Beo! (freagraí ar: An Murtall in Áit an Smachta) http://beo.ie/alt-an-murtall-in-ait-an-smachta.aspx#comments Moltar dúinn teacht roimh dheacracht anois láithreach más mian linn bás luath a sheachaint amach anseo. Bhí Gráinne Campion ag éisteacht le caint shiosmaideach. ga Cóipcheart Oideas Gael. Thu, 26 Jun 2014 10:10:53 GMT http://beo.ie/logo.gif Beo! http://beo.ie/ Fearn http://beo.ie/alt-an-murtall-in-ait-an-smachta.aspx#comments > Bhíos féin sa bhaile in Éirinn ní fada ó shin agus rinne mé suntas de
> staid mhurtallach roinnt mhaith de na daoine óga agus mé ar mo chamchuairt
> liom. Bíonn an-chuid den aos óg anois (a) ag gabháil do ghaireas
> leictreonach éigin nó ceangailte leo nó (b) ag cogaint na círe i
> gcaitheamh an ama nó (c) an dá rud sin le chéile. Thug mé faoi deara gur
> cineál beagmhaitheasach is mó a bhíonn sna blaistíní a chognaíonn siad
> agus iad beag beann nó aineolach ar an tionchar a bhíonn ag an 'truflais'
> sin ar a sláinte. An gcuirtear aon oiliúint orthu ar scoil faoi na cúrsáí
> seo nó an bhfuil siad go huile fé gheasa ag lucht na fógraíochta? Agus cad
> faoina dtuismitheoirí? Nó an lucht an mhurtaill iad sin leis? Ní
> thráchtaim anseo in ao'chor ar na deochanna sin Cóc etc arbh fhearr mún
> síucriúil asail ná iad aon lá.

Cá bhfuil tú ag cur fút anois, a Sheancháin, agus cad é staid mhurtallach na hóige ansin?
Thu, 26 Jun 2014 10:10:53 GMT Seanchán http://beo.ie/alt-an-murtall-in-ait-an-smachta.aspx#comments Bhíos féin sa bhaile in Éirinn ní fada ó shin agus rinne mé suntas de staid mhurtallach roinnt mhaith de na daoine óga agus mé ar mo chamchuairt liom. Bíonn an-chuid den aos óg anois (a) ag gabháil do ghaireas leictreonach éigin nó ceangailte leo nó (b) ag cogaint na círe i gcaitheamh an ama nó (c) an dá rud sin le chéile. Thug mé faoi deara gur cineál beagmhaitheasach is mó a bhíonn sna blaistíní a chognaíonn siad agus iad beag beann nó aineolach ar an tionchar a bhíonn ag an 'truflais' sin ar a sláinte. An gcuirtear aon oiliúint orthu ar scoil faoi na cúrsáí seo nó an bhfuil siad go huile fé gheasa ag lucht na fógraíochta? Agus cad faoina dtuismitheoirí? Nó an lucht an mhurtaill iad sin leis? Ní thráchtaim anseo in ao'chor ar na deochanna sin Cóc etc arbh fhearr mún síucriúil asail ná iad aon lá.
Wed, 25 Jun 2014 15:01:28 GMT séamus http://beo.ie/alt-an-murtall-in-ait-an-smachta.aspx#comments Tréaslaím ardchumas do chuid Gaeilge leat a Ghráinne. B'fhiú trácht níos grinne a dhéanamh ar an bpacáistiú a dhéantar ar earraí bia agus ar an eolas nó an easpa eolais faoin earra sin féin a thugtar. Tabhair faoi deara, leis, go n-úsáidtear cló an-bheag go léir leis an eolas sin a thabhairt, rud a chruthaíonn mórdheacrachtaí lena léamh. D'aon ghnó glan a dhéantar é sin, dar ndóigh. Rud a fhágann ná léann puinn daoine in ao'chor é. Bíonn an t-eolas maidir leis an méid siúicre agus salainn easnamhach fabhtach go minic, leis. Is iad an dá chomhchuid sin, faoi mar a luann tú, a chruthaíonn an-chuid fadhbanna ó thaobh na sláinte dhe. Ag súil le tuilleadh alt uait amach anseo.
Fri, 20 Jun 2014 14:11:53 GMT Fearn http://beo.ie/alt-an-murtall-in-ait-an-smachta.aspx#comments Cé hí an Fiona Ní Anluain seo, agus cad air ina bhfuil sí ina heolaí?
Fri, 20 Jun 2014 11:38:07 GMT