Beo! (freagraí ar: Stádas na Gaeilge san Eoraip, An Cur Amú Airgid É?) http://beo.ie/alt-stadas-na-gaeilge-san-eoraip-an-cur-amu-airgid-e.aspx#comments Deir Donncha Ó hÉallaithe gur mó dochar ná maitheas a dhéanfaidh an stocaireacht atá ar bun ag Conradh na Gaeilge ar na hiarrthóirí atá ag seasamh i dToghcháin na hEorpa. ga Cóipcheart Oideas Gael. Sat, 30 Aug 2014 14:43:17 GMT http://beo.ie/logo.gif Beo! http://beo.ie/ Ross http://beo.ie/alt-stadas-na-gaeilge-san-eoraip-an-cur-amu-airgid-e.aspx#comments "‘Easpa saineolaithe ar an nGaeilge’ an fáth a thug an AE."

Ní dóigh liom go bhfuil an fhírinne á léiriú sa ráiteas sin ar chor ar bith. An fhadhb atá ann ná nach ionann na scrúduithe do na haistritheoirí agus an post a dhéanann siad. Bíonn orthu an tríú teanga a labhairt do scrúdú na n-aistritheoirí ach ní don phost i ndáiríre (go háirithe na haistritheoirí Gaeilge ar aon nós). Anuas air sin, bíonn orthu tabhairt faoi scrúduithe maidir leis an reasúnaíocht theibí, bhriathartha srl. agus teipeann orthu sna scrúduithe sin.
Sat, 30 Aug 2014 14:43:17 GMT RÓC http://beo.ie/alt-stadas-na-gaeilge-san-eoraip-an-cur-amu-airgid-e.aspx#comments > Cén chaoi a bhféadfadh an tAontas Eorpach stádas ársa oidhreachta a
> thabhairt don Ghaeilge bhocht nuair atá sí in ainm is a bheith ina teanga
> oifigiúil oibre aige freisin. Tá cinneadh le déanamh ag an bpobal sa tír
> seo. Céard atá uathu? Más stádas mionteanga a theastaíonn ón bpobal, maith
> go leor, ach ná bígí ag lorg stádas oifigiúil oibre ar ár gcomharsana
> thall ag an am céanna. An fiú an stádas náisiúnta atá ag an nGaeilge in
> Éirinn. Gach seans nach fiú, mar go bhfuil sí sa gcruachás ina bhfuil sí i
> ngeall ar shiombalachas agus an cúpla focal, in áit í a bheith in úsáid
> mar ghnáth-theanga pobail agus riaracháin na tíre. Ach an bhféadfaí í a
> úsáid mar ghnáth-theanga riarcháin na tíre nuair nach bhfuil aon chuid de
> na páipéirí gnó sin ar fáil ná á scríobh i nGaeilge? Cén mhaitheas
> reachtaíocht a bheith ann i nGaeilge mura bhfuil sí á plé i nGaeilge agus
> á cur i bhfeidhm go praiticiúil i nGaeilge. Ní féidir í a chur i bhfeidhm
> go praiticiúil i nGaeilge mar nach bhfuil na billí agus ionstraimí
> reachtúla ar fáil agus níl aon dáil, seanad ná aon údarás riaracháin eile
> in ann plé a dhéanamh i nGaeilge faoi reachtaíocht nach bhfuil ann i
> nGaeilge, gan caint ar chumas daoine í a labhairt agus a scríobh.
> Aistrítear Achtanna go Gaeilge nuair atá an chaint ar fad thart agus níl
> an spreagadh fiú ag an Aire féin an tAcht a léamh i nGaeilge faoin am sin.
> Tá an córas ar fad bunoscionn. Ní fiú reachtaíocht ná páipéirí ná aon rud
> eile a aistriú nuair atá an chaint déanta. Ba cheart an chaint a dhéanamh
> i nGaeilge i dtosach agus an rud a scríobh ansin. Go bunúsach, ní fiú an
> reachtaíocht a bheith á aistriú go Gaeilge mar atá sé á dhéanamh anois…

Sin go díreach an rud a dhéanann an AE... aistrítear na cáipéisí go Gaeilge agus an plé fós ar siúl - tugtar tograí le haghaidh rialachán orthu. San Eoraip déantar an t-aistriúchán go chuile theanga ag chuile chéim sa dóigh gur féidir an plé a dhéanamh i chuile theanga ag chuile chéim. Tá an stádas san AE fíorthábhachtach dúinn mar tá cuid mhaith le foghlaim againn in Éirinn faoi conas a oibríonn córas nach córas aonteangach (móide siombalachas) é.
Thu, 22 May 2014 15:10:49 GMT Fearn http://beo.ie/alt-stadas-na-gaeilge-san-eoraip-an-cur-amu-airgid-e.aspx#comments > Dá mbeadh 200 duine le hardchumas Ghaeilge ann, níl aon dabht go mbeadh An
> Bhruiséil an baile is Gaelaí sa domhan. Seans go rachfainn chun cónaí ann.

Sílim fhéin go bhfuil " 200 duine le hardchumas Ghaeilge " ina gcónaí gar do chéile in iomaí áit in Éirinn cé go mbeadh sé cruaidh orm a chruthú.
Thu, 22 May 2014 12:08:30 GMT Fearn http://beo.ie/alt-stadas-na-gaeilge-san-eoraip-an-cur-amu-airgid-e.aspx#comments > ráiméis atá san alt seo. cuireann an obair "sa mBruiséal" go mór le
> hinfreastruchtúr na Gaeilge, ní bheadh focal.ie, breis.foclóir ná an
> foclóir nua ann murach an t-éileamh a cruthaíodh thall. tá buiséad
> aistriúcháin ag an Eoraip, agus tá siad ag dul a chaitheamh ar an
> aistriúchán - mura gcaitear sciar de ar an nGaeilge caithfear ar theanga
> eile é, ach bí cinnte nach mbainfear sciar as buiséad aistriúcháin an AE
> le tionscadail teanga a chur chun cinn sa Ghaeltacht. Amaidí ar fad a
> leithéid de chaint. Nach bhfuil chuile thír san aontas breac lena
> mionteangacha féin? Níl an AE ag dul ag drannadh leis an gceist sin.
> Tapaigh an deis seo atá an AE a chur ar fáil. Na ceisteanna eile faoi
> shlánú na Gaeltachta - tá siad fíorthábhachtach, ach ceisteanna iad is gá
> a réiteach in Éirinn, trí bhrú an chur ar rialtas na hÉireann agus trí
> ghníomhaíocht phobail. Ná tabhair do shonas ar do dhonas a Dhonncha. Rud
> eile de, dá láidre seasamh na teanga san Eoraip is ea is deacra cearta a
> dhiúltú do lucht a labhartha abhus.

Tagaim leat!
Thu, 22 May 2014 12:04:45 GMT Micil http://beo.ie/alt-stadas-na-gaeilge-san-eoraip-an-cur-amu-airgid-e.aspx#comments Cén chaoi a bhféadfadh an tAontas Eorpach stádas ársa oidhreachta a thabhairt don Ghaeilge bhocht nuair atá sí in ainm is a bheith ina teanga oifigiúil oibre aige freisin. Tá cinneadh le déanamh ag an bpobal sa tír seo. Céard atá uathu? Más stádas mionteanga a theastaíonn ón bpobal, maith go leor, ach ná bígí ag lorg stádas oifigiúil oibre ar ár gcomharsana thall ag an am céanna. An fiú an stádas náisiúnta atá ag an nGaeilge in Éirinn. Gach seans nach fiú, mar go bhfuil sí sa gcruachás ina bhfuil sí i ngeall ar shiombalachas agus an cúpla focal, in áit í a bheith in úsáid mar ghnáth-theanga pobail agus riaracháin na tíre. Ach an bhféadfaí í a úsáid mar ghnáth-theanga riarcháin na tíre nuair nach bhfuil aon chuid de na páipéirí gnó sin ar fáil ná á scríobh i nGaeilge? Cén mhaitheas reachtaíocht a bheith ann i nGaeilge mura bhfuil sí á plé i nGaeilge agus á cur i bhfeidhm go praiticiúil i nGaeilge. Ní féidir í a chur i bhfeidhm go praiticiúil i nGaeilge mar nach bhfuil na billí agus ionstraimí reachtúla ar fáil agus níl aon dáil, seanad ná aon údarás riaracháin eile in ann plé a dhéanamh i nGaeilge faoi reachtaíocht nach bhfuil ann i nGaeilge, gan caint ar chumas daoine í a labhairt agus a scríobh. Aistrítear Achtanna go Gaeilge nuair atá an chaint ar fad thart agus níl an spreagadh fiú ag an Aire féin an tAcht a léamh i nGaeilge faoin am sin. Tá an córas ar fad bunoscionn. Ní fiú reachtaíocht ná páipéirí ná aon rud eile a aistriú nuair atá an chaint déanta. Ba cheart an chaint a dhéanamh i nGaeilge i dtosach agus an rud a scríobh ansin. Go bunúsach, ní fiú an reachtaíocht a bheith á aistriú go Gaeilge mar atá sé á dhéanamh anois…
Wed, 21 May 2014 15:16:47 GMT Seán Mag Leannáin http://beo.ie/alt-stadas-na-gaeilge-san-eoraip-an-cur-amu-airgid-e.aspx#comments Tá an cheist seo thar a bheith tábhachtach do thodhchaí na teanga. Thug mé cuairt ar ionad Cuairteoirí Pharlaimint na hEorpa sa Bhruiséal i mí na Samhna seo caite agus bhí chuile rud ann ar fáil trí Ghaeilge (i bhfoirm labhartha agus scríofa). Bhí an cur i láthair ann ar fheabhas. Ba chúis mhórtais agus gliondar croí dom é go raibh an Ghaeilge suas ansin leis na teangacha Eorpacha eile. Agus chomh maith leis sin ba theistiiméiracht é ar cé chomh éifeachtach is atá an fhoireann bheag aistritheoirí s'againne thall ansin.
Aontaím le DÓD go gcuireann an obair "sa mBruiséal" go mór le hinfreastruchtúr na Gaeilge. Is obair cheannródaíoch í an obair atá ar siúl ag an bhfoireann ansin. Tá siad ar thús cadhnaíochta i bhforbairt na teanga, á leathnú agus á haclú le haghaidh réimsí nua. Tá siad i bhfad chun tosaigh sna cúrsaí seo ar a gcomhghleacaithe i státseirbhís na hÉireann, agus deirim é sin mar iar-Phríomhoifigeach sa tseirbhís anseo. Ba chóir go mbeadh sé ina chúis náire do Rialtas na hÉireann gurb amhlaidh atá an scéal. B’fhéidir go gcuideoidh an chomparáid idirnáisiúnta linn le náire a chur orthu faoi seo sa deireadh.
Wed, 21 May 2014 12:03:04 GMT Páid Ó Donnchú http://beo.ie/alt-stadas-na-gaeilge-san-eoraip-an-cur-amu-airgid-e.aspx#comments Dá mbeadh 200 duine le hardchumas Ghaeilge ann, níl aon dabht go mbeadh An Bhruiséil an baile is Gaelaí sa domhan. Seans go rachfainn chun cónaí ann.
Tue, 20 May 2014 23:17:00 GMT RÓC http://beo.ie/alt-stadas-na-gaeilge-san-eoraip-an-cur-amu-airgid-e.aspx#comments tá cuid mhaith den cheart ag DÓD thuas. Tabhartas ó Dhia is ea an stádas san AE go ghluaiseacht na Gaeilge. Agus teangacha eile (ar nós na catalóinise) ag cur a mbinide amach le dúil sa stádas céanna is doiligh a chreidiúint go bhfuil gaeilgeoirí ann atá chomh seafóideach sin go dtogróidís an stádas céanna a chaitheamh uathu. Níl ach tairbhe le baint ag an nGaeilge as an stádas seo. Níl mór dúinn deireadh a chur leis an maolú gan mhoill agus ansin (deirim ansin, ach i bhfírinne is ceart agus is gá tosú láithreach) nuair is féidir linn talamh slán a dhéanamh de sheasamh oifigiúil na teanga tosú ar an obair is tábhachtaí mar atá na pobail Ghaeilge arb ann dóibh a láidriú agus fíorphobal náisiúnta Gaeilge a chruthú. Sí an Ghaeilge a shlánós an náisiún.
Tue, 20 May 2014 15:45:22 GMT Fearn http://beo.ie/alt-stadas-na-gaeilge-san-eoraip-an-cur-amu-airgid-e.aspx#comments > > Tógadh cinneadh AE faoin gceist in 2005 agus níl dul siar air -
> mar sin, is cur amú ama a bheith á cheistiú 9 mbliana níos déanaí. Dá
> láidre seasamh na teanga san Eoraip is ea is deacra cearta a dhiúltú do
> lucht a labhartha abhus.

Ní shílim go bhfuil an ceart agat. Faoi dhó, a shocraigh ceist na Gaeilge san AE.

An chéad uair nuair a deach Éire isteach ann in 1973, d'iarr an rialtas stadas íseal don Ghaeilge in ainneoin nach ndúilteodh an Cómhargadh, mar a bhí, lánstadas don teanga, mar a bhí ag gach teanga náisiúnta eile ag an am.

Is léir go raibh dul siar an an chinneadh seo, nuair a tháinig ar stadas eile di in 2005.

Muna n-iarrfar, ní bhfaighfear
Fri, 16 May 2014 15:52:56 GMT Seán Ó Riain http://beo.ie/alt-stadas-na-gaeilge-san-eoraip-an-cur-amu-airgid-e.aspx#comments Aontaím nach bhfuil na héilimh éagsúla ag teacht salach ar a chéile. Tá sárobair ar siúl ag CnG san fheachtas seo - tacaímis leo! Mura mbíonn stádas ag an nGaeilge sa Bhruiséil, is lú an stádas a bheidh aici sa bhaile. Tógadh cinneadh AE faoin gceist in 2005 agus níl dul siar air - mar sin, is cur amú ama a bheith á cheistiú 9 mbliana níos déanaí. Dá láidre seasamh na teanga san Eoraip is ea is deacra cearta a dhiúltú do lucht a labhartha abhus.
Thu, 15 May 2014 11:03:45 GMT Seán Ó Riain http://beo.ie/alt-stadas-na-gaeilge-san-eoraip-an-cur-amu-airgid-e.aspx#comments > Is gá le héilimh ChnaG AGUS le héilimh Dhonncha. Ní thagann siad salach ar
> a chéile, agus ní thagann siad as an pota cuimseach chéanna airgid na
> talann. Nuair is mó na héilimh ar an airgead agus ar na talannacha,
> cuirtear leia an airgead agus nochtar na talannacha.
Thu, 15 May 2014 10:58:22 GMT DÓD http://beo.ie/alt-stadas-na-gaeilge-san-eoraip-an-cur-amu-airgid-e.aspx#comments ráiméis atá san alt seo. cuireann an obair "sa mBruiséal" go mór le hinfreastruchtúr na Gaeilge, ní bheadh focal.ie, breis.foclóir ná an foclóir nua ann murach an t-éileamh a cruthaíodh thall. tá buiséad aistriúcháin ag an Eoraip, agus tá siad ag dul a chaitheamh ar an aistriúchán - mura gcaitear sciar de ar an nGaeilge caithfear ar theanga eile é, ach bí cinnte nach mbainfear sciar as buiséad aistriúcháin an AE le tionscadail teanga a chur chun cinn sa Ghaeltacht. Amaidí ar fad a leithéid de chaint. Nach bhfuil chuile thír san aontas breac lena mionteangacha féin? Níl an AE ag dul ag drannadh leis an gceist sin. Tapaigh an deis seo atá an AE a chur ar fáil. Na ceisteanna eile faoi shlánú na Gaeltachta - tá siad fíorthábhachtach, ach ceisteanna iad is gá a réiteach in Éirinn, trí bhrú an chur ar rialtas na hÉireann agus trí ghníomhaíocht phobail. Ná tabhair do shonas ar do dhonas a Dhonncha. Rud eile de, dá láidre seasamh na teanga san Eoraip is ea is deacra cearta a dhiúltú do lucht a labhartha abhus.
Wed, 14 May 2014 16:50:24 GMT Eilís Uí Bhriain http://beo.ie/alt-stadas-na-gaeilge-san-eoraip-an-cur-amu-airgid-e.aspx#comments Aontaím gur "anseo sa bhaile a theastaíonn na haistritheoirí maithe le scoth na Gaeilge " agus ní sa Bhruiséal agus obair ar siul acu nach bhfuil a gcroíthe inti ach ag dul leis an 'siomblachas' mar tá pá saibhir ag baint leis an bpost seo agus an bonn á bhaint de Theanga na Gaeilge sa bhaile. Tá na mílte á chaitheamh ar na cháipéisí seo nach bhfuil léite ag mórán, ag éinne b'fhédiir.
Táimíd faoi scáth an EU anois maidir le todhchaí na Gaeilge agus níl dóthain airgid ar fáil anseo chun obair a chur ar bun agus tionscnaimh a chothú maidir le caomhnú agus forbairt na teangan i measc cos-mhuintir na Gaeilge- tá ár lámha ceangailte agus caighdeán na Gaeilge an-íseal ag teacht amach as na scoileanna.
Wed, 14 May 2014 13:55:44 GMT Fearn http://beo.ie/alt-stadas-na-gaeilge-san-eoraip-an-cur-amu-airgid-e.aspx#comments Is gá le héilimh ChnaG AGUS le héilimh Dhonncha. Ní thagann siad salach ar a chéile, agus ní thagann siad as an pota cuimseach chéanna airgid na talann. Nuair is mó na héilimh ar an airgead agus ar na talannacha, cuirtear leia an airgead agus nochtar na talannacha.
Sat, 10 May 2014 13:25:25 GMT Domhnall Mac an Bhaird http://beo.ie/alt-stadas-na-gaeilge-san-eoraip-an-cur-amu-airgid-e.aspx#comments (i) an dtacóidís leis an smaoineamh go mbeadh aitheantas ag na ceantair ina bhfuil Gaeilge fós á húsáid iontu mar cheantair speisialta chaomhnaithe teanga?
Ceist mhaith. Táthar sásta aitheantas a thabhairt do cheantair ina bhfuil éiceachoras leithleach leochaileach i mbaol ioçntu ceart go leor. Cumá nach ndéanfai amhlaidh do sheoidín chomh luachmhar le teanga atá i mbaol. Cuid bhunusach, eithneach den éiceachoras cultuir is ea teanga na nGael. Tá gleannta, sléibhte, aibhinte, machairí, topaigrafaíocht uile na tíre beo bocht balbh i mBéarla ach labhrann sí agus canann sí in ard a cinn is a gutha trí mheán na Gaeilge. Tá ainmneach rudaí, áiteanna etc fíorthábhachtach; tá sé tábhachtach an chumhacht sin chun nithe a ainmniu agus sinn féin a aimniu a aisghabháil o choncas cultuir na Sasanach chun go mbeidh meas againn athuair ar ár dtimpeallcht agus orainn féin. ('Translatuions' le Brian Friel); An bhfuil toil mhuintir na hEireann leis an teanga agus an bhfuil siad sàsta í a labhairt go hàirithe leis an gcéad ghluin eile?
Fri, 09 May 2014 11:44:13 GMT Traolach Mac Suibhne http://beo.ie/alt-stadas-na-gaeilge-san-eoraip-an-cur-amu-airgid-e.aspx#comments Caisleain san aer is ea e sin agus gan aon bhonn ceart faoi na caisleain cheanna ach bonn gainimhe ata ag imeacht le gaoith o la go la. Cathain a thug Fine Gael tacaiocht riamh don teanga ach iad ag baint uaithi go failli fealltach fimineach. Kenny gona bheal ban breagach ag tlaithinteacht leis an bpobal mar 'dheanfadh fear maith agus an sciain a gearu aige chun feannta d'fhonn craos an Troika a shasamh. Meabhraitear dom an t-amhran iontach sin o Luke Kelly 'For what died the sons of Roisin?"
Wed, 07 May 2014 19:03:05 GMT Rob Mac G http://beo.ie/alt-stadas-na-gaeilge-san-eoraip-an-cur-amu-airgid-e.aspx#comments Ceist fíor-spéisiúil, ar lámh amháin cinnte is rud maith é go bhfuil postanna maithe ar phá ard le fáil thall sa Bhruiséil a bhaineann leis an nGaeilge agus ag an am céanna aitheantas oifigiúil a thabhairt don teanga i lár na hEorpa. Ach an cur i gcéill é nó obair in aisce? Daoine le sár scileanna sa Ghaeilge ag aistriú ar roinnt dos na cáipéisí is leadránaí is féidir a fháil ar domhain? Cáipéisí nach bhfuil fonn ar éinne iad a léamh fiú i mBéarla gan bac leis an nGaeilge. An rud eile atá ar siúl ná cinnte léiríonn an stádas oifigiúil ag an nGaeilge go bhfuil tacaíocht taobh thiar di ón Eoraip ach cad atá ar siúl in ár dtír féin, easpa tacaíochta ón Rialtas, i gcónaí an teanga ag géilleadh don Bhéarla. B'fhéidir ba chóir dúinn comhrá ionraic a bheith againn mar phobal in Éirinn ar thodhchaí na teanga in Éirinn ar an gcéad dul síos agus ár dtigh féin a chur in ord agus in eagar.
Tue, 06 May 2014 18:21:02 GMT sceolann http://beo.ie/alt-stadas-na-gaeilge-san-eoraip-an-cur-amu-airgid-e.aspx#comments Tá sé tábhachtach a Phádraig, go mbeadh ardstádas agus ardghradam ag ár dteanga náisiúnta san Eoraip, go mbeadh sí ar comhchéim leis na mórtheangacha eile agus go dtaispeánfar don saol mór go bhfuil sí inniúil ar shaincheisteanna móra na linne seo i gcúrsaí polaitíochta, airgeadais, eacnamaíochta, cultúir etc a láimhseáil chomh maith céanna le gach teanga eile idir mhór is bheag. A thaispeáint go háirithe go bhfuil meas againn ar ár gcultúr agus ar ár n-oidhreacht féin. Tá ardchaighdeán den chéad scoth bainte amach ag na haistritheoirí a bheidh ina eiseamláir do na glúine atá le teacht. Tugadh muintir na hEireann lántacaíocht don bhfeachtas seo.
Tue, 06 May 2014 13:51:42 GMT Brian Ó Ruairc http://beo.ie/alt-stadas-na-gaeilge-san-eoraip-an-cur-amu-airgid-e.aspx#comments Tá mé cinnte nach beatha teanga gan í a aistriú agus a bheith ag moladh amhlaidh i gCEANNLITREACHA.
Mon, 05 May 2014 23:50:47 GMT seosamh http://beo.ie/alt-stadas-na-gaeilge-san-eoraip-an-cur-amu-airgid-e.aspx#comments 'BEATHA TEANGA I A LABHAIRT' agus NI BEATHA TEANGA I A AISTRIU!
Mon, 05 May 2014 21:30:31 GMT padraig http://beo.ie/alt-stadas-na-gaeilge-san-eoraip-an-cur-amu-airgid-e.aspx#comments Nil san obair aistriuchain ata ar bun san AE ach siombalachas baoth agus cur amu airgid agus ama. Poist bhreatha luachmhara ag daoine ansin thall nach bhfuil a gcroi san obair na sa teanga ag cuid acu.
Ta an bonn a bhaint den teanga gan staonadh sa mbaile agus fior-dhroch-chaighdean Gaeilge ag a lan daltai scoile. Bunaigh Colaiste Oiliuna lan-Ghaeilge athuair - na cinn a chuir Paddy Hillery de dhroim seoil - agus cuir oidi agus muinteoiri ar fail a bheidh inniuil ar Ghaeilge mhaith a mhuineadh, murab ionann agus an bhrilleis atathar a mhuineadh anois.
Mon, 05 May 2014 13:33:28 GMT Indrek http://beo.ie/alt-stadas-na-gaeilge-san-eoraip-an-cur-amu-airgid-e.aspx#comments Sa lá atá inniu ann, as an AE a thagann cuid mhaith de na dlíthe a chuirtear i bhfeidhm ar fud na hEorpa. Mar sin, cén dochar iad a bheith aistrithe go Gaeilge ag daoine oilte sa mBruséil? Go háirithe, más iad na Ballstáit uilig atá ag íoc as a dtuarastal sa gcaoi nach gcuireann sé an oiread sin isteach ar cháiníocóirí na hÉireann...
Fri, 02 May 2014 20:55:57 GMT