúil é Cléire a shíneann go réidh isteach sa bhfarraige ar cheann thoir is ó thuaidh, ach tá faillteacha arda dubha mar fhalla mór i gcoinnibh na farraige ar an gceann thiar is ó dheas.

Triallann na céadta saineolaí ann gach bliain chun staidéar a dhéanamh ar an bhfásra agus ar an éanlaith faoi leith atá le fáil san oileán. Tagann Síobadh Mór an Atlantaigh Thuaidh aniar aneas timpeall ar an oileán, rud a fhágann an aimsir gan bheith róthe ná rófhuar, agus rud a fhágann caipín ceo ar chnocaibh Chléire go minic.

Deirtear gur tugadh "Inis Dáimh Léith" ar Chléire sa tseanreacht. Má fhéachtar fós aduaidh ar an oileán, tá dealramh dáimh air, a cheann is a dhroim in airde, ag snámh siar i dtreo Charraig Aonair, agus na trí Laotha ina theannta sa Bhá Thuaidh. Tá sé ráite sa tseanchas go bhfuil Cléire ar an Naoú Toinn. Inseann san gur áit speisialta é, toisc má bhíonn tú thar an naoú toinn amach, tá Éire fágtha i do dhiaidh agat agus An Saol Eile sroichte agat.

An Charraig Aonair
An Charraig Aonair
Cléire Chiaráin

Tá sé d'éileamh ar Chiarán naofa gur thug sé an Chríostaíocht go Cléire sarar tháinig Pádraig go hÉirinn. Saolaíodh Ciarán i gCléire, ach is lú ná sásta a bhí draoithe an oileáin nuair a tháinig sé abhaile tráth ag scaipeadh creidimh nua. Do cheanglaíodar cloch bhró timpeall ar mhuineál Chiaráin agus do caitheadh isteach sa bhfarraige é. Níor bádh é, ach deineadh bád cloiche as an mbró, agus do sheol Ciarán go Corn na Breataine. Is é an duine céanna é Ciarán Chléire agus Naomh Piran Chorn na Breataine, agus tagann muintir na tíre úd fós ar oilithreacht go Cléire lá pátrúin an naoimh, an 5ú Márta. Tá cabhlach de sheanséipéal an oileáin, Cill Chiaráin, fós le feiscint. Tá sé tógtha sa láthair a ndúrthas an chéad aifreann riamh in Éirinn. Raghaidh éinne a chuirtear i reilig na cille sin go díreach go neamh, gan aon bhaol súil a leagadh ar Ifreann ná ar Phurgadóir.

An Ghaeltacht

Is é an ceantar Gaeltachta is sia ó dheas é Cléire: "from Cape Clear to Cape Wrath" a deirtear i mBéarla, is é sin gur labhraíodh an teanga Gaolainne ó dheisceart na hÉireann go tuaisceart na hAlban. Bíodh is go bhfuil an Ghaolainn imithe i léig le blianta beaga anuas, is iontach an ní é go bhfuil aon phioc den teanga beo san oileán má smaoinítear go bhfuil an Béarla i réim sna hoileáin eile agus sa dúthaigh ar fud an cheantair le fada an lá.

Ag féachaint ó thuaidh ar Chnoc Fhosta
Ag féachaint ó thuaidh ar Chnoc Fhosta
Tá Gaolainn ag formhór mhuintir an oileáin, go háirithe ag na daoinibh a rugadh agus a tógadh ann. Is féidir gach gnó a dhéanamh san oileán trí mheán na Gaolainne, ach caitear casadh ar an mBéarla chun aon ghnó a dhéanamh lasmuigh den oileán nó leis an rialtas. Múintear an scoil náisiúnta trí Ghaolainn, ach níl aon scoil dara leibhéal san oileán.

Tá deacrachtaí móra ann an teanga a chaomhnú agus a sheachadadh síos trísna glúintibh. Tá laghdú i líon na ndaoine ar an bhfadhb is mó. De réir dhaonáireamh na bliana 1831 bhí 1,057 duine ag maireachtaint san oileán, ach faoi cheann na bliana 1991, bhí sé sin laghdaithe go 135. Tá seanchas agus oidhreacht an oileáin caomhnaithe sa teanga agus cúnamh is ea é sin go mór chun an teanga a choinneáil. I dteannta leis sin, tá dhá choláiste Gaolainne san oileán a reáchtálann cúrsaí i gcaitheamh an tsamhraidh.

Tá litríocht mhór sa teanga ann ó dhúchas Chléire chomh maith, ó bhéal agus scríte, na trí leabhar thábhachtacha Seanchas Chléire, Aistí ó Chléire agus Céad Fáilte go Cléire san áireamh.

Oidhreacht agus tionscal

Ní hamháin go bhfuil áilleacht an cheantair tarraingteach do chuairteoirí, agus fásra agus éanlaith mar ábhar spéise do shaineolaithe, ach bíonn cuid mhór imeachtaí eile ar siúl chomh maith. Tá saibhreas mór oidhreachta agus iarsmaí seandálaíochta ar fud an oileáin, Cill Chiaráin, Dún an Óir agus Cloch Chléire i measc mórán eile. Tá siopa, oifig an phoist, leabharlann, iarsmalann, tithe tábhairne, brú óige, bialanna agus roinnt mhaith lóistín ar fáil. Bíonn trí bhád farantóireachta ag gabháil isteach go Cléire i gcaitheamh an tsamhraidh, ó Dhún na Séad agus ó Scoil Mhuire, agus bád an phoist, Naomh Ciarán II, i gcaitheamh an gheimhridh.

Bíodh is go bhfuil tionscal na turasóireachta tábhachtach don oileán na laethanta atá anois ann, dob iad an t-iascach agus an fheirmeoireacht príomhthionscail an háite go traidisiúnta. Faoi mar a deirtear san amhrán:

Oileán is ea Cléire i gceann thiar theas na hÉireann,
Iascaire is ea gach éinne dá mhaireann ann beo.

I dteannta leo sin, tá Potaireacht Chléire, Gabhair Chléire (uachtar reoite agus cáis déanta as bainne na ngabhar), agus tionscail bheaga eile a thuilleann teacht isteach airgid don oileán.

Leis an trí shórt bídh dob ansa le Fionn Mac Cumhaill luaitear:

Iascach mara muirí
ó chríochaibh Bhaoi is Bhéarra,
Méarán Faoide fíorghlaine,
duileasc ó chuantaibh Chléire.

Cuairteoirí a tháinig go minic go Cléire dob iad Fionn agus na Fianna, agus cuirfear "fáilthe fhaíoch fhlaithiúil Chléireach ón gcroí amach" roimh éinne eile a dheineann an turas thar na tonnta ó Éirinn, nó ó aon áit eile ar domhan, go Cléire. Ach iad a bheith faichilleach gan sleamhnú thar an naoú toinn amach.

Tá cónaí ar Ghórdan Ó Ceadagáin in aice le Cathair Chorcaí, áit a bhfuil sé ag múineadh daoine bodhra. Is de shliocht Oileán Cléire é.

 

Nocht do chuid tuairimí maidir leis an alt seo i gClár Plé Beo!
Give your opinions on this article in Beo!'s Forum.

 
Gluais • Glossary
Céad Oileán ChairbreCarbery's Hundred Isles (in Roaring Water Bay)
faillteachacliffs
saineolaíexpert
fásravegetation
Síobadh Mór an Atlantaigh ThuaidhThe North Atlantic Drift
caipín ceoa covering of mist
Inis Dáimh LéithIsle of the Grey Ox
sa tseanreachtin the old days
dealramhappearance
Carraig AonairThe Fastnet Rock
na trí LaothaThe Three Calf Islands
An Bhá ThuaidhThe North Bay
an Naoú Toinnthe Ninth Wave
inseann santhat means
An Saol EileThe Other World
tá sé d'éileamh arit is claimed that
Saolaíodh CiaránCiarán was born
draoithedruids
tráthonce
cloch bhrómillstone
Corn na BreataineCornwall
oilithreachtpilgrimage
cabhlachroofless walls, ruins
reilig na cillethe graveyard of the church
gan aon bhaolwithout any danger
imithe i léiggone into decline
i réimstrong, flourishing
caitear casadh ar an mBéarlaone must resort to English
a chaomhnúto preserve
a sheachadadh síos trísna glúintibhto transmit through the generations
daonáireamhcensus
ag maireachtaintliving
oidhreachtheritage
caomhnaithepreserved
i gcaitheamh an tsamhraidhduring the summer
tarraingteachattractive
imeachtaíevents
iarsmaí seandálaíochtaarchaeological remains
bád farantóireachtaferry
Dún na SéadBaltimore
Scoil MhuireSchull
ansamost beloved
Baoi is BéarraDursey Island and Bere Island
méarán FaoideWhiddy Island starfish
duileasc ó chuantaibh Chléiredulse from the harbours of Cape Clear
fáilthe fhaíoch fhlaithiúila generous profuse welcome
faichilleachcareful
 
 
Tá níos mó altanna mar seo ar fáil sa Chartlann:
 
 
  Altanna sa rannóg Caint an tSráidbhaile