|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
An tsraith mar gheall ar Ó hEochaidh an-easnamhach
Measann Dónall Ó Maolfabhail go bhfuil laigí móra ag baint leis an tsraith mar gheall ar an iar-Thaoiseach Cathal Ó hEochaidh atá á craoladh ar RTÉ an samhradh seo.
Mar léiritheoir agus stiúrthóir teilifíse mé féin, agus tuiscint agam ar cé chomh sprionlaithe agus is féidir le buiséad taighde i gcúrsaí teilifíse a bheith, aithním láithreach nach éasca an jab a bhí ag Mint Productions agus Niamh Salmon ceithre chlár a sholáthar ar an iar-Thaoiseach. Sin ráite chuir líne eagarthóireachta agus rogha na ndaoine a cuireadh faoi agallamh an-díomá orm. Sular oibrigh Salmon ar an chlár seo, léirigh sí an tsraith “Family at War” faoi stair Fhine Gael. Sraith spéisiúil a bhí anseo a thug léargas úr ar na coimhlintí a thit amach laistigh den pháirtí sin thar na blianta. Gort nár treabhadh mórán cheana ab ea seo agus, dá réir, nochtadh go leor eolais nua agus chualathas scéalta faoi na coimhlintí éagsúla ó dhaoine nár labhair amach go poiblí cheana. Ar nós "Family at War" bhí an tsraith ar Ó hEochaidh snasta agus baineadh úsáid dheas as stoc cartlainne. Ach ní gort nua-threafa é scéal Uí Eochaidh agus, mar sin, ba dheacra go mór ag Salmon agus a foireann teacht ar eolas nua. Is eagal liom go bhfuil a rian sin ar an chéad dá chlár. Cúpla bliain ó shin fuair mé féin suim airgid ó TG4 le dul i mbun taighde ar chlár faisnéise mar gheall ar an iaraire ó Dhún na nGall, Neil Blaney. Toghadh Blaney mar TD i 1948 agus naoi mbliana ina dhiaidh sin lean Cathal Ó hEochaidh isteach sa Dáil é. Ag an am sin ba iarbhaill den IRA - ar chuimhin leo na híobairtí a rinneadh le linn Chogadh na Saoirse – cuid mhór de Theachtaí Dála Fhianna Fáil agus ba mhic nó iníonacha le hiaróglaigh an chuid eile.
Ach le himeacht ama laghdaigh líon na dTeachtaí Dála fíorphoblachtánacha agus tháinig glúin nua chun tosaigh. Ba é neart Uí hEochaidh ná ainneoin go raibh sé i measc na glúine óige nua seo, bhí muinín ag cuid mhór de na seanphoblachtánaigh ann agus is as sin a d'eascair a chumhacht. Cogadh sa pháirtí
I 1966 d'fhógair Sean Lemass go raibh sé chun éirí as mar cheannaire an pháirtí. Ba é Lemass an ceannaire deireanach de chuid Fhianna Fáil a raibh cúlra aige san IRA. Anois a thosaigh an cogadh i gceart ar son anam an pháirtí. Bhí dream amháin fós ag iarraidh go mbeadh athaontú na tíre mar phríomhaidhm an pháirtí agus an dream eile ag iarraidh an chloch seo thart ar a muinéal a chaitheamh uathu, amhail is go raibh drochbholadh ag baint léi. Agus mé i mbun taighde ar an Uasal Blaney, labhair mé le go leor daoine a chreid agus fós a chreideann ní hamháin go dtoghfaí Cathal Ó hEochaidh ina cheannaire ar an pháirtí murach gur sheas sé siar ar iarratas ó Shean Lemass, ach go raibh an rud céanna fíor i gcás Blaney freisin. Más fíor an méid sin, is léiriú eile é ar a láidre is a bhí an meon poblachtánach i bhFianna Fáil ag an am.
Ba é an Loingseach an chéad cheannaire de chuid Fhianna Fáil nach raibh riamh ceangal aige féin ná ag a mhuintir leis an IRA agus mar gheall air sin bhí cuid mhór den pháirtí nach raibh muinín acu san iariománaí ó Chorcaigh. Ba é an easpa muiníne seo ba chionsiocair le Triail na nArm agus an cruachás ina bhfaigheadh Ó hEochaidh é féin. Triail na nArm
Níl aon dabht, chomh fada is a bhaineann sé leis an iriseoir nó leis an staraí, ach gur dufair cheart pholaitiúil í Triail na nAirm agus na heachtraí a chuaigh roimpi. Mar sin féin, le blianta beaga anuas tá cáipéisí úra tar éis a theacht chun solais a chaitheann fíoramhras ar an teoiric sheanbhunaithe gur shábháil an Naomh Ó Loingsigh agus a chomharba, an Máilleach, an stát ó dhream fanaiticeach poblachtánach, Ó hEochaidh ina measc, a bhí i mbun tréasa. Ach neamhaird a thug an tsraith ar RTÉ ar an chuid is mó den fhianaise nua seo agus, ina áit sin, rinneadh iarracht suí ar an dá thaobh den sconsa. Níor dúradh sa chlár, mar shampla, gur inis Peter Berry, a bhí mar rúnaí ag an am ar an Roinn Dlí agus Cirt, don Loingseach i mí Dheireadh Fómhair 1969 faoin chruinniú i gCoill an Choilligh i gContae an Chabhán inar beartaíodh go gcabhródh Arm na hÉireann leis an IRA gunnaí a chur thar teorainn agus go raibh Ó hEochaidh agus Blaney páirteach. Níor insíodh ach oiread gur thug an Taoiseach mar fhreagra go raibh sé ar an eolas cheana féin mar gheall ar an phlean. Tacaíonn fianaise an iaraire Caoimhín Ó Beoláin leis an méid seo.
Más iarracht ar chothromaíocht a bhí ann deis a thabhairt do leithéidí Charlie Mc Creevy agus Albert Reynolds agus an staraí Tom Garvin malairt tuairime a nochtadh, níor oibrigh sé. Cá raibh an t-agallamh le leithéidí Sean Sherwin, nó Lorcan Allen, nó seanagallaimh ón chartlann le Paudge Brennan, Kevin Boland agus Neil Blaney, atá imithe ar shlí na fírinne ach a bhí lárnach i gcúrsaí ag an am. Ba é an toradh ar deireadh thiar ná gur fhág sé mearbhall ar an lucht féachana. Fimíneacht
Léiríonn rúin a cuireadh chun tosaigh agus ar glacadh leo ag Ard-Fheiseanna Fhianna Fáil idir 1968 agus 1970 go raibh céatadán mór den pháirtí a chreid gur fimínteacht a bhí ann a bheith ag comóradh laochra na Cásca agus ag an am céanna gan teacht i gcabhair ar a mbráithre i nDoire, an Dún, Ard Mhacha, Fear Manach, Aontroim agus Tír Eoghain agus iad faoi ionsaí. Níl aon amhras faoin spéir ormsa ach go raibh Ó hEochaidh agus Blaney ciontach, más sin an focal, as gunnaí a chur ar fáil do náisiúnaithe na Sé Chontae le hiad féin a chosaint. Ach níl aon amhras orm ach oiread go raibh ar a laghad tacaíocht neamhoifigiúil a dTaoisigh acu, muna raibh a thacaíocht oifigiúil acu, mar is é an real-politik ná nach raibh dóthain tacaíochta ag an Loingseach le go bhféadfadh sé neamhaird a thabhairt ar an éileamh seo, fiú dá mba mhian leis. Tar éis an tsaoil ní go dtí go bhfuair an freasúra eolas ar an scéal gur bhac sé le haon iarracht a dhéanamh stop a chur le cúrsaí. Ní fios cé acu an Loingseach féin nó duine éigin eile a smaoinigh air, ach gníomh fíorchliste a bhí i dTriail na nAirm. Trí bhuille marfach a bhualadh ar fhaicsean poblachtánach an pháirtí bhí ar chumas an Loingsigh agus a chomrádaithe na seanslabhraí a chaitheamh díobh agus treo nua a thabhairt don pháirtí agus, anuas ar sin uilig, d'éirigh leo an céile comhraic ba dhainséaraí a bhí acu a chur as an imirt ar feadh tréimhse fada. Comhtharlúint? Ní dóigh liom é! Cén fhad a bheidh sé go dtí go mbeidh an craoltóir náisiúnta sásta an scéal seo a insint? As Baile Átha Cliath é Dónall Ó Maolfabhail. Is saoririseoir é atá ag scríobh d’fhoilseacháin éagsúla.
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||