Cartlann
Líon alt a bhfuil an rúibric seo luaite leo: 141
Íomhá
Eagrán 32, Nollaig 2003
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Diarmaid Mac Mathúna

Tá bogearraí cumhachtacha le fáil saor in aisce na laethanta seo ar ríomhairí, bogearraí a chuireann ar chumas daoine eagarthóireacht físe agus fuaime a dhéanamh. Míníonn Diarmaid Mac Mathúna cén fáth a bhfuil comhlachtaí ríomhaireachta sásta iad seo a chur ar fáil gan aon chostas.

»»»
Íomhá
Eagrán 31, Samhain 2003
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Diarmaid Mac Mathúna

Tá an nuatheicneolaíocht ag cur ar chumas na seandálaithe a gcuid oibre a dhéanamh na laethanta seo ar shlí i bhfad níos éifeachtaí agus níos tapúla, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna.

»»»
Íomhá
Eagrán 30, Deireadh Fómhair 2003
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Diarmaid Mac Mathúna

Bíonn úsáideoirí idirlín á gcrá go leanúnach ag fógraí a bhíonn ceangailte le suímh ghreásáin a dtugann siad cuairt ort, ach tá réiteach ar an bhfadhb seo, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna.

»»»
Íomhá
Eagrán 29, Meán Fómhair 2003
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Diarmaid Mac Mathúna

Tá víris agus péisteanna á scaipeadh go leanúnach ar an idirlíon anois agus níl na comhlachtaí móra bogearraí ag déanamh go leor leis na gnáthúsáideoirí baile a chosaint, dar le Diarmaid Mac Mathúna.

»»»
Íomhá
Eagrán 28, Lúnasa 2003
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Diarmaid Mac Mathúna

Tá beagnach gach focal sa Bhéarla agus sa Ghaeilge in úsáid cheana féin i seoltaí idirlín agus, dá bharr seo, tá seoltaí nua ag éirí níos faide agus níos faide, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna.

»»»
Íomhá
Eagrán 27, Iúil 2003
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Diarmaid Mac Mathúna

Tá an t-uafás ceoil le fáil ar an idirlíon anois, cé go bhfuil srianta áirithe i gceist, i gcás chóras Apple, mar shampla. Tuairisc ó Dhiarmaid Mac Mathúna.

»»»
Íomhá
Eagrán 26, Meitheamh 2003
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Diarmaid Mac Mathúna

Cuireann gutháin shoghluaiste eolas ar fáil go leanúnach faoi shuíomh na n-úsáideoirí agus, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna, ní hiad na Gardaí amháin a bhfuil suim acu san eolas seo.

»»»
Íomhá
Eagrán 25, Bealtaine 2003
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Diarmaid Mac Mathúna

Tá cuid den teicneolaíocht a d’úsáid iriseoirí le linn an chogaidh san Iaráic á húsáid ag comhlachtaí tacsaí i mBaile Átha Cliath agus i roinnt de na gutháin nua shoghluaiste atá ag teacht ar an margadh le tamall anuas. Tuairisc ó Dhiarmaid Mac Mathúna.

»»»
Íomhá
Eagrán 24, Aibreán 2003
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Diarmaid Mac Mathúna

Tá an nua-theicneolaíocht ag cabhrú leis na comhlachtaí geallghlacadóireachta a mbrabús a mhéadú go mór agus tá comhlachtaí áirithe teilifíse ag teacht i dtír ar an teicneolaíocht chomh maith chun ioncam a shaothrú. Tuairisc ó Dhiarmaid Mac Mathúna.

»»»
Eagrán 23, Márta 2003
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Diarmaid Mac Mathúna

Tá ag teip ar fhormhór na gcomhlachtaí atá ag iarraidh seirbhísí agus earraí a dhíol ar an idirlíon aon bhrabús a dhéanamh, ach d’fhéadfadh na gutháin shoghluaiste a bheith mar chuid den réiteach ar an bhfadhb seo sa todhchaí. Tuairisc ó Dhiarmaid Mac Mathúna.

»»»
Íomhá
Eagrán 22, Feabhra 2003
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Diarmaid Mac Mathúna

Measann Diarmaid Mac Mathúna go bhfuiltear ag cur an iomarca béime ar an tábhacht a bhaineann le bandaleithead leathan, nach réiteach gach faidhbe é mar a cheapann daoine áirithe.

»»»
Íomhá
Eagrán 22, Feabhra 2003
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Diarmuid Johnson

Tá sé mar aidhm ag an iris idirlín Transcript pobal léitheoireachta níos mó a chruthú d’údair chumasacha Eorpacha nach mbíonn díol mór ar a saothar, mar a mhíníonn eagarthóir na hirise, Diarmuid Johnson.

»»»
Íomhá
Eagrán 21, Eanáir 2003
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Diarmaid Mac Mathúna

Déanann seantrealamh leictreonach go leor dochair don chomhshaol, ach anois tá an tAontas Eorpach ag iarraidh dul i ngleic leis an bhfadhb. Tuairisc ó Dhiarmaid Mac Mathúna.

»»»
Íomhá
Eagrán 20, Nollaig 2002
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Diarmaid Mac Mathúna

Tá Glencullen University agus Shelbourne University in ainm is a bheith lonnaithe i mBaile Átha Cliath, dar lena suíomh gréasáin. Léiríonn sé seo an tslí a bhfuiltear ag úsáid an idirlín chun bob a bhualadh ar dhaoine. Tuairisc ó Dhiarmaid Mac Mathúna.

»»»
Íomhá
Eagrán 19, Samhain 2002
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Diarmaid Mac Mathúna

Táthar ag baint mí-úsáide as an idirlíon i go leor ionad oibre in Éirinn agus thar lear agus is iad na fostóirí a bhíonn thíos leis go minic, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna.

»»»
Íomhá
Eagrán 18, Deireadh Fómhair 2002
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Diarmaid Mac Mathúna

Tá an chuma ar an scéal, dar le Diarmaid Mac Mathúna, go mbeidh ar lucht úsáidte ríomhairí níos mó a íoc as bogearraí agus seirbhísí idirlín san am atá romhainn.

»»»
Íomhá
Eagrán 17, Meán Fómhair 2002
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Diarmaid Mac Mathúna

Tá slite éagsúla ann chun teachtaireachtaí ríomhphoist a sheoladh agus a fháil. Labhair Diarmaid Mac Mathúna le fear siúlach a bhaineann úsáid as an ríomhphost go minic, an craoltóir Manchán Magan, faoin gcóras a úsáideann seisean.

»»»
Íomhá
Eagrán 16, Lúnasa 2002
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Diarmaid Mac Mathúna

Tá méadú ag teacht an t-am ar fad ar an líon daoine atá ag obair ón mbaile. Féachann Diarmaid Mac Mathúna ar bhuntáistí agus ar mhíbhuntáistí na teilea-oibre.

»»»
Íomhá
Eagrán 15, Iúil 2002
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Diarmaid Mac Mathúna

Is beag duine nach bhfaigheann ar a laghad cúpla teachtaireacht ríomhphoist sa lá ó chomhlachtaí a bhíonn ag iarraidh earraí nó seirbhísí a dhíol leo. Tá dóchas ann go dtiocfaidh feabhas ar an scéal sa todhchaí, áfach, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna.

»»»
Íomhá
Eagrán 14, Meitheamh 2002
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Diarmaid Mac Mathúna

Cuireann Diarmaid Mac Mathúna comhairle ar thuismitheoirí a bheadh ag smaoineamh ríomhaire a cheannach dá bpáistí agus féachann ar chuid den ábhar atá ar fáil don dream óg.

»»»
Íomhá
Eagrán 13, Bealtaine 2002
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Diarmaid Mac Mathúna

Tá iomaíocht ghéar i gceist i margadh na gcluichí ríomhaireachta, go háirithe ó láinseáil Microsoft a ngléas féin, an Xbox. Tuairisc ó Dhiarmaid Mac Mathúna.

»»»

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.

Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.